mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2001 (July-December) » Gaeilge san ollscoil « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

gearóid ó Domagáin
Posted on Tuesday, August 28, 2001 - 07:39 am:   Edit Post Print Post

Dia daoibh!

Is mac léinn mé sa tuaisceart agus tá mé díreach i ndiaidh scrúdú an AS a dhéanamh. tá sé in am agam anois cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí ollscoile agus tá mé idir dha thine bhealtaine mar gheall air. Tá mo chroí istigh sa teanga agus ba bhreá liom leanstan lei ach níl suim agm dul i dtreo na múinteoireachta agus ar an drochuair is beag post atá ar fáil le ceim sa ghaeilge seachas an mhúinteoireacht. Tá feith na ríomhairí agam fosta agus thiocfadh liom ceim a dhéanamh sa ríomhaireacht ach níl mé ag iarraidh an ghaeilge a chur ar leataobh. níl a fhios agam an bhfuil duine ar bith agaibh eolach air seo,ach ba mhaith liom fáil amach an bhfuil cúrsa ar bith in ollscoil ar bith in Éirinn a tháirgeann comhchéim(joint degree) sa dá ábhar sin.

Bhéinn buíoch don té arbh fhéidir leo cúidiú liom

go raibh maith agat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, August 28, 2001 - 10:28 am:   Edit Post Print Post

caith suil ar www.dcu.ie/fiontar - is cinnte go bhfuil rud éigin acu duit!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge