mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2002 (January-June) » Motto « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James Murphy ()
Posted on Friday, June 28, 2002 - 12:23 pm:   Edit Post Print Post

Would "Is nuaidhtheadach i agus beidh si cluinte" be a reasonably accurate translation of the United Irishmen motto "It is new strung and shall be heard" (refering to the Irish harp)?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Saturday, June 29, 2002 - 11:54 am:   Edit Post Print Post

Cúpla moladh duit a Shéamais :


(A) Is ar athfhoireann téad í agus cluinfear í.

(B) Tá sí atéadaithe agus cluinfear í.


Is é ceann A is rogha liom féin. Is ionann sin is a rá nach maith liom ceann B!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James Murphy ()
Posted on Sunday, June 30, 2002 - 11:37 am:   Edit Post Print Post

Go raibh maith agat a Sheosaimh.
Does my attempt make any sense at all?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Sunday, June 30, 2002 - 12:50 pm:   Edit Post Print Post

Tá ciall leis, cinnte a Shéamais. It makes sense, indeed. D'aithin mé céard a bhí ann. Is iarracht mhaith mhacánta é.

Bíonn a bealach féin ag gach teangain le rudaí go leor a rá. Is féidir le gach focal a bheith ina áit cheart féin agus fós féin, d'fhéadfadh an teanga í féin a bheith ag tabhairt droim láimhe do ghné éigin san abairt.

Tharla go mbíonn a bealach ag gach teangain mar sin, is gá don duine fanacht leis an teangain scathamh fada, cineál ar maos inti, go dtaga na fothuiscintí sin leis ar ball.

Tagann siad le himeacht ama, le taithí cleachtaithe agus leis na hiarrachtaí éagsúla a n-éiríonn leo agus nach n-éiríonn. An rud ceannann céanna i gcás an ghasúra agus é i mbun a fhoghlama seisean, is dóigh.

Goilleann ár gcuid lagiarrachtaí orainn scaití, mar fhoghlaimeoirí, ní hionann is an naíonán gur cuma leis na botúin. Is róchuma agus níl, ar ndóigh, aon neach ar an saol, maidir le teangain, chomh mear leis an naíonán i mbun na foghlama.

Misníodh an seanfhocal sinn : 'Ní bhíonn náireach riamh éadálach'.

Is é sin, déanaimis na botúin. Dá mhéad botún a dhéanfas sinn is ea is mó an dul chun cinn a dhéanfaimid.

Tiocfaidh an t-am gur gann go leor agus gur fánach iad mar bhotúin, sa scríobh agus sa chaint, ag an té a dhéanfas an iarracht iad a chloí.

Mar a deir an seanfhocal eile : 'Tagann gach maith le cairde agus tairbhe le foighid'.


Treise leat.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge