mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » An bhfuil scéal ag éinne? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Friday, August 16, 2002 - 09:40 am:   Edit Post Print Post

Maidin mhaith go léir.
An bhfuil scéal agaibh?
Táim san oifig anois, le hoíbre go leor le déanamh...
ach beidh deis agam anois is arís i rith an lae
a bheith ag glacadh páirt i gcomhrá.
Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Chris Branagan
Posted on Sunday, August 18, 2002 - 07:44 pm:   Edit Post Print Post

Trathnona mhaith go léir. Nil moran Gaeilge agam, ach taim ag iarradh i a fhail. Ba mhaith liom de bheith ag caint le daoine
sa "seomra comhra" seo.

Beidh me ag goil go dti an Deiradh Seachtaine le Daltai na Gaeilge i Mean Fomhair.

Ta suil agam go bhfuil me in ann Gaeilge a fhoglaim.

Le meas,

Chris

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis Leyden
Posted on Tuesday, August 20, 2002 - 03:17 pm:   Edit Post Print Post

Tráthóna bhaith go léir. Go raith maith agaibh ar chomhrá seo. Foghlaim Gaeilge le thart ar a seacht míanna. Cén fad a foghlann sibh Gaeilge? Tá deacreacht agam ag faigh an aimsir, ach tá se go maith ag déanamh staidéar aimsir bheag gach lá.

Caithfidh mé dul ag obair!

Dennis

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Wednesday, August 21, 2002 - 05:36 am:   Edit Post Print Post

Maidin gheal ghlan agus iontach soiléir anseo in Éirinn a chairde.
Is aoibhinn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James
Posted on Thursday, August 22, 2002 - 04:42 pm:   Edit Post Print Post

Tráthóna bhaith go léir. Tá mo céad iarracht ar chomhrá seo. Tá me ag foghlaim Gaeilge nach mór do mblíana. Tá me i mo chonaí i Carolina tuaisceart. Tá se an tirim anseo. Niltear baisteach go leor. Tá cúngú uisce i mo contae.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Friday, August 23, 2002 - 09:36 am:   Edit Post Print Post

Maidin mhaith go léir.
Tá súil go agam go bhfuil sibh go maith inniú.
(Thosaigh mé comhrá ansin tamall ó shin...
ní raibh seans agam ag glacadh páirt
mar gheall bhí sé gnóthach san oifig ansin. Na bligeardaí!)
Scéal nua ag éine?
Tá mise ag dul chuig comórtas fidleoireachta amárach,
's tá mé ag súil go mór leis.

Slan tamall, Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis Leyden
Posted on Monday, August 26, 2002 - 02:36 pm:   Edit Post Print Post

A chairde,

Tráhóna bhaith go leir (bhí sé "maidin mhaith", ach táim chomh mall!). Tá an aimsir dheas in Éirinn. Tá mise leis i mo chonaí i gCarolina Tuarscearte sa cathair Greensboro (Glais-buirg?!). Tá triomach anseo. Tá m'fhaiche marbh (níl sé donn; tá sé anamharbh) agus tá cúngú uisce anseo leis. Tá sé go holc. Conas bhí an comórtas fidleoireachta? Is maith liom ceol fidle, agus is maith liom an grúpa Altán. Bhuel! Tá an foclóir dom tuirseach.

Slán,

Dennis

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Monday, August 26, 2002 - 03:59 pm:   Edit Post Print Post

Denis, a chara,
Go raibh maith agat as an teachtaireacht. Tá an aimsir thar tírim i Nua Jersey chomh maith. Bhí storm mór le tointreach againn Dé Sathairn, ach is dóigh liom ní dhearna tada é... Tá chuile rud leathmharbh fós.
Bhain mé sult as an gcomortas fidleoireachta. (Ní raibh mise ag glacadh páirt). Bhí slua cairdiuil ann, agus bhí rudai blasta (uachtar reoite, sailéad trataí, et al)
le fáil chomh maith. Bhí stíleanna difriúla le cloisteail ann: Gaelach, Albanach, 'bluegrass,' 'Old-timey,' (mar a déirtear i Meiriceá... b'fhéidir go bhfuil ceangal ann leis an stíl 'sean nós').
Bhuel, caithfidh mé oibre le déanamh.
Slán tamall, Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James
Posted on Tuesday, August 27, 2002 - 09:44 am:   Edit Post Print Post

A Chairde,

Tá me ag foghlaim an bodhrán ach tá tosaitheoir me. Seinimm (gramadach??) go holc. Nil rithim agam na smacht de cipín. Tá me ag foghlaim fós.

Denis, a chara, Tá me i mo chonaí i giúis deiscearth (Southern Pines) nach mór ná do uair ar shiúl. Bhí athás orm nuair chonaic me dalta (mac leinn??) eile na gaeilge chomh dlúth! An bhfuil tú ag obair as UNC-G? (Ábhar suarach: Bhí m'uncail i bhfad Dunquín Mac Iobhar.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Tuesday, August 27, 2002 - 12:02 pm:   Edit Post Print Post

A James, a chara,
Go néirí leat leis an mbodhrán. Is breá liomsa an uirlis sin... go háirithe nuair a tá daoine mar Colm Murphy, Tommy Hayes, nó Christy Mór ag seinm air.
Nuair a bhí mé ag an gcomórtas sin cúpla lá ó ann, bhí bean ann a tá ag seinm ar an 'bones,' 's bhí sí ar fheabhas.
Béir bua, Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James
Posted on Thursday, August 29, 2002 - 01:27 pm:   Edit Post Print Post

A Phól,


Diadh ar ndiadh feabhsaigh agam. Tá an priomhbhac. Níl tallan ceolmhar orm. Chuala me is fear seinn an bodhrán le an lann scine. Cé go níl se seinnteoir bodhránach (gramadach?)

Tá se amhrán an teideal "Amhrán Mhuinse" air. Tá fhios agat? Chuala me ar Inis Mór. An grupá "Ragús" seinnan é. Tá a CD agam. (gramadach??) Tá ceol fantaiseach.

(Ceartuchanai as bearla ar leathanach eile, le do thoil.)

Le meas,

James

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Friday, August 30, 2002 - 10:08 am:   Edit Post Print Post

A James, a chara,
Maidin mhaith. Bhí súil agam go mbeadh seans agam a bheith ag glacadh páirt sa chomhrá seo níos
minice, ach níor tharla sé.
Ar aon nós: an bhfuair tú an CD (nó dlúthdhiosc) sin ag ceolchoirm Ragus? An bhfaca tú
ar Inis Mór iad? Chuala mé go raibh siad ar thuras timpeall na tíre chomh maith.
Na laethanta seo, éistim le CD Johnny Connolly beagnach gach lá. Is boscadóir den scoth é.
Slán tamall, Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis Leyden
Posted on Friday, September 06, 2002 - 09:42 am:   Edit Post Print Post

A chairde,

Tá cathú orm go níor d'fhreagair mé luath mór. Bhí gnóthach ag obáir (tá a fhios agam --- níl leathscéal sin!). James, a chara, táim ag obáir as UNCG. Múinim eacnamaíocht agus táim stiúrthoir an cláir onóracha (?). Tá sé iontach go bhí uncail duit i bhfad Dunquín Mac Iobhar! Aon scéal leis agat? Do na daoine eile: bhí búnaitheoir na hollscoile Dunquín Mac Iobhar. Tosaigh sé UNCG mar ollscoil ban a céad bliana fadó. A Phóil, cá bhfuil tú i do chonaí i Nua Jersey? Is ó Cathair Jersey mo thuismitheoirí. Bhí sé ag cur baistí anseo (sa deireagh thiar). Tá sriain uisce again fós, ach tá cursaí níos fearr.

Slán tamall,

Dennis

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James
Posted on Monday, September 09, 2002 - 08:12 am:   Edit Post Print Post

A Phoil,

Chuala mé iad ar Inís Mór san halla ann. Fuair mé an CD tar éis a ceolchoirm. Bhí sé amhránaí ann le glór chomh ion. Chasann sé Amhrán Mhuinse gan tionlacan. Bhí go hálainn. Níl dearmadin é riamh. An bhfuil eolas agat ar an grupa Ragús? (Cruachás agam mar gheall ar an abairt um "thuras timpeall na tire")

Dennis, A chara,

Tá m'uncail dar gclann faoi ar seanmháthair. Níl a cáil ná fortún orainn!

Le meas, mo chairde,

James

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

ljguardi
Posted on Tuesday, September 10, 2002 - 11:38 pm:   Edit Post Print Post

Is deas an aimsir é inniu cé go bhfuil sé níos teocha ná a bhí sé bliain ó shin, lá na hanachain. Cuireann an t-am seo den bhliain a lán smaointe brónacha in intinn an Gaelgeora áirithe seo. Tá go leor anseo atá faoi imni faoi a bheith ag dul ag obair ar an bhfobhealach nó fiu faoi a bheith ag dul go Manhattan amarach. Maidir liom féin tá mé ag ceapadh go dtiocfaidh mé -- cé nach n-oibrím in Manhattan ach i mBruiclín -- go dtí an áit oibre (Cúirt Uachtarach Chontae an Rí, ar Adams St.) ar an mbus. Céard fuibhse?
An mbeadh imeachtaí speisialta faoi 9/11 san áit a bhfuil sibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

gaeil ard mhacha
Posted on Thursday, September 12, 2002 - 10:48 am:   Edit Post Print Post

Dia dhaoibh go léir Gaeilgeoirí ar an idirlín ó Gaeilgeoirí Ard Mhacha. Tá súil agam go mbeidh sibh ag féachaint ar an cluiche mór Dé Domhnaigh seo chugainn agus tacaíocht a thabhairt d'Ard Mhacha. Ard Mhacha abú! Tá ár lá tagtha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cloonfad
Posted on Thursday, September 12, 2002 - 08:33 pm:   Edit Post Print Post

Dia dhaoibh go leir. Silim nach bhfuil moran Gaeilgeoiri san ait seo. Taim i mo gconai i Vermont. Nil aithne agam ar aon duine san ait seo, go bhfuil Gaeilge aige. Rachaidh me go dti Deiradh Seactaine na Gaeilge i Nua Eabhrac amarach.

Slan,

Cloonfad

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Friday, September 13, 2002 - 09:44 am:   Edit Post Print Post

Maidin mhaith, a Chloonfad:
Is doigh liom go bhfuil sé fuar cheanna féin i Vermont na laethanta seo.
Feicim go bhfuil cúpla rang Gaeilge ar siúl i Vermont. An bhfuair tú do chuid Gaeilge ansin?
Bain sult as an deireadh seachtaine in Esopus.
Slán tamall,
Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Thursday, September 26, 2002 - 02:02 pm:   Edit Post Print Post

Maith sibh!
Coinnigí ag caint le chéile! Sin mar a fhoghlaímtear an teanga. Tá mé féin i mo shuí ag an ríomhrá i Milwaukee, Wisconsin. Is as Tír Chonaill mé agus tá "B.A. (Hons) Sean agus Nua Ghaeilge, sa teanga agus san litríocht" agam ó Cholaiste na Tríonóide i mBaile Atha Cliath. Tá an suim agam sa cheol, go h-áirithe an sean nós agus fósta amhráin nua-chumtha i nGaeilge. Tá mé ag teagaisc rang Gaeilge Meán-leibheál le bliain go leith anúas i dteach tabhairne sa chuid oirthear dén chathair seo. Tá mé ag súil le breith mo chéad linbh i mí na Samhna. Ba bhreá liom teacht anseo agus cómhra a bheith agam as Gaeilge le cibé duine achán lá, más féidir.
Mar sin de, coinnigí súas bhur gcuid misneach agus bígí ag labhairt!
Seosaí

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Friday, September 27, 2002 - 01:56 pm:   Edit Post Print Post

A Sheosamhín, a chara,
Cad é mar a tá tú?
Tá giota beag againn ón stórm sin atá sa Gulf Coast, agus tá sé ag cur báiste anseo i NJ.
Lá Éireanach, beagnach.
Ar aon chór, déir tú go bhfuil suim agat in amhráin nua-chumtha: cad a cheapann faoi
'Éist do Bhéal' le Sineád Lohan? Tá sé scríofa ag Louis de Paor 's John Spillane. Measaim
go bhfuil sé go hiontach, pórt bríomhar, agus focail suimiúila chomh maith. 'Hit' amach is amach é, i mo bharúil.
Go néirí leat le do chuid ranga, agus an leanbh ata ag teacht fosta.
Slán tamall,
Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Friday, September 27, 2002 - 04:45 pm:   Edit Post Print Post

Pól, a chara,
Is maith an rud é nach bhfuil an ghaoth agus an fearthainn chomh laidir i N.J. is a bhí i ndeisceart na tíre. Na daoine bochta sin atá gan dídean anois tar eis "Isidore"!
Nach iontach an rud é cumhacht an Dúlra nuair a nochtann sí í féin?
Is aoibhinn liom "Eist do bhéal". Tá sé ar an c.d sin "Eist: Songs in their native tongue". Ní raibh fios agam go raibh sé scríofa ag Louis De Paor agus John Spillane. Go raibh maith agat os ucht an méid sin eolais.
Is maith liom an fonn agus na focail fósta.

Dhá seachtain ó shin chuaigh mé féin agus m'fhear chéile chun "Danú" a chloisteáil. Bhí siad go hiontach ar fad. Tá siad ag taisteal sna Stáit Aontaithe faoi láthair, a dturas deireannach roimh dul abhaile i gcomhair an gheimhridh.
Sílim go raibh siad in ainm is a bheith ag seinm i Nua Eabhrac ( An Stáit) an seachtain seo ach ní raibh siad chun bheith sa cháthair ach ar feadh oíche amháin. Is as Gaeltacht Phort Lairge (An Rinn) beirt dén ghrúpa,is as Dún na nGall é duine eile acu agus tá céim bainte amach ag duine eile acu i "Sean agus Nua Ghaeilge". Mar sin de, labhraíonn beagnach an grúpa ar fad Gaeilge.
Canann siad an-chuid amhráin i nGaeilge. Bhain mise sult mhór as an ceolchoirm. An bhfaca tú riamh iad nó ar chuala tú trácht orthú?

Tá mé féin ag foghlaim amhrán nua faoi láthair, nua dom-sa ar a laghad, cé gur amhrán ar an sean nós é. 'Sé
"Tiocfaidh an Sámhradh" an teideal atá air.
Tá an fonn casta go leor chun chur de ghlán mheabhair mar ba chóir. Sin ceann de mo chaitheamh aimsire, leanaim ar aghaidh ag foghlaim dántaí agus amhráin ina bhfuil suim agam iontu.

Sin uilig a bhfuil le rá inniú agam.
Slán go fóill
Seosaí

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

cloonfad
Posted on Sunday, October 06, 2002 - 09:19 pm:   Edit Post Print Post

Trathnona mhaith, a Pol,

Nil se chomh fuar i Vermont anois, mar a bhionn se go hiondiul i Deiradh Fomhair. Ta me a foghlaim Gaeilge i m'aonar le cheithre bliana anois, ach thosaidh me ag freastail ranganna Gaeilge an seachtain seo caite, i Montreal. Ta se go maith.

An bhfuil tu fein o hEireann ?

slan go foill,

Cloonfad

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Thursday, October 10, 2002 - 01:14 pm:   Edit Post Print Post

A Chloonfad, a chara:
Go raibh maith agat as an teachtaireacht.
Conas a tá tú?
Is dóigh liom go bhfuil na crainn go hálainn na laethanta seo i Vermont.
Ní raibh mé ansin ach uair amháin fadó fadó.
Caithfidh mé dul ar ais go luath.
Is as NJ mé, rugadh agus tógadh...
Go néirí leat i Montreal. Inis scéal dúinn nuair a tá tú ar ais...
Slán,
Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brien Hoye
Posted on Thursday, October 10, 2002 - 09:17 pm:   Edit Post Print Post

Bhí an lá salach ibPortland, Maine. Tá sé ag éirigh níos fuar anois. Níl mórán dath ar na duilliúr anois, ach tá súil agam go n-éigrigh na dathanna sul i bhfad.

Brían

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brien Hoye
Posted on Friday, October 11, 2002 - 01:11 pm:   Edit Post Print Post

Feicim tríd an fhuinneóg maidin inniu, agus tá duilleóga ina luí ar an tsráid. Cloisim na héinniní ag canadh ar bharr na crainn. Tá beagán soilse ag taitneamh tríd na néalta.

Brían

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ní Gháirbhí
Posted on Wednesday, August 27, 2003 - 06:47 pm:   Edit Post Print Post

Chaith mé deire seachtaine suimiúil in Inis Díomáin i gCondae an Chláir le Cumann Merriman. Bhí ceol agus rince ann. Ba é an ní ba thaithneamhaí domhsa ná an seisiún filíochta ag an deire. Sheasfá cosnochtaithe sa tsneachta chun éisteacht leis na dánta san i mBéarla agus i nGaeilge.
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Chris
Posted on Wednesday, August 27, 2003 - 08:12 pm:   Edit Post Print Post

Dia duit a Chaitríona,

Chuaigh mé trid Inis Díomáin an mhí seo caite, ar laethanta saoire. Is maith liom Condae an Chláir. Bionn sé go halainn ansin, agus bionn an ceol tradisiúnta go hiontach! Bhí mé i Milltown Malbay ag an Féile Ceoil ansin i mí Iúil. Is breá liom an ceol sin !

Slán,

Chris

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona Ni Ghairbhí
Posted on Thursday, August 28, 2003 - 03:16 pm:   Edit Post Print Post

Móra dhuit a Chris,
Go raibh míle maith agat don teachtaireacht úd.
Is de bhunadh Chondae an Chláir mé agus táim an mhórdhálach as an gceol agus as an meas ar an dúchas a chothaítear ansan.
Go mairidh tú,
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Chris
Posted on Thursday, August 28, 2003 - 09:11 pm:   Edit Post Print Post

A Chaitríona,

Cad é mar a tá tú ? Ceapaim gur han-mhaith an rud é go bhfuil tú ag obair chomh dian ar son an dúchas i gCondae an Chláir. Níl eolas ar bith agam faoin Cumann Merriman. An féidir leat insint dom faoi ? An bhfuil sé ar siul gach blian ?

Slán go fóill,

Chris

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ni Ghairbhí
Posted on Friday, August 29, 2003 - 04:56 am:   Edit Post Print Post

Móra dhuit, a Chris,
Tá Cumann Merriman ar siúl ar feadh 36 de bhlianta. Bíonn dhá ócáid acu gach bliain, ceann amháin as Gaeilge go hiomlán - an scoil Gheimhridh agus an dara ceann i Mí Lúnasa - Scoil Shamhraidh, an ceann a luaidh mise. Tá árd-chuspóir ag an gcumann, sé sin, cultúr agus ceol agus teanga na nGael a chothú agus a fhairsingiú. Mo léan nach bfhuil mé gníomhach sa chumainn ach bím ag freastal ar chuid d'imeachtai na scoile go minic. Seo chughat eolas breise: Ríomh-phost: agus Suíomh: www.merriman.ie Slán Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul
Posted on Friday, August 29, 2003 - 04:16 pm:   Edit Post Print Post

A Chaitriona, a chara,
Conas ata tu? Go raibh maith agat as sceal faoi Chumann Merriman. Ar chuala tu faoi Phlearaca Chonamara a riamh? Bionn se ar siul i mi Mean Fomhair. Ta an cuid is mo den imeachtai ata ar siul i gConamara thiar (An Cheathru Rua, An Carna, Leitir Mealain, etc). Chuaigh mise chuige cupla uair agus bhi se ar feabhas: ceolchoirmeacha le John Spillane agus an boscadoir Johnny Connolly, comortas damhsa ar an sean nos, filiocht le Louis de Paor.
Is doigh liom go mbeidh se ar siul i mbliana chomh maith.

Slan agus slainte, Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona Ni Ghairbhí
Posted on Friday, August 29, 2003 - 06:07 pm:   Edit Post Print Post

A Phóil, a chara,
Is maith gur luais Pléaraca Chonamara. Níor chuala mé fútha cheana. Ba bhreá liom dul ann uair éigin, ach i mbliana, beidh mé ag dul go dtí an Bhreatain Bheag i Mí Meán Fhomhair. Tá dream filí Éireannacha agus Breataineacha a bhuaileann le chéile gach bliain thall sa Bhreatain Bheag. Bímíd ag seinnt, ag amhránaíocht, agus bionn roinnt filíochta á casadh againn, i mBéarla, i nGaeilge agus sa Bhreatainis. Táim féin ag iarraidh go mbeadh lucht Gaidhlice na h-Alban ann chomh maith ach nior thárla san go fóill beag.
Beir bua is beannacht.
Caitríona
Aguisín: Bímíd ag ól fosta!
C.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona Ni Ghairbhí
Posted on Friday, August 29, 2003 - 06:09 pm:   Edit Post Print Post

A Phóil, a chara,
Is maith gur luais Pléaraca Chonamara. Níor chuala mé fútha cheana. Ba bhreá liom dul ann uair éigin, ach i mbliana, beidh me ag dul go dtí an Bhreatain Bheag i Mí Meán Fhomhair. Tá dream filí Éireannacha agus Breataineacha a bhuaileann le chéile gach bliain thall sa Bhreatain Bheag. Bímíd ag seinnt, ag amhránaíocht, agus bionn roinnt filíochta á casadh againn, i mBéarla, i nGaeilge agus sa Bhreatainis. Táim féin ag iarraidh go mbeadh lucht Gaidhlice na h-Alban ann chomh maith ach nior thárla san go fóill beag.
Beir bua is beannacht.
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ní Gháirbhí
Posted on Sunday, August 31, 2003 - 01:49 pm:   Edit Post Print Post

Móra dhíbh uilig,
Scéilín beag grinn agam: Bhi Dónall leathuair a chloig déanach ag dul ar scoil. "Cá rabhais?" arsa an múinteoir. "Nach raibh ubh agam?" arsa Dónall. Leathuair níos déanaí, tháinig Liam, driotháir Dhónaill, isteach an doras. "Agus cén fáth go bfhuil tusa chomh déanach san?" a d'fhiafraigh an múinteoir. "An raibh spiúnóg agam, an raibh?", arsa mo dhuine.
Slán go fóill,
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Monday, September 01, 2003 - 11:29 am:   Edit Post Print Post

Chuaigh an scéilín tharam *zip*. ;-\ Tá's agam go milleann míniú greann, ach mar sin féin, bheinn buíoch den chomhluadar as beagán cuidiú leis an gceann seo! GRMA roimh ré!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ni Gháirbhí
Posted on Monday, September 01, 2003 - 02:41 pm:   Edit Post Print Post

Dennis, a chara,
Is dóigh liom nár innis mé an scéal i gceart - gaibh mo leithscéal faoi sin. Bhí na buachaillí sa scéal ana bhocht agus ní raibh ach an t-aon spiúnóg amháin sa tigh. Bhí ar an dara buachaill fanacht go dtí go raibh ubh itte ag a dhriotháir agus ansin bhí an spiúnóg ar fáil aige chun a ubh féin a ithe. Sin é an fáth go raibh seisean leathuair a chloig déanach ag dul ar scoil! Ta suil agam bhfuil san soiléir agus muna bfhuil, scriobh ar ais chugham
arís
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Tuesday, September 02, 2003 - 08:39 am:   Edit Post Print Post

Go raibh maith agat, a Chaitríona. Tuigim anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona Ni Gháirbhí
Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 03:22 pm:   Edit Post Print Post

Scéala agam ón mBreatan Bheag. Bhíos ann, i gcathair bheag ársa Naomh Dáithí, ar feadh deire seachtaine. Bhíomar idir Ghaeil is Bhreatainigh is Shasanaigh agus ceol is filíocht ar siúl againn de ló is d'oíche. Caithfidh mé a mhíniú gur "Geordies" na Sasanaigh a bhí in ár gcomhluadar agus ní thugann siad Sasanaigh orthu féin in aon chor! Ní fheadar cad a thárlóidh do Shasana bhocht amach anseo, go bhfóirfidh Dia orthu siúd ar an oileán maguaird. Bhí mise ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh dos na Breatanaigh agus iad siúd ag iarraidh an Bhreatanais a mhúineadh dhom. Bhí spraoi íontach againn.
Slán
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam
Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 04:34 pm:   Edit Post Print Post

Tá an ceart agat a Chatraíona. Ni hionann na Geordies agus na Sasanaigh in a n-intinn féin. Tá a gcanúint feín acu agus a lán focail Ioraigh ann nach bhfuil le chluinsint aon áit eile i Sasana. Tá a gceol féin acu fosta san oirthuaiscairt na Sasana. Is iad na píobaí beaga Northumbria ceann de na trí piobaí na noileáin seo nár dheachaigh i néag leis na blianta. Is iad na píobaí uileann agus piobaí móra na hAlban na cinn eile atá is gceist. Ta clú agus cáil ag Katherine Tickell mar píobadóir (na piobaí Northumbria) sa lá atá inniu ann. Tá a cuid ceol go hiontach. Bhí sí ag ceol le "The boys of the loch" ar an dluthdisc "The West coast of Ireland" agus ta a lán dluthdisceanna aici féin fosta.

Maith sibh na Geordie hinnies!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Oliver Grennan
Posted on Thursday, September 25, 2003 - 09:42 pm:   Edit Post Print Post

Ní raibh a fhios agam go raibh a bpíobairí féin ag na Geordies. Tán ceart agat maidir leo, tá dearcadh ag muintir Thuiscirt Shasana atá cosúil le muintir na hÉireann, i ndáiríre. Tá sé níos fusa d'Éireannach duine ón cheantar sin a thusicint ó thaobh grinn agus aigne ná an lucht ó dheas - Jack Charlton, mar shampla maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ní Gháirbhí
Posted on Saturday, September 27, 2003 - 05:47 pm:   Edit Post Print Post

Go raibh maith agat,a Liam, don eolas san faoi phíobaí Northumbria agus faoi Katherine Ticknell. Cheannóidh mé an dlúthdhiosca más féidir liom teacht air. Tá an ceart agatsa, Oliver, faoi dhearcadh agus aigne na Geordies. Tá fhéith an ghrinn acu chomh maith. Bhí an-chraic againn leo ag an deire seachtaine seo caite. Rud eile, bhí beirt cheoltóiri Bhreatanacha in éinneacht linn agus bhí duine amháin díobh ag seinnt ar chruit Bhreatanaigh, cruit an-ársa do réir scéil. Tugtar crwt uirthí - focal eile Breatanaise a fhoghlaim mé.
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ní Gháirbhí
Posted on Saturday, September 27, 2003 - 05:50 pm:   Edit Post Print Post

Go raibh maith agat,a Liam, don eolas san faoi phíobaí Northumbria agus faoi Katherine Ticknell. Cheannóidh mé an dlúthdhiosca más féidir liom teacht air. Tá an ceart agatsa, Oliver, faoi dhearcadh agus aigne na Geordies. Tá fhéith an ghrinn acu chomh maith. Bhí an-chraic againn leo ag an deire seachtaine seo caite. Rud eile, bhí beirt cheoltóiri Bhreatanacha in éinneacht linn agus bhí duine amháin díobh ag seinnt ar chruit Bhreatanaigh, cruit an-ársa do réir scéil. Tugtar crwt uirthí - focal eile Breatanaise a fhoghlaim mé.
Caitríona

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge