mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Crith talún « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Bhloscaidh
Posted on Saturday, April 20, 2002 - 07:53 pm:   Edit Post Print Post

Ar mhothaigh duine ar bith eile in oirthuaisceart Mheireacá an crith talún inniu?

Tá cónaí orm i mBrooklyn. Mhuscail an rud as mo chodladh mé timpeall ar 7:30 ar maidin. Bhí mo leaba ag luascadh go bog. Tá cáblaí ar crochadh trasna an fhorbhalla ar an díon, ar chúis éigin, agus thoisigh siad ag bualadh an bhalla go rithimiúil. Ba ansin a thuig mé go raibh an foirgneamh seacht urláir ar fad ag bogadh agus gur crith talún a bhí ann. Níor éirigh sé ní ba mheasa agus mar sin ní dhearna mé ach "nach ait an mac an saol" a rá liom féin agus tar éis tamaill chuaigh mé ar ais a chodladh ar feadh uair a chloig eile.

Níor thug an chuid is mó de mo chairde eile i gCathair Nua Eabhrac é faoi deara. Ina a gcodladh a bhíodar agus cónaíonn siad níos cóngaraí don talamh (táim féin ar an seachtú urlár) agus bíonn trup is torann na dtrucailí níos measa. (Tuigim anois cad tuige dtéann cíosanna agus praghasanna na n-árasán in airde de réir mar a théann tú suas :-)

5.1 ar an scála Richter a bhí an crith talún ach b'shin i gceantar airmheán (epicenter) an ruda in aice leis an teorainn le Quebec.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Padraigin ()
Posted on Wednesday, April 24, 2002 - 04:50 pm:   Edit Post Print Post

A Seosamh, Mothaim uaim iad (taim in NJ)ach tar eis an 5.1 bhi 4.0, 1.7, 2.9 srl. Bhi crith talun in Jersey deith blian o shin agus cuir cnag beag i ar bhall sna seomra bia. Feic www.neic.usgs.gov/neis

Padraigin

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge