mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » An Ghaeilge sa Ghaeltachtaí imithe go deo? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Ó Briain
Posted on Monday, January 06, 2003 - 04:22 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel, cheannaíos mo chóip de Foinse inné agus bhí sé dochreidte cad a raibh á léamh agam maidir le 20,000 san Fhíorgaeltacht anois agus 20,000 eile in áiteachai a bhfuil an-lag faoi labhairt an Gaelainn. Sé mo bharúil anois go mba chóir don Rialtas agus go háirithe an t-Aire Ó Cuív stadás Gaeltachta a choiméad don fhíorgaeltachtaí amháin -Deisceart Chonamara, Iarthuisceart Dhun na nGall, Corca Dhuibhne, Na hoiléain Árainn agus Ceathrú Thadhg is Eachléim i Mhaigh Eo. Bheadh Corr na Mona, Cúil Aodha, Árainn Mór agus Anagaire go Cró Béithe ábalta BreacGaeltacht a bhaint amach. Fimíneacht go bhfuil Gaeltacht i Mhuscraí le 28 teaghlach ag fáil deontas Scéim labhairt na Gaeilge as 322 teaghlaigh agus ar a laghad an uimhir chéana ar Bóthar Seoige agus Bóthar na Bhfál i mBéal Feirste nach bhfuil aon stadás acu. Tá níos mó teaghlaigh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná i Rath Chairn nó Rinn ó gCuanach. Táim cinnte go bhfuil níos mó teaghlaigh lán Ghaelach i gCaisléan Nua Thiar Co. Luimnigh ná in Acaill(5 teaghlaigh). I mo pharóiste i Luimneach tá an méid teaghlaigh le Gaeilge ná mar atá i nDeisceart Mhaigh Eo (3). Níor chóir d'Údarás na Gaeltacha tacú le Tuar Mhic Éadaigh, Béal an Mhuirthead, Acaill, an Clochán Liath, Bearna, Ailt an Chorrain, Gleann Columbcille srl le tógraí agus tionscadal. Is maisle mór é do chlann i Gaobh Dobhair go bhfuil stadás Gaeltachta ag áit mar Gleann Columbcille nach bhfuil? Cad a dhéanfaimid? Stailc ocras, máirséail tríd Bhléa Chliath go dtí Dáil agus Seanad an tír seo nó léírséail? Caithfidh muid agóidí a dhéanamh mar atá ar siúl sa Bhreatain Bhig. Rinne siad agóid mór timpeall an Eistfodd. Tá siad imníoch maidir le Breatnais agus 500,000 cainteoirí acu!!! Tá sé ar intinn agam fógra leathanach amháin a cheannach sa pháipéar Foinse nó i Lá chun máirséail a eagrú ag iarraidh ar an Rialtas díriú ar ceantair Láidir agus ceantair lag a chaitheamh amach chun seans níos fairéalta a tabhairt don Cheathrún Rua srl an Ghaelainn a chóiméad beo beathach. Táimse tinn tuirseach faoi Conradh na Gaeilge agus chuile eagrais eile ag tabhairt aghaidh ar Gaeilge a chur chun cinn sa Ghalltacht áit inar theip siad go dtí seo agus teipfidh siad aríst agus gan tacú leis na miongaeltachtaí An Rinn, Rath Chairn, Béal Átha an Ghaorthaidh agus na mílte eile le airgeag agus infheistiú . B'fHéidir go bhfuil sé ró- dhéanach aon rud a dhéanamh anois. Tá sé anois de dhulgas ag chuile cainteoir atá i mBaile Átha Cliath, Doire Colmcille, Aonach Urnhumhan, Trá Lí, Luimneach agus ó cheann cheann tíre agóidí a dhéanamh ar son teanga stáiriúl iontach seo. An lá a mbeidh Éire gan aon Gaeilge beidh me ag fágáil an tír go deo ar imirce!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Oliver Grennan
Posted on Monday, January 06, 2003 - 09:16 pm:   Edit Post Print Post

Tá agallamh ar an cheist seo ar siúl ar www.beo.ie. (muna bhfaigheann tú freagra anseo).
Ní féidir liom tuairim a thabhairt mar níl eolas ar bith agam ar na "Gaeltachtaí", mar dhea. Dearfainn, áfach, go bhfuil an Gaeilge sna ceantracha sin níos fíuntaí (ó thaobh stair ar a laghad) ná an labhairt plandaithe sna cathracha.
Cuireann sé poll i m'ionathar a chloistéail gur is cuma an tsioc leo sna Gaeltachtaí ach sin an nádúr daonna.

Ádh mór,
Oliver.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge