Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Wednesday, May 14, 2003 - 04:25 am: |
|
Feicim Aonghus i mbun an mhéarchláir an chéad rud, bail ó Dhia ort a Aonghuis. Caithfidh sé go nglacann tú leis an tseanchomhairle gur fearr 'luí le huan agus éirí le héan'. Chun oibre sinn! |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, May 14, 2003 - 05:53 am: |
|
Nósanna prúisseacha atá agam, a Sheosamh! Ach féach gurbh é am Nua Eabhrac (dearfhainn) atá ar na tchtí seo, cé go bhfuilimse cois Life seachas cois (cén diabhal abhann atá i NE?) Tá sé anois 10:53 in de réir mo uairedóirse, agus fch gur 5:52 in atá ar an tcht seo! |
|
Paul
| Posted on Wednesday, May 14, 2003 - 08:27 am: |
|
A Aonghuis, a chara, Freagra: An Hudson, ar ndóigh! Tabhair aire, Paul |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Wednesday, May 14, 2003 - 08:41 am: |
|
Tá a fhios agam cá bhfuilir a Aonghuis, cois Life na Long, ach is beag duine eile a bhíos ag greadadh an chláir chomh luath leat! |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, May 14, 2003 - 10:00 am: |
|
Bheul, ós rud é gurbh ríomhaireacht mo ghairm... caithim an lá ar fad os comhair an diabhail gléas Míle maith agat maidir leis an Hudson, a Paul. Shamhlíos an abhann airithe san a bheith níos faide ó thuaidh. Is cosúil go mba cheart dom feachaint ar léarscáil. Theip orm ceann ar líne d'fháil ar maidin. |
|
|