Author |
Message |
Deirdre Nic Gabhann
| Posted on Tuesday, August 19, 2003 - 03:29 pm: |
|
Dia dhuit! Is muinteoir me agus taim i Nua Eabhrac faoi lathair ag glacadh sosa! Mas mian leat casadh liom agus do chomhra a chleachtadh chur e-phost chugam go luath! Deirdre |
|
| Posted on Thursday, February 26, 2004 - 09:50 am: |
|
Dia Dhuit! Is Mise Máire Ni Dhalaigh - an bhfuil tu i Nua Eabhrac anois. Mary |
|
Paul
| Posted on Friday, February 27, 2004 - 12:26 pm: |
|
A Dheirdre, a chara, Fáilte ar ais arís go NY. An mbeidh tú i NY ar feadh tamaill? Tá seisiun eagraithe ag CCE i NY: féach ar http://www.geocities.com/ullmorcce/session Má tá mise ábalta dul chuige an tseachtain seo, beidh mé ann. Níl mé cinnte fós. Tabhair aire duit féin. Paul |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 10, 2004 - 03:34 pm: |
|
Taim Fiona agus taim ina conai san Uaimh ach ta suil agam nuair a bheidh me an daoine fasta teigh me thar lear agus thosoidh me ag scriobh no thosoidh me paipear nuachtain as gaeilge. Briongloid maith |
|
Criostóir (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 10, 2004 - 06:44 pm: |
|
Dia duit a Fhióna, Tá mé féin i mo chónaí i Vermont sna Stáit Aontaithe. Tá Uaimh cóngarach don Ghaelteacht bheag i gcontae na Mí, nach bhfuil ? Ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar an áit sin lá éigin. |
|
Seán Garland (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Saturday, November 13, 2004 - 08:27 am: |
|
A chairde, Le cuidiú Dé, beidh mo chailín agus mé féin ag tabhairt cuairt ar Nua-Eabhrac an tseachtain seo chugainn. Is é seo an chéad uair don bheirt againn a bheith thall i Meiriceá agus, ní nach ionadh, tá muid ag dúil go mór leis. Beidh muid ag fanacht go ceann seactain ar fad agus, ár ndóigh, rachaidh muid ag fámaireacht gan amhras. An bhfuil eolas ag duine ar bith an áit a bhfuil an Ghaeltacht i Nua-Eabhrac? Slán go fóill Seán |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 1 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, November 15, 2004 - 11:26 am: |
|
Babylon! Ar Inis Fada. Is féidir libh teacht chugainn oíche Dhéardaoin ar bith, ar an iarnród ó stáisiún Penn (33 st. agus 8 ave.) Bímid ann ó 7:45 go breis is meánoíche. Tá treoireacha againn ar an suíomh seo: www.scoilgaeilge.org Scríobh chugainn má tá sibh ag teacht. Beidh fáilte romhaibh. |
|
Seán Garland (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Monday, November 15, 2004 - 06:54 pm: |
|
A Shéamais, a chara, Go raibh céad maith agat as an cuireadh sin a thug tú dúinn agus as ucht do chinéaltas. Dhéanfaidh muid ár seacht ndícheall bheith ann an oíche Dhéardaoin seo chugainn más féidir é. Beidh muid ag stopadh in aice le Madison Square Garden agus tuigim go bhfuil an áit sin cóngarach do stáisiún Penn. Slán agus beannacht Seán |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 2 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 16, 2004 - 10:44 am: |
|
Tá. Má tá an Déardaoin seo i gceist (18 Samhain), beidh gach rud go maith. Ach faraor, má tá 25 Samhain i gceist, sin lá saoire Meiriceánach, Lá Altraithe (Thanksgiving), agus ní bheimid ann! Brón orm faoi sin. |
|
Seán Garland (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, November 16, 2004 - 06:18 pm: |
|
A Shéamais, a chara, Ná bí buartha fá dtaobh de. Níl neart air. Is é Lá Altraithe atá i gceist ceart go leor ach is cuma fá sin, bainfidh muid sult as an lá spéisialta sin ar scor ar bith. Le gach dea-ghuí. Seán |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 3 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, November 17, 2004 - 12:31 pm: |
|
Ná déanaigí dearmad ar an mórshiúl! Beidh spraoi agaibh, cinnte. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 424 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 18, 2004 - 04:39 am: |
|
Cá bhfuair tú "Altraithe" ar Thanksgiving, a Shéamais? altú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach] buíochasú Dé (ar son ruda) (bia, an tsláinte, a altú). AIDIACHT BHRIATH. altaithe A bheadh agamsa ar an lá cuimhneacháin úd. An smaoiníonn aoinne ar na hIndiaigh a thartháil na hAithreacha Oilithreach? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 4 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, November 22, 2004 - 10:56 am: |
|
Scríobh mé freagra duit Déardaoin, ach níor chuir mé isteach i gceart é, is dócha. :-( Lá Altaithe a ba chóir dom scríobh, cinnte. Mílitriú a bhí ann. Fuair mé an t-ainm seo fadó ar Gaeilge-B, agus tá sé rí-choitianta. Is dlúthchuid den chomóradh iad na hIndiaigh i gcónaí. Ceist agam ortsa, mar dúshlán - cé a rinne Lá Altaithe ina lá saoire oifigiúil i Meiriceá, den chéad uair? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 6 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, November 25, 2004 - 12:58 pm: |
|
Is é an freagra ná Lincoln. Seo dán nua a chríochnaigh mé inné (sílim), maidir leis na hIndiaigh. http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/danta/Cherokee.htm Níl ann ach píosaí beaga de stair casta, agus níl ann ach sampla amháin de scéal na nIndiach. Is mór an trua go gceaptar gur féidir an scéal mór seo a insint in abairt amháin, go minic. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 468 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 04:42 am: |
|
Mo leithscéal. Ní fhaca do fhreagra. An fáth a chuireas an cheist ná gur inis cara dhom as Ceanada, atá ina chuir faoi i gCalifornia, páiste ag cuir ceist ar a mhathair "Tuige a chomórann muid Lá Altaithe?". An freagra a fuair an leanbh ná "Sin an uair a dhíbear muid na harrachtaigh as Meiricéa". Tá athas orm a chlos nach bhfuil dearmad deanta ar na hInidiagh a shlánaigh na hAthracha (agus maithreacha, gan amhras) oilthreacha. Agus is eol dom go bhfuil an scéal casta. Chaith mé strac fheachaint ar do dhán. Tá cuma maith air. Táim in ndiadh "Laochra na Machairí" le hAnnraoi Ó Liathain a léamh: cur síos ar cogadh na Sioux agus Cheyenne (is dóigh liom) agus an cine geal. Bíonn deacrachtaí ollmhóra ann rimah nuair a thagann dhá saol chomh heagsumhal le saol lucht fiach agus lucht feirmeoireachta le chéile. Agus nuair a bhauiltear mianadoirí anuas ar an dá dream.... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 469 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 04:48 am: |
|
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 7 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 09:38 am: |
|
Chonaic mé an stuif sin freisin. Go bhfios dom, rinne Washington é mar fhéile bliana amháin, agus Lincoln in perpetua. D'aistrigh FDR an lá beagán, cé gurb ionann iad i mbliana (an Déardaoin deireanach Samhna ar dtús, agus an ceathrú Déardaoin mar gheall ar FDR). Tá mórán leabhar deas ann faoi (agus leis) na hIndiaigh. An leabhar nua an ceann sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 471 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 10:24 am: |
|
Ní hea. Foilsiódh sna caogaidí é. Luadh ar clár plé beo é mar chuid de plé ar an údar. Fuaireas ó Kenny's i nGaillimh é. Bím de shíor ag lorg leabhra le teagar iontu le haghaidh mo mhic, go bhfuil craos leitheoireachta air, mar atá orm fhéin. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 8 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, November 29, 2004 - 10:24 am: |
|
Ar léigh sibh Black Elk Speaks? Leabhar clúiteach é sin. Léigh mé é tá 15 bliain ó shin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 484 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 29, 2004 - 10:58 am: |
|
Níor léigh. Gach seans nach mbeadh leabhair an Liatháinaigh léite agam murach é bheith luaite liom agus é bheith i nGaeilge! Níl an oiread sin suime agam dáríre i stair na Stáit; is mó suim atá agam i stair abhus. |
|