Author |
Message |
will
| Posted on Saturday, April 19, 2003 - 12:54 pm: |
|
an forainm ceisteach..an bhfuil aon duine aithne? |
|
shay
| Posted on Saturday, April 19, 2003 - 12:56 pm: |
|
is iad cá,cé nó céard na forainmeacha ceisteacha, m.s.h, cá ainm atá ort?, cad eile a dúirt sí?, cé atá ag caint? srl... |
|
Aonghus
| Posted on Sunday, April 20, 2003 - 03:56 am: |
|
"cén t-ainm atá ort" a deirimse. NB: Bíonn aithne agat ar dhaoine nó ar áiteanna aithne [ainmfhocal baininscneach den cheathrú díochlaonadh] eolas ar dhuine nó ar rud toisc go n-aithníonn tú é; cosúlacht, riocht (tá aithne bisigh air). Chuirfinnse an cheist thuas mar: "An bhfuil eolas ag aon duine faoin bhforainm ceisteach?" Go bhfios dom, tá freagra Shay ceart, ach go bhfuil barúl agam gur cheart "cá h-ainm atá ort" a scríobh |
|
shay
| Posted on Sunday, April 20, 2003 - 10:48 am: |
|
'cá hainm atá ort' níl aon fleiscín |
|
Aonghus
| Posted on Sunday, April 20, 2003 - 03:14 pm: |
|
Ceart agat Urú (n) agus t roimh guta a thógann fleiscín, ní h. |
|
|