Author |
Message |
Liam Ó Briain
| Posted on Thursday, October 25, 2001 - 04:40 pm: |
|
I mBéal Féirste tá breacgaeltacht ann ar Bóthar Shaw, Tá café Gaelach, paipéar laethúil Gaelainn, comhlacht Aisteoirí(Aisling Ghéar) agus Cultúrlann MacAdam Ó'Fiaich. B'fheidir go bhfuil sé seo an chathair níos Gaelach in Éirinn! San Ardchathair BÁC tá Café Trí D, bialann- an Dáil Bia, béar sa Chlub Conradh, nílím cinnte faoi seo ach Theatrespace@Mint mar Amharclann don Ghaeilge, Raidió na Life agus Club Sult. I nDoire Colmcille tá an Gaeláras agus café inti. Ach i Luimneach níl dada mar tá ach cúpla cainteoirí ann agus daonra Luimneach ná 75,000. Tá níos mó Spáinais(na daltaí ag foghlaim Béarla) agus Fraincís( Na Inimircigh as an Afraic) ar sráideanna Luimneach ná Gaeilge. Níl aon áiseanna againn agus níl aon pointe seirbhísí mar thuas luaite a chur ar fáil mar áirím go bhfuil ach leathchéad le Gaeilge maith sa Chontae. Táim éádochasach faoi sin. Ar aon nós táimse ag déanamh iarracht dul chuig Oireachtas na Gaeilge i Daingean Uí Chúise ón 1-4ú Samhain. Beidh sé seo mo chéad uair ann agus táimse ag tnúth leis. |
|
Batman
Member Username: Batman
Post Number: 5 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 12:32 pm: |
|
Is docha da mbeadh na 26 contae faoi smacht na Sasannaigh go mbeadh an Gaeilge níos laidre.....sin cad a cuileas ar aon nós????????? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 520 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 06, 2004 - 10:57 am: |
|
B'fhéidir - nó b'fhéidir go mbeadh sí marbh ar fad. Is fíor-dheacair é sin a rá. Tá Cymraeg beo slán ach tá Gàidhlig ana-lag na laethanta so. Cuireann sé iontas orm i gcónaí (cé go rabhas in Éirinn go minic) ná fuil daoine ag foghlaim na teangan. Más féidir liomsa an chuid atá agam a fhoghlaim i Helsinki, chreidfeá gur féidir é a dhéanamh níos fearr in Éirinn... |
|
Batman
Member Username: Batman
Post Number: 7 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, November 06, 2004 - 03:13 pm: |
|
I mo theoirim an rud a chuireann isteach ar daoine na an modh no an chaoi ina muineann siad an Gaeilge. D'fhreastal me go scoil lan Bearla agus ni raibh focal da laghad agam nuair a chuaig hme isteach sa mheansciol ach amhain me,tu,se,si,sinn,sibh,siad. Beidh siad nios fearr beim a cuir ar comhra agus an teanga a labhairt. An Eireannach tu Jonas? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 522 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 07, 2004 - 09:12 am: |
|
Is as an bhFionlainn dom, a chara. Aontaím leat mar gheall ar an gcaoí a muintear an teanga sa scoil. Gach seans nach mbeadh suim agamsa sa teanga dá mbeinn im chónaí i mBAC. ;-) Ba cheart "Gaeilge na Scoile" a athrú... |
|
Criostóir (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, November 09, 2004 - 06:24 pm: |
|
An maith leat ceol de Sibelius, a Jonas ? Ní raibh mé i bhFionlainn riamh, ach is é Sibelius an cumadóir is fearr liom sa domhan. |
|