mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Ba chóir Gaeilge a scriosadh ón Curriculum ins na bunscoileanna in Eirinn - de réir Edward Walsh! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Monday, March 18, 2002 - 12:09 pm:   Edit Post Print Post

A Chairde,
Inné agus mé i Chicago faoi chóinne Lá Fhéile Pádraig, cheannaigh mé cóip dén "Chicago Tribune".
Is beag nár thit mé amach as mo sheasamh nuair a chonnaic mé an t-alt "Ireland debates speaking Irish" (lth. 5 Section 1 - World) le Tom Mudd.
De réir Edward Walsh tá an t-am atá á chaitheamh ar an Ghaeilge sna scoileanna ag tógáil ama as ábhair tábhachtacha eile, cosúil le Eolaíocht agus teangacha na hEorpa!Is beag nách raibh mé abálta dhá fhocail a chur le chéile ar féadh tamaill leis na mothúcháin uilig a bhí ag rith trím.
Caithfear a adhmháil go bhfuil íoróin agus aineolas le feiceáil sa ráiteas seo.

Deireann sé go bhfuil rud éigin contráilte leis an Córas Oideachais nuair nách bhfuil déagóirí abálta an Ghaeilge a labhairt agus iad tar eis ceithre bhliain déag a chaitheamh "ag staidéar" Gaeilge agus aontaím leis ar an bpointe seo.(Mar gur chuala mé Gaeilge á labhairt ó am go chéile agus mé óg, bhí i bhfad níos mó cur amach agam ar an Ghaeilge mar teanga labharta, agus mar bhí múinteoirí dén scóth agam, ina measc mo mháthair féin, tá mé líofa sa teanga anois.)
Ach, ag féachaint siar ar mo chuid taithí féin, chaith mise sé bliana ag staidéar Fraincis ar scoil agus níl mé abálta cómhra simplí a bheith agam sa teanga sin.Bhaineamar usáid as leabharthaí an t-am ar fad agus ní raibh béim ar bith sna ranganna ar an teanga labhartha.( Bhéadh sé iontach doiligh do mhúinteoir ar bith modhanna múinteoireachta níos nua-aimseartha a thriallú le chor ar bheith dachaid déagóirí in achán rang!) Ach tar éis deich mhí a chaitheamh i mo chónaí le teaghlach sa Spáinn nuair a bhí mé fíche 's a haon, bhí mé líofa sa Spáinnis. Cinnte go ndearna mé botúineacha agus déanann go fóill, ach bhí mé abálta leanadh ar aghaidh i gcómhra ar bith. I ndiaidh ceithre bliana go leith a chaitheamh sna hIsealtíre, tá mé líofa sa teanga sin fósta.
De réir déalramh, is leis an córas a bhaineann an fadhb agus ní liomsa! Má chluineann duine teanga á labhairt, is cuma cé chomh h-óg nó chomh sean é an duine sin, is feidir leis an teanga sin a fhoghlaim!

Cé hé Edward Walsh?
Tá sé ina hUachtaran ar Ollscoil Luimnigh agus chun an tairne deireannach a bhualadh isteach sa chónra, tá sé luaite san alt mar ceann de na saineolaí oideachais is tabhachtaí sa tír!!!

Níl mé ag rá nách bhfuil atheagrú ag teastáil ar an chóras oideachais ó thaobh modhanna múinteoireachta de, tá, ach baineann an t-athéagrú sin le teangacha ar fad agus ní leis an Ghaeilge amháin!

I mo thuairim-se ba chóir gach scoil a athbhunadh mar Ghaelscoil agus bhéadh achán páiste sa tír abálta ár dteanga dúchais a labhairt roimh deireadh na bliana!
Níl fios agam an bhfuil morán staidéar déanta ag an t-Uasal Walsh ar an dátheangachas nó ag na buntáistí atá ag baint leis do leanaí agus iad ag foghlaim teangacha eile.
Chaith mise ceithre bliana ag teagasc i Scoil Idirnáisiúnta sa Bheilg agus cé go raibh alán de na páistí dhá nó trí theangach roimh teacht go dtí an scoil, d'fhoghlaítear uilig Béarla mar gur labhair na múinteoirí Béarla amháin sna ranganna. Cinnte, bhí sé doiligh ar dtús ach ní raibh an dara rogha acu. Bhí na leanaí sin níos gaiste ag labhairt Béarla mar gur "Immersion" a bhí i gceist AGUS bhíodar abálta níos mó ná teanga amháin a labhairt roimh ré!
Is cuma cén dara teanga atá ag páiste, tágann an buntáiste céanna, go mbeidh siad níos gaiste ag foghlaim an tríú ceann. Ach tá buntáiste níos mó ag baint le bheith líofa i dhá theanga nach bhfuil gaolta le chéile cosúil le Béarla agus ............ Gaeilge. Má thagann an dá teanga ó teaghlacha teanga difriúla múineann an dara teanga dóigh eile chun smaoineamh ar an saol. Tá sin iontach tábhachtach ó thaobh sláinte na hintinne sa Todchaí.

Níl fios agam caidé tá contráilte in Eirinn nuair atá daoine cosúil leis an t-Uasal Walsh ag teacht amach le ráiteachais mar seo. Dá dtarlódh a leithéid ( Gaeilge a scriosadh ón Curriculum) bhéadh Eire ina cúis magaidh ag an domhain chláir! Ag tiontaigh ár ndroimeanna ar ár dteanga féin a bhí á robáil uainn leis na céadta bliana anúas, nuair atá Sásana féin ag lorg maithiúnas óna h-ionsaithe a rinne sí ar teangacha na hAlbain agus An Bhreatain Bheag agus ag cur scéimeanna le chéile chun athbheocháin sna teangacha sin a spreagadh! Bhí an ceart ag Sir Edward Spenser nuair a dúirt sé gurb é an dóigh is fearr chun an tseanord Ghaelach a mhilleadh ná "Get rid of the rhymers!" Bhí cumhacht, stair, agus anam an tír ag na filí agus ina gcuid airm, an teanga Gaeilge agus an modh a usáidtear í!
Is ag Eire atá an litríocht scríofa is sine in Iarthar Eoraip! An bhfuil An tUasal Walsh sásta oidhreacht agus cultúr na tíre a choinneáil ón t-aos óg agus na glúnta a léanas iad?

1.Mar sin, a Uasail Walsh, ar aghaidh leat agus cur tús le h-athéagrú sa chóras oideachais ó thaobh modhanna múinteoireachta na teangacha ar fad.
2.Léigh cuid dén taighde atá déanta go dtí seo ar bhuntáistí an dátheangachas!
3.Bí cinnte nach bhfuil níos mó ná 25 páistí in achán rang bunscoile.
4.Cuir múinteoirí sna scoileanna ag a bhfuil caighdéan ard Gaeilge acu féin. (Tá an caighdéan ag sleamhnú ó cuireadh stad le léachtaí i nGaeilge amháin sna Chóláistí Oideachais)

Tír gan teanga, tír gan anam!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Bhl.
Posted on Tuesday, March 19, 2002 - 12:15 am:   Edit Post Print Post

M'anam gur scríobh tú a lán, a Sheosamimhín. Ach luíonn sé le réasún go mbeifeá corraithe i ndiaidh ráiméis mar sin a léamh. Tagann an stuif sin amach timpeall Lá 'le Pádraig (tuilleadh íoróine fós).

Cad é 'tá le déanamh? CAITHFIDH tú litir a scríobh chuig an Chicago Tribune. Cé nach in Éirinn a foilsíodh an t-alt, tá damáiste nach beag déanta ag an duine seo. Caithfidh freagra a thabhairt. Bí chomh deisbhéalach, éirimiúil agus atá tú thuas. Is féidir an scéal a iompó ar ais inár bhfaobhar.

Ba chóir dul i dteagmháil leis an duine seo fosta le cur in iúl dó go bhfuil daoine ina a choinne agus -- níos measa -- go bhfuil a fhios againn gur labhair (nó gur scríobh) sé faoin ábhar seo agus eisean dall ar an taighde agus ar na bunfhíricí.

Bíonn lucht na Gaeilge róthoilteanach stuif mar seo a ligint tharstu. Ná ligimis uainne an lámh in uachtar do na daoine aineolacha seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Tuesday, March 19, 2002 - 10:50 am:   Edit Post Print Post

Tá mé tágtha ar ais!
Tá cúpla pointí déanta agam nach bhfuil soiléir go leor agus
d'fhág mé giota eolais amach as an tuairisc thúas.

1. Cé go bhfuil Mr. Walsh ag iarraidh Gaeilge a scriosadh ón gCurriculum i bhformhór na scoileanna, tá sé sásta go mbéadh Scoileanna LánGhaeilge ann.
2. Bhí tuairimí an tUasal Pádraig O Héalaí (Dean ar Scoil an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Naisiúnta na hEireann i nGaillimh) luaite sa Chicago Tribune fósta.
Bhí an dearcadh contráilte ar fad aige agus mhol sé gur ba chóir modhanna níos fearr chun Gaeilge a mhúineadh a chuardadh ná an teanga a thréigiú ina iomlán.

Agus mé ag athléamh an dá fhógraí a chuir mé ar an t-ionad gréasáin seo,agus i ndiaidh freagraí Seosamh Mac Bhl. a léamh ( go raibh míle maith agat a Sheosaimh!) bhí sé soiléir nach raibh an t-eolas iomlán curtha súas anseo agam.
Mar sin, a chairde, os rud é go bhfuil mé ag iarraidh bheith cothrom, bhí orm an bearna a líonadh isteach!

Go raibh maith agat os ucht do chuid chomhairle, a Sheosaimh. Tosnóidh mé ag obair ar an litir sin go dtí an "Chicago Tribune"!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, March 19, 2002 - 01:27 pm:   Edit Post Print Post

Déanfaidh litir maitheas, gí go raibh an t-alt ní ba staidéirí, 'chothromaithe' ná mar a cheap mé. Chuir sé i gcuimhne domh ar agaidh bhoise fear eile -- Gael-Mheireacánach -- a scríobhanns (nó a scríobhadh) colúin do na nuachtáin. Bhí rud éigin aige i gcoinne na Gaeilge agus timpeall Lá 'le Pádraig bhaineadh sé úsáid as an ócáid le colúin a scríobh á hionsaí. Scríobh mé féin litir chuig nuachtán áitiúil mar fhreagra bliain amháin, ach foilsíodh an colún i roinnt páipéar ar fud na tíre. B'as Chicago dó, mar a tharlaíos.

Nuair a chuirtear alt diúltach, aontaobhach faoin Ghaeilge i gcló anseo i Meireacá, treisíonn sé na tuairimí frithGhaeilge atá ag neart daoine anseo. Tarlaíonn sin in Éirinn féin, faraoir, ach tá tuigbheail ar an chontéacs seachas a mbeadh ar eolas ag Meireacánach (má tá eolas ar bith aige/aice): Tá 'fhios ag corrdhuine leath-léannta go ndearna James Joyce fonóid faoin teanga (gan a sceon roimpi a aithint) agus tá corr-theaghlach Gael-Mheireacánach claonta go tréan in éadan na Gaeilge.

Ach cion is gur chuir an Chicago Tribune tús leis an díospóireacht, tapaigh an deis le deascéal na Gaeilge a scaipeadh agus an bua a bhaint amach dúinne. (An focal deireanach = an bua) Bail ar an obair, a Sheosaimhín.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Traolach
Posted on Friday, February 28, 2003 - 10:52 am:   Edit Post Print Post

n.b. Níl Ed Walsh ina uachtarán ar Ollscoil Luimnigh le blianta. Is mór an t-athrú ar an áit ó shin, agus is mór an dul chun cinn ó thaobh na Gaeilge san Ollscoil agus sa cheantar máguaird ó shin. Go ndéantar neamhshuim de.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Oliver Grennan
Posted on Sunday, March 02, 2003 - 01:06 am:   Edit Post Print Post

Sílim féin go ndéanann ranganna Gaeilge riachtanach sna scoileanna an iomarca dochar don teanga. Ta na glúinte anois ó bhunaoidh an Stáit agus an ghráin dearg acu ar an nGaeilge, teanga dúchasach a thír fein! Dá gcloisfeadh tú an scéal céanna faoi tír eile ní chreidfeadh tú.

Nil meas madaidh acu de bharr taithí uafásach ar teagasc leadránach agus go minic brúidiúil. An am go léir an Ghaeilge ag meath agus ag fulaingt.

Ba cheart don Saorstát sna fichidí seachaint na scoileanna agus ranganna a sholáthair ar bhonn toilteanach do dhaoine fásta. Bhí díográs agus tírghrá láidir ag na daoine ag an am sin.

Bhéadh sé níos fearr go raibh daoine neodrach ar a laghad in ionad an déistin atá ag formhór de mhuintir na hÉireann ag an am seo.

Cé atá ag teacht ar ais don Ghaelige mar dhaoine fásta ach iad atá léannta, mic léinn buan, mar a déarfá. Bheadh líon mór eile ag foghlaim freisin ach bhí siad dubh dóite ar scoil.

Faraoir, tá an dochar déanta anois, ach tá feabhas tagtha ar na scoileanna, buíochas le na déithe!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Traolach, Luimneach
Posted on Monday, March 10, 2003 - 08:38 am:   Edit Post Print Post

Cluinim daoine ag maíomh nach bhfuil 'meas madaidh' ar an nGaoluinn agus go mbíonn daoine eile 'dubh dóite ar scoil'. Níl aon amhras ach gur ann dá leithéidí ach cá bhfuil an fhianaise gur grúpa mór daoine iad? De réir suirbhéanna náisúnta na dteangacha (ITÉ), tacaíonn 70% agus a thuilleadh leis an teanga a bheith riachtanach. Thacaigh eagras na mac léinn scoile féin leis an riachtanas ó chianaibh. Cá bhfuil fianaise do chuid cainte, a Oliver?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Oliver Grennan
Posted on Tuesday, March 11, 2003 - 09:52 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel, tá siad sásta le Gaeilge a bheith ann agus á labhairt ag daoine eile nach iad féin! Nuair a bhí me ag cáineadh an córas scoile tá mé ag tagairt go h-áraithe ar an am atá caite.

Rinneadh dochar don Ghaeilge sa chaoi sin agus mar fianaise duit, cén fáth go ndeireann daoine go bhfuil bá acu don teanga ach ní labhraíonn siad focal ar bith? Cén fáth go ndeireann daoine go minic gurb fhearr do pháisti bheith ag foghlaim teangannna Eorpach? Ní gcuirfeadh mé mórán mhuinín ar suirbhéanna, tá muintir na hÉireann go h-iontach leis an "doublethink".

Bíonn an múinteoireacht níos carthanaí na laethanta seo agus ní bheidh an gráin céanna ag an óige agus mar sin, tá dóchas agam.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge