mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Deireadh Seachtaine - Cainteoirí Líofa « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Mac Giodaire
Posted on Saturday, March 01, 2003 - 02:51 pm:   Edit Post Print Post

Cé go bhfuil Daltaí na Gaeilge ag reachtáil Deireadh Seachtainí Gaeilge le 23 bliain anuas agus cé go mbíonn sceideal iomlán againn gach bliain, fós bímid i gcónaí ag lorg bealaí nua le soiscéal na teanga a scaipeadh agus lena mic léinn a shásamh.

Mar sin cuireann sé gliondar ar mo chroí a fhógairt anseo, go mbeidh Deireadh Seachtaine againn aríst i mbliana dona cainteoirí líofa. Murab ionann is na Deireadh Seachtainí eile, ní bheidh cuireadh ag tosaitheoirí freastail ar an gclár seo. Tugann an clár seo deis shainiúil do na Gaeilgeoirí líofa (nó beagnach líofa) deireadh seachtaine iomlán a chaitheamh le chéile báite sa teanga. Beidh seimináir agus léachtaí againn ar ábhair éagsúla. Tá sé ar intinn againn freisin rang gramadaí a thairiscint do na mic léinn a bhfuil fáinní airgead acu. Ag an Deireadh Seachtaine seo beidh ar chuile dhuine Gaeilge amháin a úsáid i rith an ama ar fad, agus beidh cosc ar gach teanga eile.

Obair dháiríre a bheidh ar siúl againn, ach mar sin féin beidh an-spraoi againn freisin. Ist oíche Dé Sathairn beidh béile againn i mbialann áitiúil, agus beidh seisiún againn ina dhiaidh sin. Ná déan dearmad ar do ghléas ceoil má tá ceann agat. Muna bhfuil, beidh muid ag súil le amhrán nó scéal greannmhar nó dán uait. Tá súil againn go mbainfidh tú taithneamh agus fiúntas as an gclár; agus tá muid ag súil le do chomhluadar.

Foirm Chláraithe:
http://www.daltai.com/events/regmrt03.htm

Sonraí agus Eolas an Bhealaigh:
http://www.daltai.com/events/marta03.htm

Dátaí: Idir an 28ú agus an 30ú lá de Mhárta 2003.
Suíomh: Haven Beach Motel, Long Beach Island (Ocean County), New Jersey.
Costas: $120 an duine ar lóistíní, béilí agus na h-imeachtaí go léir.
Béilí: Dé Sathairn-Trí bhéile; Dé Domhnaigh-Bricfeasta & Lón. (Dé hAoine - Tada)
Clárú: Spriocdháta - An 21ú lá de Mhárta.
Am Teacht: Dé hAoine - Am ar bith thar éis 5:00 i.n. Cruinniú Tosaigh - 9:00 i.n.

Ceisteanna: Cuir glaoch ar Liam (732) 571-1988 nó Pádraig (732) 291-5426.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge