mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » El Nino « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól ()
Posted on Tuesday, December 17, 2002 - 10:31 am:   Edit Post Print Post

Maidin mhaith, a chairde,
Measann sibh go mbíonn an aimsir ag eirigh níos aisteacha na laethanta seo?
Chuala mé go bhfuil ‘El Nino’ ar ais arís agus beidh an gheimreadh lán
le stoirmeacha i Meiriceá. Tá an aimsir an-fhuar i gceantar Nua Jersey/Nua Eabhrac
cheana féin agus níl an gheimreadh ann fós i ndáiríre.
Is dóigh liom go bhfuil an rud céanna ag tarlú in Éireann:
chonaic mé alt i bhFoinse go bhfuil an bealach idir Rann na Féirste
agus Anagaire tuilte an cuid is mó den am faoi láthair.
Tá áthas orm go bhfuil mise isteach ar lá mar seo, ag ól
cupán deas te tae den cuid Lyons Pyramid Bag.
Slán tamall,
Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí ()
Posted on Wednesday, December 18, 2002 - 05:36 am:   Edit Post Print Post

Bail ó Dhia ort ar maidin Dé Céadaoin anoir as Luimneach na long a Phóil.

Tháinig Tuamhain (Tuaisceart na Mumhan) slán tirim cuid mhaith le roinnt seachtainí. Fliuchadh mé i mBÁC Dé Luain, ach bhí an aimsir go deas geal fuar ar shroichint Tuamhain dom istoíche. Ba ghá beatha a fhágáil amach do na héin agus don sionnach. Theastódh sé. An méid a leagas amach ag an ngadaí rua, bhí sé crochta leis aige in achar an-ghairid. Uair an chloig nó mar sin.

Thrasnaigh mé áth ar an abhainn thíos ón teach aréir le solas na gealaí. Níorbh fhéidir an t-áth céanna a fhéachaint le tamall fada roimhe seo.

Breathnaíonn an tír máguaird thar cinn san aimsir seo. Gura fada amhlaidh í.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Wednesday, December 18, 2002 - 01:35 pm:   Edit Post Print Post

A Sheosaimh, a chara,
Tráthnóna maith agat.
Tá athás orm a chloisteáil go bhfuil gach aon rud i gceart i gContae Luimní (tá cairde agamsa atá cónaí orthu i gCoir Bhaile). Bhí tusa in ann pictiúr deas a phéantáil le do theachtaireacht. Tháinig aimsir difriúil chugainn inniu i NJ/NY: geal grianmhar, agus i bhfad níos mó cairdiúl; shiúl slua timpeall i lár na cathrach ag um lón...
Slán tamall, Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí ()
Posted on Wednesday, December 18, 2002 - 02:08 pm:   Edit Post Print Post

Tá a fhios agam an Corrbhaile ach is fíorannamh go mbeinn amuigh an taobh sin. Is le taobh eile na habhann mé agus le Tiobraid Árann istoíche. Codladh le (Sliabh) Coimeálta agus sleamhnú isteach le taobh Abhainn na Sionainne ar maidin chuig an obair.

An bhfuilir féin i ngar do Chontae Mhuiris? Tá mac deartháir liom thart ansin i gcónaí cé gur chaith sé roinnt dá óige ar thaobh seo na teiscinne. Tá sé ag bordáil ar leath troighe níos airde ná mé agus d'iosfadh sé níos mó de bhéile! Fear gnaíúil.

Go maire sibh an aimsir bhreá.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Thursday, December 19, 2002 - 12:01 pm:   Edit Post Print Post

A Sheosaimh, a chara,
Tá, cinnte. Níl mé i mo chónaí ach fiche nóiméad ó Chontae Mhuiris.
Áit tarraingteach stairiúl... Bhí cónaí ar George Washington ann i rith an
Reabhlóide.
Tá mé ag léamh faoi reabhlóid eile faoi láthair: píosa den chuid an íriseoir
James Stephens faoin Éirí Amach. Taitníonn sé go mór liom. Is breá liom
nuair atá leabhar maith agam...
Chuala mé go mbeidh bunscoil lánGhaeilge nua i Ratheen. Nuacht maith, go deimhin.
Slán tamall, Pól

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge