Author |
Message |
Oliver Grennan
| Posted on Friday, June 06, 2003 - 05:38 pm: |
|
An bhfuil na liricí de "Táim i mo shuí" ag éinne. Ní bhfuair mé tada ar Google. Ta an chéad rann agam: Táim i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir ag cur tine síos go buan is ag feadadh go géar Ta bunadh an tí ina luí is tá mise liom féin Tá na coiligh ag glaoch is tá an saol ina gcodladh ach mé Beidh mé buioch má tá na focail go léir ag éinne..... |
|
Beth
| Posted on Friday, June 06, 2003 - 09:00 pm: |
|
seo an leagan as "Cas Amhrán": 'S heacht(?) mh'anam déag do bhéal, do mhala 's do ghrua, do shúil ghorm ghlé faoi 'ar thréig mé aiteas is suairc'; Le cumha 'do dhéidh ní léir dom an bealach a shiúl Is, a chara mo chléibh, tá'n saol a gha'l idir mé 's tú. 'S é 'deir an lucht léinn gur cloíte an galar an grá Char admhaigh mé féin é go ndearn' sé mo chroí istigh 'chrá; Aicíd róghéar, faraoir nár sheachain mé í Chuir sí arraing is céad go géar trí cheartlár mo chroí. Casadh bean sí dom thíos faoi lios Bhéal an Atha, D'fhiafraigh mé dise an scaoilfeadh glas ar bith grá; Is dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh' - Nuair a théann sé faoin chroí cha scaoiltear as é go brách! |
|
rath
| Posted on Sunday, June 08, 2003 - 02:50 pm: |
|
Is brea liom an amhrán seo agus seo é an leagan atá agam - Táim i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir, Ag cur tine síos go buan is á fadú go géar, Tá bunadh an tí ina luí is tá mise liom féin, Tá na coiligh ag glaoch is tá an saol ina gcodladh ach mé. ‘Sheacht mh’anam déag, do bhéal, do mhalaí is do ghrua, Do shúil ghorm ghlé faoinar thréig mé aiteas is suairc, Le cumha i do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúl, Is, a chara mo chléibh, tá an saol ag dul idir mé is tú. Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá. Char admhaigh mé féin é go ndearna sé mo chroí istigh a chrá, Aicíd ró-ghéar, faraoir, nár sheachain mé í, Chuir sí arraing is céad go géar trí cheartlár mo chroí. Casadh bean sí dom thíos ag Lios Bhéal an Átha, D’fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glas ar bith grá, Labhair sí os íseal i mbriathra soineanta sámha, “An grá a théid fan chroí, cha scaoiltear as é go brách." |
|
Oliver Grennan
| Posted on Sunday, June 08, 2003 - 05:27 pm: |
|
GRMMA, a chairde. Is breá liom an fonn sin freisin agus rinne Eleanor McEvoy an jab leis ar an albam "A Jacket of Batteries". slán agus beannacht, Oliver. |
|
Oliver Grennan
| Posted on Thursday, June 19, 2003 - 08:22 pm: |
|
A chairde, Ní thuigim go h-iomlán an nath seo: Sheacht mh'anam déag Is léir go bhfuil an file ag moladh áilleacht na mná ach níl na h-uimhreacha soiléir dom. Cad is brí leo? Míle buíochas, Oliver |
|
Aonghus
| Posted on Friday, June 20, 2003 - 05:21 pm: |
|
Táim ag ceapadh gur mionn atá ann, agus gur leagan ciorraithe atá san amhrán. Deanfad roinnt taighde! |
|
|