mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2002 (January-June) » Cuntas gairid faoi Cape Breatuinn-oiléan Ceilteach agus Gaidhlig! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam ó Briain
Posted on Tuesday, October 16, 2001 - 04:12 pm:   Edit Post Print Post

A chairde,
Seo cuntas faoi trí lá chaite ann.

"Sé Cape Breatuinn tír mo ghrá" sin mar a deirtear taobh amuigh ón gColáiste Gaidhlig i St.Anne's i lár an oiléan. Tá St.Anne's cáiliúil mar is é an t-aon coláiste don Ghaidhlig i Meiriceá Thuaidh agus eagraíonn siad cursaí Gaidhlig ann gach Samhradh. Ach is é baile Mabou ar an cósta iarthair den oiléan atá dílseacht dá theanga. Bhíos sa teach tabhairne An Red Shoe oíche amháin agus ó tríocha daoine inti bhí ochtar nó naoinar ag caint an Gaidhlig. Tá an teanga Gaidhlig á mhúineadh sa mhéanscoil an áit amháin san oiléan. Tá beagnach 1,000 cainteoirí fágtha anois ann.Bhí 75,000 ag caint é ag tús an naoú haois déag. Bhíos ag fanacht sa HI Mabou River Hostel agus dúirt an fear go raibh an Gaidhlig ag thuismitheoirí a bhean chéile ach bhí a mhac ag labhairt ach an Béarla. Tá teaghlaigh eile ag caint é i Baddeck. Caithfidh mé a rá ní raibh mórán am agamsa san áit úd ach sin pictiúir. Tá a an céilíthe ann ó Bealtaine go dtí Diereadh Fomhair. Rinneas an Cabot Trail tríd Baddeck, St.Anne's, Iongonish, Neils Harbour, Cheitcamp- an Fraincís á labhairt ann, St.Joseph du Moine, Grande Etang-'siad Fraincís freisin, Margaree Harbur agus Mabou. Is oiléan aoibhinn iontach é agus dar liomsa ceann desna áiteanna is fearr sa Domhain. Mollaim égo leor mar oiléan saoire.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Ó Briain
Posted on Wednesday, October 17, 2001 - 01:03 pm:   Edit Post Print Post

Gabhaimse leithscéal faoin botúin Dieradh agus srl. Bhuaileas le fear i Halifax tí tabhairne An old Triangle ag foghlam an Ghaeilge le duine eile in Ollscoil Naomh Mhuire. Bhí sé ar chúrsa samhradh i nGleann Colmcile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Wednesday, October 17, 2001 - 10:46 pm:   Edit Post Print Post

Níl éinne ar lorg earráidí ag léamh teachtaireacht mar seo dó, a Liam. Nó, má tá, tá an duine gan chéill nó ní duine réasúnta é. Pé scéal é, bhain mé sult as. Bhí sé suimiúil. Go raibh maith agat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam ó Briain
Posted on Saturday, October 20, 2001 - 06:23 am:   Edit Post Print Post

Tá ceangal idir an Gaeilge agus an GAIDHLIG sin an réasún go raibh an tuairisc seo ann. I don't normally do this and I'm or anyone else out of their heads reading about Scots gaelic.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosaimhín Nic Rabhartaigh
Posted on Sunday, January 13, 2002 - 01:01 pm:   Edit Post Print Post

Go raibh míle maith agat a Liam don cur síos a thug tú dúinn ar Chape Breton. Bhain mé an sult as. Bhí mé ag iarraidh fáil amach an raibh cainteoirí Ghaidhlig i Cape Breton go fóill agus anois tá an freagra agam!
Nuair a bhí mé ag staideár an Ghaeilge san Ollscoil, chaith mé trí de na ceithre bliana ag staideár Gaidhlig na hAlbain chomh maith. Bhí sé riachtanach.Go háirithe sa dá bhliain deireanach, rinnemar staideár ar alán amhráin a scríobh muintir na hAlbain agus iad tar eis teacht ar inimirce go Cape Breton i ndiaidh na "Highland Clearances" ( c18th).
Rinnemar dian staideár ar na bhfocail agus is iadsan a bhí brónach croí-bhriste agus na scríobhneoirí ag imeacht go tír eile. Is mór an trua é nach dtugtar an ceol dúinn chomh maith. Ba bhreá liom cúpla amhráin as Gaidhlig a bheith agam chomh maith le "Bheir mi ó".

Ar chuala tú aon fidléirí nuair a bhí tú ann? Ar bhain tú solt as cibé ceol a chuala tú?

Cibé ar bith, go raibh míle maith agat don tuairisc, agus aontaím le Seosamh, ná bí ró buartha faoina botúin. Tá siad á déanamh ag cách achán lá!

Slán go fóill
Seosaí

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge