Author |
Message |
Seán Garland
| Posted on Sunday, April 14, 2002 - 06:17 pm: |
|
A dhuine uaisle, Tá mé buartha as a bheith déanach leis an ríomhphost seo. Cibé ar bith, seo chuige, um Cháisce , seachas a bheith ag ceiliúradh na gnéithe cráifeacha atá bainte leis an trath seo den bhliain , is maith is cuimhín linn ceann de na laochraí is tabhachtaí i stair na h-Éireann. Ba dhlíodóir, mhúinteoir, fhile, údar, Ghaeilgeoir, shaighdiúir Éireannach agus réabhlóidí a bhí ann. Ar ndóigh, tá mé ag tagairt do Phádraig Mac Piarais agus don íobairt a rinne seisean agus na daoine siúd eile a bhí in éineacht leis ag an tréimhse sin i rith an Eirí Amach 1916 i mBaile Átha Cliath. Fuair siad bás ag troid ar son saoirse na h-Éireann. Is iomaí uair a shíl mé ar na gearscéaltaí agus na dánta a scríobhadh le Pádraig Mac Piarais amhail Íosagán agus Mise Éire. Seo a leannas an ceann deireanach a luaigh mé:- Mise Éire, Sine mé ná' n Chailleach Béara, Mór mo ghlóir, Mé do rug Cú Chullainn cróga, Mór mo náire, Mo chlann féin do dhíol a máthair, Mise Éire, Is uaignaí mé ná' n Chailleach Béara. ~ Le Pádraig Mac Piarais (1879 -1916) "Solvm sanctorvm et doctorvm" Is mise le meas Seán Mac Gartlan Co. an Dúin Éire |
|
Seosaimhín Nic Rabhartaigh
| Posted on Thursday, September 26, 2002 - 07:34 pm: |
|
Go raibh míle maith agat a Sheáin, An bhfuil "Fornocht do chonac thú" le Pádraig Mac Piarais agat? Dán iontach atá ann. Muna bhfuil sé agat cuirfidh mé ar fáil anseo i dteachtaireacht é. Slán go fóill, Seosaimhín |
|
Seán Garland
| Posted on Tuesday, October 01, 2002 - 06:31 pm: |
|
A Sheosaimhín, a chara, Go ndéana mhaith duit agus go raibh cead maith agat as ucht do fhreagra! Cé go bhfuil an dán seo agam cheana féin, an dtiocfadh liom a chur in úil mo bhuíochas duit as ucht do thairisceana chinéail chomh maith. Is breá liom an dán a raibh scríofa ag an Piarsach dar teideal "Fornocht do chonac thú" agus deirtear gurb é an dán is cáiliúla dár scríobh sé. Meastar gur ag tagairt d'Éirí Amach na Casca a bhí Pádraig Mac Piarais 'sa dán seo ach foilsíodh é don chéad uair 'sa bhliain 1912 - ar laghad ceithre bhliain riomh an Éirí Amach. Ach an ceann a chuireas isteach go domhain ar mo chroí ná an litir deireanach a scríobhadh aige lena mháthair fad is a bhí sé ag fanancht lena bháis féin i bpríosún Chill Mhaigheann agus seo sliocht beag den litir sin - tá sé an-bhrónach ach san am céanna an-laidir agus cumhachtach: " We have done right. People will say hard things of us now , but later they will praise us. Do not grieve for all this, but think of it as a sacrifice which God asked of me and of you. "Good-bye again, dear, dear Mother May God bless you for your great love for me and for your great faith, and may he remember all that you have suffered. I hope soon to see Papa, and in a little while we shall all be together again. " Wow-wow, Willie, Mary Brigid, and my Mother, goodbye. I have not words to tell my love for you, and how my heart yearns to you all. I will call to you in my heart at the last moment. Your son Pat " Is mise le meas Seán Mac Gartlan Co. an Dúin Éire |
|
Seán Garland
| Posted on Thursday, November 07, 2002 - 03:53 pm: |
|
A dhaoine uaisle, a chairde, Bhí mé ag amharc siar thar an comhrá seo an lá faoi dheireadh agus mé ag smaointiú ar an dán seo arís agus shíl mé go mb'fhéidir gur mhaith le daoine é a leamh ar aon nós. Mar sin, seo daoibh: FORNOCHT DO CHONAC THÚ Fornocht do chonac thú, a áille na háille, is do dhallas mo shúil ar eagla go stánfainn. Do chualas do cheol, a bhinne na binne, is do dhúnas mo chluas ar eagla go gclisfinn. Do bhlaiseas do bhéal a mhilse na milse, is do chruas mo chroí ar eagla mo mhillte. Do dhallas mo shúil, is mo chluas do dhúnas; do chruas mo chroí, is mo mhian do mhúchas. Do thugas mo chúl ar an aisling do chumas, 's ar an ród so romham m'aighaidh do thugas. Do thugas mo ghnúis ar an ród so romham, ar an ngníomh do-chim, 's ar an mbás do gheobhad. ~Le Pádraig Mac Piarais Is mise le meas, Seán Mac Gartlan Co. an Dúin Éire |
|
|