Author |
Message |
Seán Garland
| Posted on Tuesday, July 08, 2003 - 02:56 pm: |
|
A chairde, Cad faoi a bhuil mé ag caint, an ea? Cad chuige nach bhfuil moran daoine ag labhairt lena chéile ar an liosta seo atá foscailte chun comhrá a dhéanamh as Gaeilge? Is léir nach raibh duine ar bith ag scríobh teachtaireacta le breis is ceithre seachtain. Cad é atá cearr? An amhaidh nach bhfuil go leor daoine atá ann a bhfuil an Ghaeilge ar a dtóil acu? Ná bíodh eagla de dhíth oraibh. Bainaigí feidhm as bhur gcuid Gaeilge. Seán Mac Gartlan Éire |
|
Pól
| Posted on Tuesday, July 08, 2003 - 04:26 pm: |
|
A Sheáin, a chara, Haló... Cad é mar atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú iontach maith. Tá fhios agam go bhfuil daoine go leor ó NY/Nua Jersey atá ag scríobh go rialta ar an mbord seo: tá drochaimsir ann againn sa cheantar Nua Eabhrac... tá sé beagnach 100 céim inniú, agus bhí an aimsir céanna againn le cúpla seachtain anuas. Bíonn sé ro-te a bheith ag smaoneamh nó ag caint... Ádh mór, Pól |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Wednesday, July 09, 2003 - 12:21 pm: |
|
Buaileann an ciúnas céanna linn gach aon bhliain a chairde liom agus measaim nach aon dochar é mar go gcomharthaíonn sé go bhfuil spéiseanna ag muintir na Gaeilge a tharraingíonn chun na farraige agus chun na Gaeltachta iad sa samhradh. Is féidir gur ag cur lena gcuid Gaeilge atá roinnt acu agus sinne gafa leis an líon mar áis. Caithfidh mé admháil go bhfuair mé deis dhá gheábh a thabhairt ar an nGaeltacht cheana an samhradh seo. Caithfidh mé fanacht abhus seachtain go leith sula mbéarfaidh mé aghaidh ar áille an fhiántais Ghaeltachta. Tá mé ag dréim leis an deis arís cheana. |
|
|