mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Oireachtas na Gaeilge: Cá bhfuil sé i mbliana? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Sunday, January 13, 2002 - 12:16 pm:   Edit Post Print Post

Dia dhíbh ar fad,
Táim díreach ag iarraidh fáil amach c'áit agus cá huair a bhéas an Oireachtas ar siúl i mbliana. Ní raibh mé ann ariamh agus má tá mé in Eirinn ag an am ba mhaith liom dul ann. An feidir nó ar mhaith le duine ar bith cur síos a thabhairt dom ar na h-imeachtaí a bhíonn's ann de gnáth?
An feidir le duine ar bith bheith páirteach sna comórtaisí nó an gcaithfidh duine bheith ina chainteoir dúchais chun páirt a ghlacadh iontú?

Ag súil le bhur bhfreagaí
Seosaí

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Monday, January 14, 2002 - 07:15 am:   Edit Post Print Post

Dia is Muire duit, a Sheosaimhín.

An tOireachtas i mbliana :

Déardaoin an 31ú de Dheireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 3ú lá de Mhí na Samhna i nGaoth Dobhair.

Gar go leor do na seanulacha agat féin!

Guthán an Oireachtais : 353 1 475 3857
ríomhphost :
idirlíon : www.antoireachtas.ie

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Monday, January 14, 2002 - 08:50 pm:   Edit Post Print Post

Go raibh míle maith agat, a Sheosaimh,
Bhí sé iontach deas freagra mo cheist a fháil chomh gasta sin. Tá an ceart agat, níl Gaoth Dobhair ró-fhada ó mo cheantar dúchais, ach is i deisceart an chontae a bhfaightear mo theaghlach féin , cé gur tógadh mo mháthair i Loch an Iúir. Beidh mé gnóthach as seo amach ag lorg ticéidí saoire abhaile i ndeireadh Fómhair agus Mí na Samhna.
Tá ceist eile agam ort, a Sheosaimh.
An bfhuil fios agat an bhfuil ceachtar de na hOllscoileanna in Eirinn ag smaoineamh ar cúrsaí iarchéime a chur ar fáil ar an idirlíon mar atá á déanamh ag an "Open University" sa U.K. Bhéadh suim agam tuilleadh staidéir a dhéanamh sa Ghaeilge, má tá an deis seo le fáil áit ar bith.

Beir bua agus beannacht,
Seosaimhín

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pól
Posted on Tuesday, January 15, 2002 - 11:15 am:   Edit Post Print Post

A Sheosamhín, a chara,
Maidin mhaith. Táim cinnte go mbainfidh tú sult as an Oireachtas. Bhí mise ann cupla mí ó shin, agus bhí an-lá agam ar feadh trí la... Is breá liom damhsa ar an sean-nós go hairithe, agus d’fhreastail mé ar an gcomórtas. Bhí sé lán go béal, agus chas Johnny Connolly ceol iontach ar an melodeon chomh maith. Bíonn RnaG ag craoladh ansin freisin, ‘s déanann TG4 clár beo darb ainm Ardán. Tá súil go mbeidh tusa ann i mbliana.
Pól

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Tuesday, January 15, 2002 - 01:53 pm:   Edit Post Print Post

Ceist iarchéime, Ghaeilge nó eile, ar an idirlíon?

Is eagal liom gur ag fanacht a bheas sinn le deis den chineál san a fheiceáilt i saol na Gaeilge, ach caithfidh sé theacht, luath nó mall.

Is dócha go bhfeicfidh tú ollscoil scairte, de chineál na hAlban, faoi chionn roinnt blianta. Chiallódh sé sin, ionaid éagsúla in Éirinn faoi choimirce ollscoileanna éagsúla :

Ráth Cairn/Cill Chainnigh le Maigh Nuad,
Corca Dhuibhne le hOllscoil Chorcaí,
Conamara/Maigh Eo le Gaillimh
Tír Chonaill le Cúil Raithin, nó le Béal Feirste,
más cruinn mo thuairisc.

Thug Peadar Mac an Iomaire an-chaint ar an ábhar ar RnaG scathamh gairid ó shoin. Measaim go mbaineann tábhacht thar na bearta leis an iarracht so.

Is cinnte go bhfeicfidh sinn ollscoil Ghaeilge, den chineál thuas, roimh 2006, abair. Táthar á leagan amach d'Éirinn. Níor thug mé fa dear go raibh ionaid thar lear ar an bacáin acu. Níor mhiste don mhuintir thar lear a bheith ag amharc rompu féin le nascanna a chothú roimh ré idir rannóga an léinn Cheiltise, nó a macasamhla, in ollscoileanna gar dóibh agus ranna ollscoileanna na hÉireann abhus. Ní neart go cur le chéile. D'fheilfeadh sé go mbeadh roinnt ollscoileanna lasmuigh d'Éirinn ag cur le chéile san iarracht acu féin d'fhonn teacht ar aon bhuille le hiarracht na n-ollscoileanna abhus. Tá na scileanna teanga amuigh thar lear i roinnt institiúidí tríú leibhéal. Cuimhnigh ar an líne dhíreach siar ó thuaidh agaibh féin, mar shampla, idir Milwaukee, Madison agus Naomh Pól/Minneapolis. Dá bhféadfaí aon ionad amháin a aithint faoi reacht Ollscoil na hÉireann i Meiriceá, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, i Sasain, in Albain srl., ba mhór ab fhiú iad. Bheadh fasach na bunsraithe leagtha thar lear ón tús. D'fhéadfaí tógáil ar na hionaid sna tíortha éagsúla san.

Ba bhreá liom féin diop. luibheolaíochta, nó geolaíochta a dhéanamh, fágaim, ach tá a fhios agam nach ndéanfaidh mé a leithéid i mBéarla go brách. An téarmaíocht Ghaeilge a shaighdeann chun na luibheolaíochta mé agus ba róleamh liom bliain a chaitheamh le hacadúlacht an Bhéarla d'fhonn teacht ar an eolas sna hábhair sin. Déanfaidh mé a leithéid i nGaeilg am éigin idir seo agus an saorthaisteal, le cúnamh Dé! Beidh mé ag amharc thart achan samhradh eadar an dá linn, ar an tseamsóig faoin choill, ar sheamair an bhláir agus ar an tseamróig faoi th-léinte Milwaukee!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Tracey
Posted on Wednesday, January 16, 2002 - 02:46 pm:   Edit Post Print Post

A chairde uilig!

Ba mhaith liom cur leis an rud a dúirt Pól maidir leis an Oireachtas - an-fhéile go deo a bhíonn ann i gcónaí - níor chaill mé ceann ó do bhfuair mé cead dul ag mo chéad cheann!!
A Sheosaimh, an bhfuil a fhios agat go bhfuil an-chuid téarmaí le fáil sa Ghaeilge anois ar ábhar na bitheolaíochta (ina fhaightear roinnt téarmaí luibheolaíochta) agus na geolaíochta. Tá sé i gceist ag an gCoiste Tearmaíochta (coiste oifigiúil na téarmaíochta Gaeilge) dlúthdhiosca (CD) a chur amach go luath ina mbeidh 8 gcinn (is dóigh liom!) de shainfhoclóirí - ceann na bitheolaíochta agus na geolaíochta san áireamh. Is fiú go mór a leithéid a fháil má tá suim agat cúrsaí na gcloch agus na luibheanna a phlé i nGaeilge.

Le dea-mhéin ón taobh eile den aigéan Atlantach!
Tracey

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Thursday, January 17, 2002 - 02:51 pm:   Edit Post Print Post

A Tracey, a Chara,

Is scéala úr dom dlúthdhiosca so an Choiste Téarmaíochta. Déanfaidh sé leas. Coinneod súil amach dó.

GRMA

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Sunday, January 20, 2002 - 07:52 pm:   Edit Post Print Post

A Sheosaimh a chara,
Tá an ceart agat. Ní neart go cur le chéile! Bhí tú á rá gur ba chóir do na daoine thar lear ag a bhfuil scileanna teanga acu a ndícheall a dhéanamh chun léinn Cheiltise a bhunadh in Ollscoileanna gar dóibh. Tá alán daoine anseo (sa Midwest) ag a bhfuil Gaeilge binn bláthmhar acu, ach is ceist eile ar fad é teacht ar dhaoine líofa sa Ghaeilge atá oilte ar bheith ina cheannaire ar Léinn Cheiltise nó ar "Scoil na Gaeilge" in Ollscoil éigin anseo. Níl na cáilíochtaí a bheadh riachtanach chun Léinn Ceiltise a chur ar bun in Eirinn ag éinne anseo ( sa Mid-West) lenar bhuail mé leis/léi go fóill. Cinnte, tá daoine sa tír ag a bhfuil céimeanna (B.A. Hons) bainte amach acu sa Ghaeilge ach nach bhfuil íarcéim sa teanga acu.
Mar sin, ní bheadh siad abálta bheith ina "mentor" do dhalta i Masters/Phd. programme, an mbeadh?

Sin an fáth a bhí mé ag freagairt faoi chúrsaí íarchéime i nGaeilge ( ó Ollscoileanna in Eirinn) ar an idirlíon. Tá alán Ollscoileanna sna Stáit Aontaithe ag cur an deis seo ar fáil do dhaoine chun Masters agus Phds a bhaint amach in ábhair éagsúla.Tá an deis seo ar fáil ag an "Open University" sa U.K. le dhá nó trí bliana anúas, ach cinnte, níl an teanga Gaeilge ar a liosta acu!
Tá an-suim agam féin íarchéim a bhaint amach sa Ghaeilge ach níl duine ar bith ins na hOllscoileanna gar dom oilte ar bheith ina "mentor" dom. Dá mba rud é go raibh ceachtar de na hOllscoileanna in Eirinn ag iarraidh an saghas seo staidéir a chur ar fáil, bheinn sásta é a thriallú dóibh!
Tuigim an méid atá ráite agat faoin luibheolaíochta agus an geolaíochta go maith. Bheadh sé an-speisiúl duit na hábhair seo a staidéar trí mhéan na Gaeilge ach an-obair a bheadh i gceist iad a staidéar trí mhéan na Béarla.
Bhí an cur síos faoi hOllscoileanna scártha atá le cur ar bun roimh 2006 iontach suimiúil ar fad. Ní raibh a leithéid cloiste agam go dtí seo.

Ba bhreá liom freagra Tracey a léamh ach ní feidir liom é a thuigmheáil. Is dóiche go bhfuil na "fadas" ag cur isteach uirthí.

Ar scor ar bith, más maith le éinne faill a thabhairt dom chun cúrsa íarchéime a leanadh ar an idirlíon, scríobh chugam!

Slán go fóill,
Seosaimhín

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Monday, January 21, 2002 - 12:46 pm:   Edit Post Print Post

Maidin maith a Phóil,
Go raibh maith agat os ucht an cur síos deas a thug tú dom ar an Oireachtas. Bheadh sé go hiontach na cómortaisí rince a fheiceáil. Déanfaidh mé mo dhícheall dul ann i mbliana má tá an deis agam. Is fada uaim Gaoth Dóbhair faoi láthair agus mé i Milwaukee, USA.
Le cuidiú Dé beidh faill agam dul ann,
Slán go fóill,
Seosaimhín

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge