mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Erica eriugena - Fraoch na hÉireann « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Thursday, September 11, 2003 - 01:55 pm:   Edit Post Print Post

Ó Liam:

Tá lán focal ann. Ta idir fhocail fíor Ceiltigh agus iasacthtaí ann. Is soiléar an tionchar a bhí ag na teangacha eile ar an nGaeilge. Teangacha mar an Laidin, an Fhraincis, an Bearla - is mheascán idir an Sean Bhearla agus an Fhraincis an Meán Bhearla.

An bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil focail Gaeilge ann le sinsearacht Spáinnigh acu. Bhí baint trachtála idir Éireann agus an Spáin sna Meán aoise Sílím gur trachtáil fíona agus ola a bheadh i gceist.

Meastar gur tháinig an fraoch Éireannach (Irish heath - Erica eriugena) ón Spáin sna báid sin agus nach planda Éireannach é are chor ar bith. Fásann an planda seo i dtuaisairt agus in iarthair na Spainne agus cúpla áiteanna in Iarthair na hEíreann. Má dfhag na Spáinnigh a bplandaí linn bfheidir gur dfhag siad cupla focal linn fosta!

Liam


Más mar sin é, a Liam, dá mb'fhéidir le lucht na heolaíochta am a chruthú do theacht an fhraoigh in Éirinn, bheadh sé ina leideadh áisiúil ag muintir na teangan faoi theacht an duine aneas ar an gconair chéanna.
Mar fhocal Gaeilge, deir DIL linn (Foclóir an Acadaimh) faoi fráech/froích na Sean-Ghaeilge gurb ionann agus 'grug' na Breatnaise é.

Bua is beannacht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona Ni Gháirbhí
Posted on Thursday, September 11, 2003 - 07:09 pm:   Edit Post Print Post

Táim ar mire anseo toisc nách féidir liom an suíomh http a luaigh Seosamh a aimsiú. Ní dóigh liom go ndéanfadh sé maitheas ar bith domsa ná don ríomhaire cic maith a thúirt dó? Ba bhreá liom teacht ar an suíomh.
Bhféidir go gcuirfinn mallacht air dá mbeadh clocha breaca ar fáil!!!
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Friday, September 12, 2003 - 02:10 am:   Edit Post Print Post

Maidir le focail Ghaeilge le sinsearacht Spáinneach, dúirt Seathrún Céitinn an méid seo in "Foras Feasa ar Éirinn":

"... amail atáid focail ón bhFraingcis innte [sa Ghaeilge], atáid focail ón Spáinnis, ón Eadális, ón nGréigis, ón Eabhra, ón Laidin, is ó gach prímhtheangaidh oile innte."

Ar an drochuair dúinn, níor thug sé aon samplaí de na "focail ón Spáinnis". Agus tá mo líon-sa folamh freisin, faraor.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona Ní Gháirbhí
Posted on Friday, September 12, 2003 - 10:21 am:   Edit Post Print Post

A Cháirde, d'aimsigh mé an Suíomh sin ag Donncha. Tá sé thar cinn amach is amach. Táim fior-bhuíoch díbh. Ni baol don ríomhaire go fóill beag - botún a rinne me féin ba chúis leis an deacracht.
Is rí-aoibheann liom Suíomh na nDaltaí mar foghlaimím a lán eolais agus a lán Gaolainne uaidh. Go raibh míle maith agaibh, a dhaoine chaoine a bhunaigh é agus a chara, a chuir me i dteagmháil leis don chéad uair.
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Friday, September 12, 2003 - 12:56 pm:   Edit Post Print Post

Sea a Chaitríona, táimid, muintir na Gaeilge trí chéile, go mór faoi chomaoin ag Donncha, ag na Daltaí anseo agus ag daoine eile i dtíortha eile thar lear as ucht a bhfuil déanta chomh slachtmhar acu ar an idirlíon i dteanga na Gaeilge. Má éiríonn leat bualadh isteach, am éigin, faoi 'Gaeilge trí theangacha eile' ar 'Gaeilge ar an Ghréasán', feicfir tuilleadh den obair shnasta sin. (Níl an nasc ag feidhmiú dom anois díreach.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ní Gháirbhí
Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 03:02 pm:   Edit Post Print Post

A Sheosamh,
Nior thuig mé go dtí anois an méad suime atá ag na hAmericánaigh agus ag daoine as cuid mhaith árd ar domhan sa Ghaeilge. Cheapas gur miorúilt cheart a chonacas i nGleann Cholmcille, i dTír Chonaill i Mí Iúil seo caite. Is rí-aoibheann liom féin ceol na bhfocal sa teanga ársa san, ach chuir sé gliondar chroí orm daoine as tíortha eile ag baint suilt is taitnimhe aisti. Roinnfinn féin an Ghaeilge leis an domhan iomlán in ainneoin na tintrí is na tóirní ar an fhórum eile do Bhéarla agus do Ghaeilge. Nach mbeimís náirithe ós chomhair na cruinne dá dtiocfadh borradh nua ar an nGaeilge tré obair agus tré dhúthracht daoine eachtrannacha, agus an náire sin tuillte go hiomlán againn, faraor!
Caitríona

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge