Author |
Message |
Bocstaí
| Posted on Saturday, March 08, 2003 - 01:08 pm: |
|
Tá Ceardlann Amhránaíochta i nGaeilge á reachtáil ag Glór Bhréifne, an Cabhán. Múinfear amhráin shimplí agus déanfar inniúchadh ar chuid de na hamhráin Ghaeilge a bhaineann le Co. an Chabháin. Tá fáilte roimh chách. Cead isteach saor in aisce. Dé Máirt 11 Márta, 8.00 pm sa Tigín Cheann Tuí, Br. Bhéal Átha na nEach, Co. an Chabháin. |
|
Seán Garland
| Posted on Saturday, March 15, 2003 - 11:30 am: |
|
A dhaoine uaisle, Tá cuid mhór imeactaí á reactáil ar fud na tíre don tseachtain seo mar is ceart. Ar ndóigh, beidh morshúil againn i nDún Pádraig an ait a bhfuil Naomh Pádraig curtha dar le rionnt fóinsí. Fad is atá sé an tabhachtach a bheith ag caitheamh seamróg ar an lá, i mo thuairmse, ta sé i bhfad níos tabhachtaí a bheith ag baint feidhm as bhur gcuid Gaeilge achan lá. Ná bíodh eagla oraibh an rud sin a dhéanamh cionn is gurb é sin an dóigh is fearr ár dteanga a chionnail beo agus ár ionnanas Éireannach a chaomhnú chan amháin ar an lá speisialta seo ach ar fud na bliana. Leis sin, an dtig liom a chur chugaibh uilig -Beannachtaí Lá 'le Pádraig daoibh! Is mise le meas, Seán Mac Gartlan Dún Pádraig Co. an Dúin Éire |
|
|