Author |
Message |
Breandán Mac Liam
| Posted on Sunday, June 01, 2003 - 01:16 pm: |
|
Gabhaigí mo leithscéal, ní comhrá é seo, ach iarratas daoibhse. An Domhnach seo chugainn beidh léacht i dteangacha go leor in Afrainn na Cincíse. Ba mhaith liom leagan Gaeilge a dhéanamh, ach níl an Bíobla Gaeilge agam. As an Tiomna Nua atá siad - John 14:8-17 agus John 20:19-23. Arbh fhéidir le héinne na sleachta seo a chur chugaim ... as an liosta ab fhearr. Go raibh maith agaibh. Breandán Mac Liam |
|
Lúcas Ó Catháin
| Posted on Wednesday, June 04, 2003 - 08:17 pm: |
|
A Bhreandán a chara, Seo duit é. Lúcas -------------- EOIN 14 8 Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.” 9 Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘ Taispeáin dúinn an tAthair’? 10 Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha. 11 Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa. Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar. 13 Cibé ní a iarrfaidh sibh i m’ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac. 14 Má iarrann sibh aon ní orm i m’ainm, déanfaidh mé é. 15 Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m’aitheanta. 16 Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo – 17 Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh. -------------- EOIN 20 19 Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” 20 Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. 21 Dúirt Íosa leo ansin arís: “Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.” 22 Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo: “Glacaigí an Spiorad Naomh. 23 Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.” |
|
|