Author |
Message |
Bernie Uí Bhreathnach
| Posted on Friday, August 15, 2003 - 06:58 pm: |
|
Tá me tar éis seachtain a chaitheamh ag iarraidh cur le mo stór beag Gaeilge. Seo leanas cuid de na smaointe atá i mo cheann...... Bean fhaiteach ag tarraingt ar chúrsa Gaeilge i measc sléibhte Thír Chonaill Na laethanta go brothallach, meirbh amuigh Stráinséirí as gach cearn ag gabháil go díograsach den Ghaeilge Fear oilte, cneasta darbh ainm Seosamh, i mbun an ranga B'annamh deis mar seo aici, Bheith i measc lucht foghlama Is líofacht na Gaeilge ag méadú in aghaidh an lae Buíochas... Ó Bhernie |
|
Caitríona Ní Ghairbhí
| Posted on Wednesday, September 03, 2003 - 03:39 pm: |
|
A Bhernie, léas do theachtaireacht agus thaithn sí go mór liom. Seo cumhní cinn a scríobh mé féin faoi Ghleann Cholmcille. Cois Gleanna Cluinim fós fuaimeanna Thir Chonaill, capaill Mhannanáin ag damhsa, tré bhláthanna bána na farraige, fidilí ag caoineadh is ag rince, Gaolainn bhinn im thimpeall, is Dónall Óg á chasadh, ag Nóra Ní Guibhir, nótaí maise ar gach guth, mar phiotail bhídeacha, nó mar theannóga chatacha, tré mo chroí agus m'anam, seanchas ag druidim siar is ar aghaidh, síor-atharrach, síor-bhuan, file Mhín A Leith, le síreacht sruthán is sléibhte, in a cheol-fhilíocht bhinn mhilis. Iadsan a chuireann draíocht orm, draíocht a mhairfidh go deo. Caitríona |
|
|