mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2003 (April-June) » Translation « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

PON (62.77.170.121 - 62.77.170.121)
Posted on Friday, May 09, 2003 - 07:40 am:   Edit Post Print Post

Dia Dhaoibh,

An bhfuil a fhios agaibh conas a déarfá "tell him/her I was asking for him/her?" as Gaeilge.

"Abair leis/lei go rabhas á cheistiu ina d(h)iaidh?" Nílim chinnte ar bith go bhfuil sé seo i gceart.

Míle buíochas,


Padraigín

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (193.1.100.104 - 193.1.100.104)
Posted on Friday, May 09, 2003 - 08:37 am:   Edit Post Print Post

Dia duit, a Phádraigín.

Tá sé seo forleathan anois :

Abair leis go rabhas ag cur a thuairisce.

Abair léi go rabhas ag cur a tuairisce.


Maigh Eo:
Abair leis go raibh mé ag cur faisnéise faoi.

Abair léi go raibh mé ag cur faisnéise fúithi.


Abair leis go raibh mé ag fiafraí faoi.

Abair léi go raibh mé ag fiafraí fúithi.


Cloisfidh tú daoine a bheith ag cur faisnéis duine eile : Bhí X ag cur d'fhaisnéise :- Bhí sé ag fiafraí fút.

Dealaíonn Ó Máille 'go raibh mé dá fhiafraí' agus 'go raibh mé ag cur a thuairisce' óna chéile. (An Béal Beo, 1936, lch. 5) D'ainneoin sin, is é a leathnaíodh leis an scolaíocht, measaim.

Is dóigh liom go mbraitheann roinnt cainteoirí maithe eile an fora. réamhfhoc. aisteach mar chaint, in áit aidiacht na seilbhe. Is é sin 'fút', 'faoi', 'fúithi', mar atá in Maigh Eo, in ionad 'do d'fhiafraí', 'dá fhiafraí' srl. mar atá sé acu féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

PON (62.77.170.121 - 62.77.170.121)
Posted on Friday, May 09, 2003 - 10:31 am:   Edit Post Print Post

Dia Dhuit, a Sheosamh,

Tá an t-eolas sin go léir ana-usáideach,
Go raibh míle maith agat!


Mise le meas,

Pádraigín

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (193.1.100.104 - 193.1.100.104)
Posted on Friday, May 09, 2003 - 01:10 pm:   Edit Post Print Post

Fáilte is fiche.

Seosamh

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge