A chairde,
Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas faoi ócáid a bhéas ag teacht aníos i gCo. an Chabháin ar an 20/21 Meán Fómhair. Tá na sonraí thíos. Tá fáilte roimh chách
Teanga: Ár nOidhreacht Bheo
Seimineár Gaeilge
Ionad Ealaíne agus Cultúir Bhealach Aodha
Béal Átha Conaill, Co. an Chabháin
Tráthnóna Dé hAoine 20 & Dé Sathairn 21 Meán Fómhair
Cainteoirí & Ábhair:
Pádraig Ó Cuinneagáin: Béal Átha na nEach, Co. an Chabháin
Gnéithe na Gaeilge i gContae an Chabháin
Seosamh Mac Donncha: Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge agus
Iar-Uachtarán an Chumann Lúthchleas Gael
Foras na Gaeilge agus a pháirt i gcur chun cinn na Gaeilge
Seosamh Mac Muirí: Ollscoil Luimnigh
Saibhreas na Gaeilge i mBréifne
Séamus Mac Aindreasa: Glór na nGael, Oifigeach Chúige Uladh
Glór na nGael: Ag tacú le forbairt na Gaeilge ar bhonn áitiúil
Séamus Ó hUltacháin: An Bhlaic, Co. an Chabháin
Éigse Chathail Bhuí agus na himeachtaí gaolmhara Gaeilge agus cultúir sa Bhlaic agus sa cheantar máguaird
Colm Ó Dúlacháin: Gaelscoileanna, Oifigeach Connacht-Uladh
Gaelscoileanna: Oideachas trí mheán na Gaeilge, an fás agus a rath
Mary Delargy: Ollscoil Uladh, Coláiste Mhic Aoidh, Doire
Twisted Tongues: Ulster Scots and its influence on English as we speak it
Bríd Ní Chonghóile: Gaillimh le Gaeilge, Gailimh
Gaillimh le Gaeilge: Straitéisí rathúla chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt
Tá an ócáid seo comhordaithe ag Forbairt Tuaithe an Chabháin - Muineacháin & maoinithe ag an Chlár Athmhuintearais agus Síochána
Tá an clár iomlán & sonraí áirithe ar fáil trí theagmháil a dhéanamh le:
Niamh Mc Grath,
Oifigeach Forbartha Oidhreachta,
Comharchumann Forbartha Tuaithe an Chabháin-Muineacháin,
An Coláiste Talmhaíochta, Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin
(049) 4338477 nó