Author |
Message |
Maidhc Ó G.
| Posted on Friday, June 13, 2003 - 03:30 pm: |
|
Dia daoibh, a chairde, An bhféad daoine ar bith an aistriúchán don Bhéarla,"That Others May Live." as an Ghaeilge chugam tabhair go mbeidh é leis do mana seirbhís éigeandála ag úsaid é? Tá súil agam níor raibh é mo Ghaeilge ró-dona é. Go raibh míle maith agaibh, roimh ré. Le meas, Maidhc. |
|
Aonghus
| Posted on Friday, June 13, 2003 - 05:21 pm: |
|
Ar mhaithe le beatha dhaoine eile nó b'fheidir Ar mhaithe le beatha |
|
Maidhc Ó G.
| Posted on Saturday, June 14, 2003 - 10:56 am: |
|
Go raibh míle maith agat, a Aonghuis! |
|
Roibéard
| Posted on Thursday, November 20, 2003 - 06:13 am: |
|
Go mara daoine eile.B'fhéidir. |
|
Conchúr MacLochlainn
| Posted on Sunday, November 30, 2003 - 01:44 pm: |
|
Go maire na daoine eile |
|
Criostoír Ó Brannagáin
| Posted on Tuesday, December 02, 2003 - 08:38 pm: |
|
Dia daoibh a chairde, Tugaim faoi deara nach bhfuil moran teachtaireachtaí scríofa ar an gclár seo le déanaí. Ba mhaith liom labhairt le duine éigin as Gaeilge. Is mian liom mo chuid Gaeilge a fheabhsú. Tá de dhíth orainn níos mó cainteoirí a labhairt le chéile anseo ! Slán go fóill, Criostoír |
|
Oliver
| Posted on Tuesday, December 02, 2003 - 11:42 pm: |
|
Is fíor duit a chara ach is uaigneach an comhrá anseo de gnáth. Gheobhaigh tú comhrá bríomhar (agus go minic greannmhar) ar http://www.beo.ie/ple Tá an iomarca "go raibh míle maith agat" anseo, measaim féin. Ní caint nádúrtha é. |
|
Liam
| Posted on Wednesday, December 03, 2003 - 11:30 am: |
|
A Chriostóir, a chara, Tá brón orm. Bhí tú ag iarraidh comhrá a thosnú anseo, agus d'iarr duine ort imeacht. (?!) Ach cinnte nach raibh éinne ag iarraidh bata agus bóthar a thabhairt dhuit. Cé t-abhar an bhfuil spéis agat ann? An maith leat scannáin? Chuala mé go bhfuil an scannán nua le Paris Hilton an-suimiúil ar fad; ach ní fhaca mé fós é. Tá 'chuile dhuine ag caint faoi le déanaí, agus caithfidh sé a bheith go deas. Beidh orm dul chuig an amharclann leis na gasúracha ar an deireadh seachtaine. Is dóigh go bhfeicfidh muid an scannán le Paris Hilton, mar ní féidir liom aon rud eile ó "Disney" a sheasamh. An bhfuil aon mholadh eile agat dhom? Beir bua, Liam PS - "go raibh míle maith agat" as do theachtaireacht. |
|
Paul
| Posted on Wednesday, December 03, 2003 - 12:58 pm: |
|
A Liam/A Oliver, Cén scéal agaibh? Ba mhaith liomsa fanacht ag an bParis Hilton ach chuala mé go bhfuil gach seomra díolta amach cheana féin. Maidir le scannáin, tá mise ag súil go mór leis an gceann nua, Mystic River. Chonaic mé scannan a rinne an stiúrthoir céanna (Clint Eastwood) agus an scríbhneoir céanna (Brian Helglund), Blood Work, is bhí sé sin ar fheabhas. An bhfaca aon duine an scannán a rinne John Malkovich, The Dancer Upstairs? Ba scéal faoi Peru agus na reabhlóidithe ó The Shining Path é. Tabhair aire, Paul |
|
Oliver
| Posted on Thursday, December 04, 2003 - 03:42 am: |
|
Chonaic mé Paris ag fáil a cuid, mo rogha leannáin í. B'fhéidir go bhfuil an airgead ag cur claonadh ar mo radharc ach ba bhreá liom féin beagán seomraíocht a dhéanamh léi, an cailín fiáin. Ba bhreá liom "Mystic river" a fheiceáil, déanann Clint scannáin den scoth - bhí "Unforgiven" thar barr. Cliosim go bhfuil MR lonnaithe i measc na nGaeil i mBoston, seo téama(?) coitianta anois, tar éis McMullen, Goodwill Hunting, srl. Tá scannán Éireannach ar thaispeáint anseo i Sasana faoi láthair, lonnaithe i mBAC, darbh ainm "Intermission" le Colin Farrell, Colm Meaney (Star Trek) agus roinnt eile. Ag fáil léirmheasanna maithe, fresin. Ní fhaca mé "The Dancer Upstairs" agus ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid ann, ach is breá liom na scannain iargúlta. Nil an t-am agam iad go leir a fheiceáil. |
|
S. Nic Rabhartaigh
| Posted on Friday, January 09, 2004 - 08:01 am: |
|
Dia dhaoibh uilig, Is maith an rud é go bhfuil daoine ag labhairt le chéile anseo arís. Maidir leis na scannáin de, chonnaic mé féin agus m'fhear chéile "The Return of the King" cúpla lá ó shin. Tá sé ar fheabhas. Beidh muid ag dul chun "Cold Mountain" a fheiceáil inniu nó b'fheidir "Kilometro Zero" ( Scannán Spáinnise atá ann.) Anseo i Milwaukee tá an-chuid deiseanna againn scannáin neamh-choitianta a fheiceáil chomh maith leis na cinn a bhíonn's sna h-amharclainn móra. Aontaím libh ar fad go bhfuil Clint ar dóigh. An bhfaca sibh "Absolute Power" cúpla bliain ó shin le Clint agus Gene Hackman? Bhain mé an sult as. Chonnaic mé agallamh le Clint ar an teilifís anseo agus s'éard a dúirt sé féin faoi "Mystic River" ná "It's the best I know how to do". Is dóiche go gcaithfidh muid uilig dul ann mar sin. Slán go fóill agus Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh go léir, Seosaimhín |
|
Criostóir Ó Brannagáin
| Posted on Friday, January 09, 2004 - 10:28 pm: |
|
A Sheosaimhín, Bhain mise an-sult as "Absolute Power" freisin. An bfhaca tú scannáin eile le Clint, mar shampla "The Outlaw Josey Wales" nó "Pink Cadillac", nó "Pale Rider" ? Tá na scannáin sin níos sine ná na cinn a rinne sé le déanaí, ach tá siad thar barr ar aon chuma. Is docha go ndearna Clint go leor leor scannáin faoin am seo. An bhfuil fhios agat cé mhéad ? Cé acu is fearr leat ? Slán go fóill, Criostóir |
|
|