Mhothaíos aréir go raibh ráchairt thar na bearta ar an saothar so agus go bhfuil sé deacair cheana féin teacht air sna siopaí. Níl a fhios agam cé mhéad cóipeanna a bhí sa chéad chló, ach táthar ag caint ar athchló, go luath.
Sin dea-scéala a thabharfas misneach dúinn.
Ó Bhéal an Bhab le 2 chaiséad
Ó Bhéal an Bhab le 2 chaiséad Cnuas-scéalta Bhab Feiritéar / Stories from Bab Feiritéar Bo Almqvist (eag) Roibeard Ó Cathasaigh (eag.) ISBN 1 902420 83 7
Sa chnuasach breá seo faighimid blaiseadh de repertoire an Bhab, le 19 scéal idir fhinscéalta agus rannscéalta agus scéalta grinn. Beidh an cnuasach seo ina sheoid dóibh siúd ar suim leo an b...