Author |
Message |
T. MacEoghain
| Posted on Tuesday, May 13, 2003 - 12:49 am: |
|
to learn = foghlaim I learn = foghlaimim..???? You learn = I learned = d'fhoghlaim mé etc... I will learn = ? I would learn = ? |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, May 13, 2003 - 04:15 am: |
|
Foghlaimím, foghlaimíonn tú, sé ... Foghlaimeoidh mé, tú, sé ... D'fhoghlaimeoinn, d'fhoghlaimeofá, d'fhoghlaimeodh sé ... Tá sé go léir le fáil go furasta ag an seoladh seo a dhuine mhaith : http://www.csis.ul.ie/focloir/ Níl le déanamh ach an focal 'foghlaim' a chló isteach ann. AIMSIR LÁITHREACH : foghlaimím foghlaimíonn tú foghlaimíonn sé foghlaimíonn sí foghlaimímid foghlaimíonn sibh foghlaimíonn siad Sb. foghlaimítear A. ChAITE d'fhoghlaim mé d'fhoghlaim tú d'fhoghlaim sé d'fhoghlaim sí d'fhoghlaimíomar d'fhoghlaim sibh d'fhoghlaim siad Sb. foghlaimíodh A. GhNÁTHCHAITE d'fhoghlaimínn d'fhoghlaimíteá d'fhoghlaimíodh sé d'fhoghlaimíodh sí d'fhoghlaimímis d'fhoghlaimíodh sibh d'fhoghlaimídís Sb. d'fhoghlaimítí A. FhÁISTINEACH foghlaimeoidh mé foghlaimeoidh tú foghlaimeoidh sé foghlaimeoidh sí foghlaimeoimid foghlaimeoidh sibh foghlaimeoidh siad Sb. foghlaimeofar MODH COINNÍOLLACH d'fhoghlaimeoinn d'fhoghlaimeofá d'fhoghlaimeodh sé d'fhoghlaimeodh sí d'fhoghlaimeoimis d'fhoghlaimeodh sibh d'fhoghlaimeoidís Sb. d'fhoghlaimeofaí M. FOSHSHUITE LÁITHREACH go bhfoghlaimí mé go bhfoghlaimí tú go bhfoghlaimí sé go bhfoghlaimí sí go bhfoghlaimímid go bhfoghlaimí sibh go bhfoghlaimí siad Sb. go bhfoghlaimítear M. ORDAITHE foghlaimím foghlaim foghlaimíodh sé foghlaimíodh sí foghlaimímis foghlaimígí foghlaimídís Sb. foghlaimítear AINM BRIATHAIR foghlaim AIDIACHT BHRIATH. foghlamtha |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, May 13, 2003 - 04:15 am: |
|
A Thadhgh gheobhaidh tú foirmeacha agus aimsir ar fad an bhriathair ag http://www.csis.ul.ie/focloir/ ach leagan éigin a chur isteach mar shampla: LÁITH. foghlaimím foghlaimíonn tú foghlaimíonn sé foghlaimíonn sí foghlaimímid foghlaimíonn sibh foghlaimíonn siad Sb. foghlaimítear |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, May 13, 2003 - 04:17 am: |
|
Móra duit ar maidin a Aonghuis! Is luath ar do chois thú, bail ó Dhia ort! |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, May 13, 2003 - 07:19 am: |
|
An bail céanna ortsa! Ach ní luath, ós rud é go bhfuilim ar an taobh eile den tírín iathghlas s'againne, seachas ar an dtaobh eile den áigéan. Is gnách liom stracfheachaint a chaiteamh anseo sula dtosaím ar lá oibre. |
|
T. MacEoghain
| Posted on Wednesday, May 14, 2003 - 01:34 am: |
|
Go raibh maith agaibh -Tadhg |
|
|