Author |
Message |
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Wednesday, August 06, 2003 - 09:14 pm: |
|
Beidh mé ag foilsiú leabhair de mo chuid filíochta, le cúnamh Dé, go luath. Más file tú (nó má tá suim san fhilíocht agat), agus in ann scríobh as Béarla, is féidir go mbeadh suim agat Béarla a chur ar cheann (nó ar chúpla ceann)de mo chuid dánta. Táim socraithe ar leabhar dátheangach a dhéanamh, agus is é an rud ab fhearr, go scríobhfadh daoine eile cuid de na leaganacha Bearla. Scríobh chugam más maith leat sin a dhéanamh, agus cén dán (nó dánta). Seolfaidh mé na leaganacha is nua díobh chugat. Chun rogha a dhéanamh, féach ar www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/danta. Is é an t-aon luach a bheadh agat ná go mbeadh d'ainm is do leagan (dán) sa leabhar - ach sin rud! Le gach dea-ghuí, Séamas Ó Neachtain |
|
|