Author |
Message |
Padraigin ()
| Posted on Thursday, May 23, 2002 - 11:40 am: |
|
Ca bhuil tu??? |
|
Seosamh
| Posted on Friday, May 24, 2002 - 12:03 am: |
|
Tá mise i mBrooklyn. Cá bhfuil tú féin? |
|
Larry
| Posted on Saturday, May 25, 2002 - 03:17 am: |
|
... agus tá mé i Sasana :-) |
|
Fintan
| Posted on Sunday, May 26, 2002 - 09:46 pm: |
|
Mise san Astráil. *gáire* |
|
Seosamh
| Posted on Monday, May 27, 2002 - 09:49 am: |
|
Barúil agamsa go bhfuil Pádraigín i Nua Jersey. Aimsir bhrothallach anseo i Nua-Eabhrac. |
|
Fintan
| Posted on Monday, May 27, 2002 - 09:30 pm: |
|
Tá sé an-fhliuch anseo anois..... agus fuar freisin. |
|
Seosamh
| Posted on Tuesday, May 28, 2002 - 12:17 am: |
|
Tá an geimhreadh ag teacht oraibh, ar ndóigh. Beidh sé te brothallach anseo sul i bhfad eile. Éiríonn sé dofhulaingthe faoi mhí na Lúnasa. Roghnaigh mo chairde Gearmánacha an mhí sin le turas a dhéanamh ar an tír seo, ag toiseacht i Nua-Eabhrac agus ag tiomáint siar ó dheas go hArizona agus California. 'S é sin, ó ghalfholcadh isteach i sorn. |
|
Larry
| Posted on Tuesday, May 28, 2002 - 03:35 am: |
|
Fintan, a chara, De reir mo carad sa Thasmáin, tá sé fuar anseo freisin... Larry. |
|
Seosamh Mac Bhloscaidh
| Posted on Tuesday, May 28, 2002 - 07:25 pm: |
|
An Tasmáin. Suimiúil. Tráth dá raibh, bhí cuid den Tasmáin faoi leac oighir agus shneachta. Ach bhí daoine ina gcónaí ann cheana. D'éirigh an domhan ní ba theo ó shin. An bhfaigheann siad sneachta ar bith ansin an lá atá inniu ann? |
|
|