mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » An aimsir, arís « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, November 09, 2001 - 10:56 am:   Edit Post Print Post

Tá tamaill ann ó bhí snátha againn anseo.
Tá sé eirithe damantá fuar le cúpla lá anseo i mBÁC.
2 cheim ar maidin (Celsius) agus mé ag dul ar an traein ar obair. Conas tá agaibh fhéin?

Sceilín beag grinn anois (Táim ag athleamh Greann na Gaedhilge, a phioc mé suas i siopa leabhar dara lámh áit eigin).

Tá Seimí ar scoil, agus insíonn an muinteoir an dóigh ar chruthaigh Dia Eabha as easna Adhamh.

Ístoíche bíonn Seimí ag gol, agus cuireann a mháthair ceist ar cad tá cearr. Tá pian in a thaobh aige! Deireann a mháthair lesi go mbeadh sé ceart go leor, gur rud éigin a d'ith sé is cúis leis.

"Nílim buairthe féin bpian, a Mhamaí, ach sé an chuí go bhfuil eagla orm go bhfuil Dia chun bean a dhéanamh dom...."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Wednesday, November 14, 2001 - 02:13 pm:   Edit Post Print Post

An aimsir sa Phacific Northwest: geal agus tirim ag tús na míosa, ansin báisteach gan staonadh le trí lá anuas. Ach níl sé fuar ná gaofar. Stoirm dheas dhea-mhúinte atá inti, agus tá an t-uisce ag teastáil uainn.

Chuala mé go raibh (go bhfuil?) sé an-tirim sa Northeast.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Monday, November 19, 2001 - 12:16 pm:   Edit Post Print Post

An-tirim anseo le tamall fada anois. Tá dóiteáin choille insna stáit níos faide ó dheas mar gheall ar an triomach ach ní anseo in oirthuaisceart na tíre. Bíonn sé níos teo ná mar is gnách an fómhar seo. Bíonn na spéartha gorm, na crainn go hálainn agus an t-aer glan go minic. Mar chúiteamh ach chomh beag as an tubaiste ar 9-11.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Monday, November 19, 2001 - 03:00 pm:   Edit Post Print Post

Bhí deireadh seachtaine grianmhar againn abhus anseo i Seattle, ach tá sé an-fhliuch arís inniu, ag cur báistí go trom agus gan staonadh. Tá súil agam go bhfaighidh sibh cuid den bháisteach chéanna nuair a shroichfeas an 'front' seo Nua-Eabhrac.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, November 20, 2001 - 01:33 pm:   Edit Post Print Post

Is fada uainn -- agus linn -- an fronta céanna. Caithfidh muid lá geal álainn eile a fhulaingt inniu mar sin :-(

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Tuesday, November 20, 2001 - 02:33 pm:   Edit Post Print Post

Lá gruama eile agus báisteach á bagairt arís anseo.
Gheobhaidh sibh cuid di, luath nó mall.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge