Author |
Message |
Pól
| Posted on Thursday, February 07, 2002 - 03:36 pm: |
|
A chairde, An bhfaca sibhse an alt seo? Maith an fear, a Liam!!! [ón nuachtán LÁ] Ó Cuinneagáin Cathaoirleach nua an Údaráis Ceapadh an gníomhaí pobail agus ball de Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Cuinneagáin, ina Chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine. Ag caint leis ar an lá dúirt an Cuinneagánach, a bhain clú amach le tamall de bhlianta anuas leis an ghrúpa oideachais Oideas Gael i nGlean Cholm Cille, Dún na nGall, dúirt sé gur “cúis áthais” dó an ceapachán. Tagann Ó Cuinneagáin mar chomharba ar Thadhg Ó hÉalaithe a d’éirigh as an phost ar na mallaibh. “Is aitheantas ar leith é don obair atá ar siúl againn ar feadh na mblianta i gceantar imeallach Gaeltachta agus beidh an taithí agus scileanna atá sealbhaithe agam á n-iompar liom chuig mo chúraimí úra,” arsa an Cathaoirleach nua. “Tá mé ag súil go mór le bheith gníomhach in obair fhiúntach Údarás na Gaeltachta, eagraíocht ag a bhfuil Bord díograsach agus feidhmeannas proifisiúnta a bhfuil taithí na mblianta acu.” “Geallaim go ndéanfaidh mé mo dhícheall sa chúpla bliain romham an neart agus fuinneamh atá san Údarás a choinneáil agus a dhaingniú.” Ceann de na spéiseanna is mó atá ag Liam forbairt ar an turasóireacht chultúrtha. Is é is cúram an Údaráis cur le forbairt na tionsclaíochta sna ceantair Ghaeiltachta trí dheontais a chur ar fáil do chomhlachtaí agus trí chúrsaí oiliúna a eagrú. D’eisigh an tÚdarás Tuarascáil Bhliantúil Dé Máirt inar tugadh le fios gur tháinig titim de 2% ar an líon daoine a bhí fostaithe sna Gaeltachtaí anuraidh cé gur cruthaíodh 1,120 post sa tréimhse chéanna. Chuir an Leas-Phríomhfheidhmeannach, Pádraig Ó hAoláin, in iúl do Lá an tseachtain seo go raibh stádas ar leith de dhíth ar an Ghaeltacht sa Straitéis Spásúil Náisiúnta atá le foilsiú go luath. Iriseoir: Ciarán Ó Pronntaigh |
|
|