Author |
Message |
Gillian
| Posted on Wednesday, November 28, 2001 - 05:23 pm: |
|
Gillian is ainm dom agus níl mo chuid gaeilge go híontach ach tá im ag iarraidh! Tá mé sé bliana déag d'aois agus tá mé san idir bliain. Beidh mé ag freastal ar cúrsa as Gaeige i gcúpla seachtaine agus tá caidheán gaeilge an ard ag na daoine eile a bheidh ann. Tá imní orm! Ar aon nós stopfaidh mé ag gearán anois! Scriobh ar ais chugam i Gaeilge simplí le do thoil! Slán go fóill le grá, Gillian |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Wednesday, November 28, 2001 - 05:32 pm: |
|
Bail ó Dhia ort, a Gillian. Conas taoi/Cad é mar atá tú/ Cén chaoi 'bhfuil tú? Gheobhaidh tú daoine go leor a scríofas (= scríobhfaidh) chugat abhus (= anseo). Go n-éirí an cúrsa agus an idirbhliain leat. Ádh mór. |
|
Gillian
| Posted on Wednesday, November 28, 2001 - 05:38 pm: |
|
Táim ceart go leor go raibh maith agat ach saghas tuirseach. Beidh díospóireacht agam amárach agus táim an-neirbhíseach agus beidh faoiseamh orm nuair a bheidh sé críochnaithe! |
|
Tracey
| Posted on Thursday, January 17, 2002 - 03:07 pm: |
|
Gillian, a chara, Coinnigh leat - ná bí buartha faoi chaighdeán do chuid Gaeilge. Smaoinigh air mar sin - i gcomparáid leis an gcuid is mó de theangacha an domhain níl ach dornán (handful) againn ann atá sé de chumas orainn cómhrá a dhé anamh as Gaeilge - b'fhéidir go bhfuil roinnt daoine ann ar leibhéal níos airde ach tá na milliúin ann nach dtagann gar duit! Go n-éirí leat, Tracey |
|
Gillian
| Posted on Thursday, January 17, 2002 - 06:22 pm: |
|
Go raibh maith agat Tracey agus braithim níos fearr anois! Nuair a chonaic mé do teachtaireacht cheap mé go raibh sé saghas ait mar is é Treacy mo sloinne agus tá cara agam freisin agus Tracy is ainm di! Ar aon nós go raibh maith agat arís, Gillian |
|
Tracey
| Posted on Wednesday, January 30, 2002 - 02:43 pm: |
|
Taim ar ais chugat aris Gillian! Ta suil agam go bhfuil ag eiri go maith leat le do chuid Gaeilge agus go bhfuil si in usaid agat chomh minic agus is feidir. Cuirfeadh se go mor le do mhuinin (confidence) da mbainfea usaid as an leagan Gaeilge de nathanna bunusacha an Bhearla - nathanna ar nos 'go raibh maith agat/go raibh mile' in ionad 'thanks', 'slan' in ionad 'goodbye', 'aon sceal' in ionad 'any news', etc. - beidh ionadh ort nuair a chloisfidh tu pe meid ata toillteanach do chleactadh a leanuint ma cuireann tu tus leis! Tabhair aire, Tracey |
|
|