Author |
Message |
Bernie Uí Bhreathnach
| Posted on Saturday, August 30, 2003 - 07:54 pm: |
|
A chairde, Tá mé ag léamh "Muintir an Oileáin" le Peadar Ó Domhnaill, faoi láthair( aistrithe ag Seosamh Mac Grianna)agus is iontach an Ghaeilge bhlasta atá sa leabhar.Caidé eile atá scríofa ag Mac Grianna é fhéin? Tá "An Ghrá 's an Ghruaim" agus "An Druma Mór" agam ,ach an bhfuil rud ar bith eile ? Le meas , Bernie |
|
Jonas
| Posted on Sunday, August 31, 2003 - 04:38 am: |
|
Tá, scríobh Mac Grianna "Mo Bhealach Féin" agus "Dá mBíodh Ruball ar an Éan". Nílid léite agam, áfach, mar ní féidir liom aon rud a rá mar gheall orthu. Is dócha go bhfuil a fhios agat gur scríobh a dearthair, Séamus Ó Grianna, leabhair chomh maith? Tá na leabhair "Caisleáin Óir" agus "Nuair a bhí mé óg" scríte aige agus iad léite agam. Tá an teanga go h-álainn iontu ach caithfead a rá ná dóigh liom gur scríobhneoir maith ab ea é. Slán go fóill, Jonas |
|
Bernie Uí Bhreathnach
| Posted on Sunday, August 31, 2003 - 05:56 am: |
|
Go raibh maith agat,Jonas, Bhí "Mo Bhealach Féin" dearmadta ar fad agam go dtí gur luaigh tú é ach ní raibh eolas agam riamh faoin ceann eile. Admhaím nach scéaltóir den scoth é ach is aoibhinn liom Gaeilge Thír Chonaill a léamh agus í chomh binn is atá sí aige. slán Bernie |
|
Oliver Grennan
| Posted on Sunday, August 31, 2003 - 08:11 pm: |
|
Tá sliochtanna as scríobhnóireacht Sheosaimh le léamh ar an suíomh "Sabhal Mór Ostaig" ach níl an nasc agam anois, mo leán. Ceist agam. Seosamh Mac Grianna agus a dhearthár Séamus Ó Grianna. Cé acu a d'aithrigh a ainm agus an raibh cúis leis? |
|
Jonas
| Posted on Monday, September 01, 2003 - 11:29 am: |
|
Ní dóigh liom gur aithrigh éinne acu a ainm, níl aon difríocht idir Mac Grianna agus Ó Grianna. Is dócha go bhfuil a fhios agat cé hé an t-Oileánach, an t-údar Blascaodach? Is minic a chifeá a ainm mar "Tomás Ó Criomhthain" agus is minic chifeá e mar "Tomás Mac Criomhthain". Caithfead a rá gur tháinig iontas orm nuair a chnuc "Mac Criomhthain" an chéad uair. |
|
|