Author |
Message |
Bocstaí
| Posted on Sunday, May 18, 2003 - 06:32 pm: |
|
Tá Seirbhís Idirchreidmheach Ghaeilge ar siúl in Ardeaglais na Cille Móire, An Chill Mhór, Co.an Chabháin, 8 Meitheamh ar 3.30 i.n. Is mar cheiliúradh ar shaol agus ar obair an Easpaig William Bedell a chuir Gaeilge ar Shean Tiomna an Bhíobla (1640) atá an ócáid seo á reachtáil. Tuilleadh eolais: An Tor ar Lasadh/Glór Bhréifne (087) 6401682 |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Monday, May 19, 2003 - 05:40 am: |
|
Molann an obair sibh a Bhocstaí. |
|
Aonghus
| Posted on Monday, May 19, 2003 - 05:55 am: |
|
Sit anima mea cum Bedello! Mar a dúirt an té a dúirt Maith sibh! |
|
Bocstaí
| Posted on Monday, May 19, 2003 - 10:55 am: |
|
A Sheosaimh & Aonghus, Go raibh maith agaibh as an mholadh. Bocstaí |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Monday, May 19, 2003 - 02:12 pm: |
|
An mbeidh tú fa Ghleann sa tSamhradh a Bhocstaí? |
|
Bocstaí
| Posted on Tuesday, May 20, 2003 - 01:07 pm: |
|
A Sheosaimh, Is dócha go mbeidh. Níl dátaí socraithe agam go fóill. Céard fút féin? Beidh mé i dteangmháil leat. Bostaí Ó C. |
|
Sesoamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, May 20, 2003 - 02:15 pm: |
|
Tá cúpla sciúird ar na bacáin agus ruaig fa Ghlionn Fhinne ina dhiaidh sin le cúnamh Dé. Is fada uaim go bhfeice mé Mín na bhFiann ar an bhealach isteach ann. Is leordhóthaineach mé de chuid den obair ag an phointe seo! |
|
|