mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2002 (January-June) » A few grammer questions « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ó Dúill
Posted on Thursday, June 20, 2002 - 03:48 pm:   Edit Post Print Post

A héinne,
Tá cúpla ceist agam.

1) Ba mhaith liom a dheir "For as long as i can remember I HAVE BEEN interested in celtic culture" m. sh. as gaeilge. An bhfuil an aimsir sin i dteanga na ghaeilge?

2) An focal "of" as Béarla. Seo é 'de' as gaeilge ach dá bhrí sin cén fáth go bhfuil "Bank of Ireland" 'Banc na hÉireann'. An bhfuil sé mícheart a dheir "(An) Banc de hÉireann. Mar sin cathain atáimid a úsáid an focal 'de'. An bhfuil an abairt "An Caite Gaelach de hÉireann" ceart a dheir?

3) Tóg an abairt 'Comhaltas Ceoltóirí Éireann'. Cén fáth nach bhfuil sé 'Comhaltas Ceoltóirí de hÉireann' nó 'Comhaltas Ceoltóirí Éireannach.

Go raibh maith agaibh riomh freagra agus tá brón orm má ceapann sibh go bhfuil seo amaideach,
Colm.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Friday, June 21, 2002 - 08:37 am:   Edit Post Print Post

A Cholm, a chara,

Is é a mholaim duit ar an abairt thuas :

Bhí spéis agam, le mo chuimhne, i gcultúr na gCeilteach.

Maidir le tuiseal in áit an réamhfhocail, nó a mhalairt droim ar ais, is cuid de nós gach teangan a rogha féin den dá mhodh a ghlacadh chuici féin. Is iondúil an Ghaeilg a bheith seasta go maith le nós an tuisil. Bíonn, thairis sin, an t-alt sactha isteach idir an dá ainmfhocal in áit a bheith roimh an gcéad cheann, mar is eol duit :

Banc na hÉireann,
seachas : An Banc Éireann.

Is teanga ainmfhocail í an Ghaeilg, ní hionann is an Béarla atá an-tugtha don aidiacht :

Comhaltas Ceoltóirí Éireann,
seachas : The Irish Music Society.

Breathnaigh :
The Irish National Library,
in áit : The National Library of Ireland.

Bíonn rogha den chineál sin i ngach teangain. Is fearr leis an nGaeilg an t-ainmfhocal ná an aidiacht. Is mar sin í agus mar sin a bhí.

Níl aon amaidí ag baint le ceisteanna den chineál a chuirís. Measaim gur fíorspéisiúil gnéithe sin na teangan.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ó Dúill
Posted on Friday, June 21, 2002 - 03:56 pm:   Edit Post Print Post

Go raibh mhíle maith agat. Is mór mo mheas ar an bhfreagra.
Colm.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge