Author |
Message |
Liam
| Posted on Friday, August 22, 2003 - 07:34 am: |
|
Bhí me ag éisteacht le h-amhrán ar an sean nós aréir. "Amhrán na Scadán" le Éamon Mac Ruairí ó oileán Thoraí a bhí ann. Bhí focal ann nar thuig mé. An bhfuil duine ar bith ábalta chuidiú liom. Is é an focal ná "treilbh" Sna línte seo a bhí sé: "'S gach uair dar croch mé n'stiúir uirthi 'S le treilbh ina cionn" An bhuíoch díobh uilig Liam ps Bhí mé ar an chúrsa Gaeilge sna sléibhte Thír Chonaill le Bheirnie agus thart fá ceathracha duine eile agus bhí sé go hiontanch. |
|
Dennis
| Posted on Friday, August 22, 2003 - 10:55 am: |
|
trealamh? |
|
Liam
| Posted on Wednesday, September 03, 2003 - 08:51 am: |
|
B'fhéidir go bhfuil an ceart agat mar tá an file nó an t-amhránaí ag caint fan trealamh atá sa bhád aige. An bhuíoch díot Liam |
|
Caitríona Ni Gháirbhí
| Posted on Wednesday, September 03, 2003 - 03:04 pm: |
|
A Liaim, a chara, Is dóigh liom go bfhuil an ceart ag Dennis mar fuair mé an dá fhocal, trealamh agus trealbh i bfhoclóir an Duinnínigh. Ciallaíonn siad attire, nó apparatus - mar "treallamh do chinn", "treallamh tí. Thaitn an t-amhrán san liom. Bhí mé féin thuas i nGleann Cholmcille ag foghlaim Gaeilge agus bhí sé thar cinn ar fad. Caitriona |
|
Chris
| Posted on Wednesday, September 03, 2003 - 09:11 pm: |
|
A Chaitríona, Cathain a raibh tú i nGleann Cholmcille ? Bhí me féin ansin i Mí na Meitheamh ag na ranganna Gaeilge. An raibh tú sasta leis na ranganna ? Shíl mé go raibh siad ar fheabhas. Thaitín na tithe tabhairne go mór liom chomh maith ! Slán, Chris |
|
Dennis
| Posted on Thursday, September 04, 2003 - 01:02 pm: |
|
Maidir le "trealamh", tá sanasaíocht an-deas aige, mar atá "tre (= trí = by, by means of) + lámh. |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Thursday, September 04, 2003 - 01:39 pm: |
|
A Chris, a chara, Bhí an-spraoí agam thuas i nGleann Cholmcille an tseachtain dheiridh de mhí Iúil. Bhí an mhúinteoireacht ar fheabhas agus bhí ól agus ragairne againn ins na tithe tabhairne fosta. Bhuail taom meidhréise mé i nGaeilge agus bhí mé ag síor-chaint, mo léan! Tharla go raibh Uachtarán na hÉireann, a fear céile, Ambasadóir na Breataine agus a bhean chéile ag foghlaim Gaeilge linn thuas. Beidh mé ar ais an bhliain seo chughainn. Slán tamall, Caitríona |
|
Chris
| Posted on Thursday, September 04, 2003 - 07:56 pm: |
|
Dia duit a Chaitríona, Tá súil agam go mbeidh mé féin in ann dul ar ais go dtí Gleann Cholmcille an bhlian seo chugainn. Is doigh liom go fhaightear an "Éire fíor" ansin -- is é an chaoi a bhí Éireann blianta ó shin. Slán go fóill, Chris |
|
Liam
| Posted on Friday, September 05, 2003 - 12:46 pm: |
|
Goide mar ta sibh uilig, Ta an sanasaiocht iontach speisiuil. Is deise dom na focail trealamh agus trealbh anois go bfhuil an t-eolas sin agam - go raibh maith agaibh a Chatriona agus Dennis. Bhi me ar an cursa Oideas Gael a bhi ar suil i gCoimin sna Cnuacha Gorma ag deireadh mi Iuil. Bhi muinteoir ann agus a lan eolas aige ar an sanasaiocht. De bharr sinn bhi na ranganna an speisiuil agus bhain me an sult astu. Maidir le sanasaiochta - chluin me fan focal folain (healthy) = lan de fuil. An bhfuil scealta sanasaiochta ag duine ar bith eile? Liam gabh pardun do ach nilim abalta na fadai a fhail ar an riomhaire seo |
|
Caitríona Ni Gháirbhí
| Posted on Friday, September 05, 2003 - 07:05 pm: |
|
Dia is Muire dhuit,a Chris, Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat. Bhí Éire fíor ann trá agus is trua gur imigh san i léig ach amháin in áiteacha faoi leith cosúil le Gleann Cholmcille. Beidh mé féin ann cinte an bhliain seo chughainn, le cúnamh Dé. Go n-éiridh leat, Caitríona |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Saturday, September 06, 2003 - 08:17 am: |
|
A Liaim, a chara, Is aoibheann liom an sanasaíocht, go mór-mhór na focail trealamh (tré láimh) agus foláin (lán d'fhuil). Go raibh maith agat don eolas úd. Níl aon eolas agam féin chun chur led eolas sanasaíochta féin, ach má thagaim ar cheann, scríobhfaidh mé chughat. Beir bua is beannacht, Caitríona |
|
T. MacEoghain
| Posted on Monday, September 08, 2003 - 03:35 am: |
|
giorria = gearr + fia (fhia) macalla = mac + aille croiméal = crom + béal leiceann = leath + ceann íontach suimiúil, nach bhfuil? |
|
Caitríona Ni Gháirbhí
| Posted on Wednesday, September 10, 2003 - 01:38 pm: |
|
Taithníonn na focail san liom. Tháinig mé ar an bhfocal sanas féin: sain-fhios, eolas speisíalta, eolas diamhair(occult), rún, leide agus mar sin de. Go raibh maith agat a T MacEoghain. Caitríona |
|
Oliver Grennan
| Posted on Thursday, September 11, 2003 - 05:06 am: |
|
Dúradh liom go neascraíonn an focal "bóthar" as Seanghaeilge leis an brí "bealach na mbó". |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, September 11, 2003 - 07:56 am: |
|
|
|
Al Evans
| Posted on Thursday, September 11, 2003 - 08:16 am: |
|
...agus craiceann = craic + ceann.... :-) Níl mé ach ag magadh. --Al Evans |
|
liam
| Posted on Thursday, September 11, 2003 - 10:08 am: |
|
Maith thú a Sheosamh. Tá an suíomh sin le "Stair na bfhocal" ( http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/stair-an-fhocail/) iontach speisiúil. Tá lán focal ann. Ta idir fhocail fíor Ceiltigh agus iasacthtaí ann. Is soiléar an tionchar a bhí ag na teangacha eile ar an nGaeilge. Teangacha mar an Laidin, an Fhraincis, an Bearla - is mheascán idir an Sean Bhearla agus an Fhraincis an Meán Bhearla. An bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil focail Gaeilge ann le sinsearacht Spáinnigh acu. Bhí baint trachtála idir Éireann agus an Spáin sna Meán aoise Sílím gur trachtáil fíona agus ola a bheadh i gceist. Meastar gur tháinig an fraoch Éireannach (Irish heath - Erica eriugena) ón Spáin sna báid sin agus nach planda Éireannach é are chor ar bith. Fásann an planda seo i dtuaisairt agus in iarthair na Spainne agus cúpla áiteanna in Iarthair na hEíreann. Má dfhag na Spáinnigh a bplandaí linn bfheidir gur dfhag siad cupla focal linn fosta! Liam |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, September 11, 2003 - 01:43 pm: |
|
Is féidir go bhfuil snáith iontach spéisiúil dúisithe leis an gceann seo agat a Liam. Mura mhiste leat, bogfaidh mé amach é ina ionad úr ar an suíomh. Seosamh |
|
T. MacEoghain
| Posted on Friday, September 12, 2003 - 01:51 am: |
|
A Chaitríona, sampla eile: BUACHAILL...an duine óg a chruinneadh na BA le CHÉILE, nó mar a deirtear, an gasúr a bheadh ag buachailleacht na ba. -tadhg |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Sunday, September 14, 2003 - 03:58 pm: |
|
A cháirde, Is aoibheann liom na focail úd. Al, ní bheidh mé i ndon féachaint ar an bhfocal "craiceann" go deo arís gan smaoineamh ar "craic ceann". Tá mé ag gáire fós. Nach maith an míniú ar "macalla", sé sin, mac aille - tá san íontach spéisiúil mar bhféidir go dtagann an sanasaíocht ón bpágántacht toisc go bhfuil daonnacht ag dul leis, "mac aille"? Taithníonn "ba le chéile" liom chomh maith, a Thaidhg. Is maith a oireann "bealach na mbó" mar mhíniú ar "bóthar", Oliver. Nach breá ar fad teanga bheo seo na Gaolainne! Ta mé faoi fhíor-chomaoin agaibh go léir as ucht a chur orm smaioneamh ar shanasaíocht na bhfocal san uilig. Caitríona |
|
Oliver Grennan
| Posted on Friday, September 19, 2003 - 10:18 pm: |
|
Is iontach an suiomh é sin ag Dennis King, is breá liom an sanasaíocht freisin, pé teanga atá i gceist. An bhfuil foclóir sanasaíochta na Gaeilge idir láimhe ag aon duine nó cumann? Cad faoin bhfocal seo: macasamhail? |
|
Dennis
| Posted on Saturday, September 20, 2003 - 12:55 pm: |
|
Oliver, a chara, Tá foclóir sanasaíochta ann cheana féin, ach tá locht nó dhó air, mar atá (a) tá sé i bhFraincis: "Léxique étymologique de l'irlandais ancien" an t-ainm atá air; (b) tá sé an-daor; agus (c) níl sé críochnaithe fós: A-D agus M-U atá ar fáil faoi láthair, le bearna fós i lár na haibítre! Dublin Institute for Advanced Studies (DIAS) i gcomhar leis an Centre National de la Recherche Scientifique i bPáras a fhoilsíonn é. Má tá suim agat i sanasaíocht agus i stair na teanga, ba cheart duit súil a thabhairt ar an liosta Old-Irish-L, a bhfuil cartlann aige ag: http://listserv.heanet.ie/old-irish-l.html Bheadh fáilte agus fiche romhat mar bhall den liosta. Maidir le "macasamhail", ó "macc samla" a tháinig sé, "fils de la ressemblance de..." de réir LEIA. D'eascair "samla" ón bhfréamh Ind-eorpach *sem-. Is féidir "similar" agus "same" a dhíorthú ón bhfréamh chéanna. |
|
Oliver Grennan
| Posted on Thursday, September 25, 2003 - 09:45 pm: |
|
Mile buíochas Dennis, as ucht do chuireadh. Beidh mé ag léamh ach is oth liom a rá nach bhfaighfidh sibh mórán seoda feasa ón daoi seo :-) |
|
|