Author |
Message |
Tadhg MacEoghain
| Posted on Tuesday, October 22, 2002 - 09:20 pm: |
|
an bhfuil eolas ar duine ar bith faoi cursai na gaeilge sa ghaeltacht (Dun na nGall no Gaillimh) sa samhradh seo chugainn? Cen chursa is fearr libh? Go raibh maith agat, le meas, Tadhg |
|
Larry
| Posted on Wednesday, October 23, 2002 - 06:09 am: |
|
A Thaidgh, a chara, Níl a fhios agam faoi samradh, ach tugann Oideas Gael tacaíocht do mhórán cúsaí Gaeilge ar fud an domhnain. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo agus eolas a fháil ar cheann acu sin in aice leat féin. Fón +353 (0)73 30248 nó www.Oideas-Gael.com Le meas, Larry. |
|
Jonas
| Posted on Wednesday, October 23, 2002 - 06:01 pm: |
|
Tá a eolas agam go maith, ach cad 'na thaobh i nDún na nGall nó i nGaillimh? Tá Gaeltachtaí eile leis. Pé scéal é, seo cúpla duit. Cuir ceist má tá aon eolas eile uait, tá eolas réasúnta maith agam ar na cúrsaí seo (agus cúrsaí eile) www.oideas-gael.com Cúrsa i nGleann Cholmcille, Dún na nGall. Ní fíorGhaeltacht é Gleann Cholmcille ach tá an cúrsa go maith. www.corca-dhuibhne.com Cúrsa i mBaile an Fheirtéaraigh, Ciarraí. fíorGhaeltacht is ea í Corca Dhuibhne, tá gach duine ag labhairt na teangan. Tá an cúrsa ana-mhaith leis. www.gaelstor.com Cúrsa ar an gCeathrún Rua, Gaillimh. fíorGhaeltacht eile is ea í seo, agus deirtear go bhfuil an cúrsa go maith. www.rathcairn.com Cúrsa i Rath Cáirn, An Mhí. Ní fíorGhaeltacht é Rath Cáirn, ach tá sé in aice Bhaile Átha Cliath. Bhíos féin ar an gcúrsa i gCorca Dhuibhne agus bhí sé thar a bheith go maith. |
|
|