mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » An tAon Seirbhís Ghaeilge ar Domhan. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Saturday, November 17, 2001 - 08:54 am:   Edit Post Print Post

A Chairde Liom,

Is le drogall iaragóide a ghéill an stát theas Raidió na Gaeltachta dúinn, nach mór scór go leith bliain ó shin. Ní bhíodh againn ach uair go leith de chláracha cainte in aghaidh an lae ag an tús. Fágadh Raidió na Gaeltachta ar bhallán cúil RTÉ i rith an achair, faraor, ach is maith a chruthaíodar d'ainneoin sin. Is iondúil nach mbíonn ach beirt i mbun craolta ag am ar bith, de ló is d'oíche. Cuireadh leis na huaireanta craolta agus éistear leis an tseirbhís i ngach tír ar dhromchla na cruinne anois.

Is í Raidió na Gaeltachta an t-aon seirbhís phoiblí Ghaeilge, craolta nó eile, atá againn. Tá an Roinn Arts, ... and the Gaeltacht meáite ar phríobháidiú agus táid le ciorrú chuige sin i ngearrachar. Níl againn ach coicís ar a mhéid le cur ina gcoinne. Más mall is mithid dúinn a éileamh go ngearrfaí geimheal Donnybrook ar an stáisiún Gaeilge seo, ionas go mbéarfaí dó gach ceart cinneadh agus maoiniú dá réir féin.

Arbh fhéidir bus nó scuaine carr a líonadh i ngach baile mór in Éirinn le cnap 'Gaeilgeoirí' a sheoladh go BÁC? Mura mbrisfidís an 'fhuinneog amháin ar son na Gaeilge', b'fhéidir go ndéanfaidís agóid ghlórach. Bheinnse féin ag iarraidh dul ann deireadh na seachtaine seo chugainn, Dé Sathairn 24-11-01, agus tá roinnt daoine ar m'aithne amhlaidh. Beidh roinnt as Glór Shligigh Liatroma ann cinnte. (Glaoigh ar Aindrias Ó Lochlainn ag 071-64264) Ba mhaith liom scéala a chlos (ag an seoladh thuas) ó dhuine/dhaoine a thiocfadh ar léirsiú mar sin. (nó Dé Sathairn 1-12-01?)

An bhfuil léirsiú beartaithe cheana féin, nó dá bheartú, ag buíon éigin amuigh ansin i ngan ' fhios dom? An tIonad Buail Isteach, muintir Bhéal Feirste, Cumann Chearta Sibialta na Gaeltachta, Óige na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, nó eile? Má deir muintir Bhaile Átha Cliath am agus áit linn, tiocfaimid leo ar an láthair san am céanna.

Socraímist am agus ionad roimh mhaidim Dé Luain 26-11-01, más féidir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, November 20, 2001 - 01:59 pm:   Edit Post Print Post

Seo daoibh teachtaireacht a d'fhág ár seanchara, Liam Ó Cuinneagáin, ar an chlár plé ag www.beo.ie. Ní dhéanfadh roinnt litreacha ó Mheiriceá lá dochar don fheachtas. Seosamh MacBhlos.

A chairde,
Tuigtear dúinn uilig tábhacht sheirbhís Raidió na Gaeltachta. Le cinntiú nach gcuirfear deireadh le réimsí tábachtacha dá gcuid oibre, is fiú go gcloisfí ár nglór! Scríobhaigí chuig na daoine seo a leanas:

An Taoiseach,
Dáile Éireann,
Baile Átha Cliath 2.

Máire Ní Chochláin, TD
Aire Stáit,
Roinn na Gaeltachta,
Dún Aimhirgín,
Bóthar Mespil,
Báile Átha Cliath 4

Charlie Mc Creevey, TD
Aire Airgeadais,
Dáil Éireann,
Baiule Átha Cliath 2

Is acusan an cinneadh!

Liam Ó Cuinneagáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Wednesday, November 21, 2001 - 07:41 am:   Edit Post Print Post

Maith an fear, a Sheosaimh. An-obair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam ó Briain
Posted on Wednesday, November 21, 2001 - 03:13 pm:   Edit Post Print Post

Iarraim ar gach cainteoir Gaeilge bheith páirteach in agóid i gcoinne RTÉ agus an Rialtas. Tá ár stáisiún faoi ionsaí agus mar an chéana tá muid faoi ionsaí freisin. Táim toilteanch seasamh in aghaidh an ionsaí seo.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge