mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Brothall an tsamhraidh « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh (2cust117.tnt69.nyc3.da.uu.net - 63.57.16.245)
Posted on Wednesday, August 08, 2001 - 11:57 pm:   Edit Post Print Post

Nach breá an aimsir atá againn insna Stáit Aontaithe (seachas an t-iarthuaisceart)? Las mé an t-inneall aerchóirithe -- rud is annamh -- agus níl sé ar intinn agam bogadh amach go deo -- dhá lá eile an mana ar an teilifís. Titfidh an teocht ansin go rud éigin sofhulaingthe -- 86-87 céim F. Idir an dá linn, tá ag teip ar an leictreachas anseo is ansiúd i Nua-Eabhrac agus Nua-Jersey le cur leis an teannas. Déanfaidh mé mo chuid anois múchfaidh mé an ríomhaire.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus (vpn.parthus.com - 62.221.5.1)
Posted on Thursday, August 09, 2001 - 03:50 am:   Edit Post Print Post

Ar son Dé, faighgí ginnteoir abhalaise gréine dos na hineall aerchóirithe, agus beidh níos lú fadhbanna agaibh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh (1cust150.tnt66.nyc3.da.uu.net - 63.57.26.150)
Posted on Thursday, August 09, 2001 - 01:19 pm:   Edit Post Print Post

Tá sé sin i bhfad róloighiciúil, a Aonghus, innealltóir. Ach tá an smaoineamh sin ag fás, sílim. Chonaic muid painéil ghréine ar an teach ar le m'athair é, an teach inar chónaigh mise nuair a bhí mé óg (agus nach raibh AC ariamh ann san am sin!) Luaigh uachtarán bhord ár gcomharchumainn fuinneamh gréine ag an chruinniú deireannach ach is ar an mhéar fhada atá an smaoineamh sin. Cuirfidh mé brú orthu leanadh leis agus molfaidh mé dóibh nasc a dhéanamh le hinnill aerchóirithe.

Níor thit an teocht faoi bhun 85 F thar oíche, dála an scéil. 100 F á thuar inniu anseo i gcathair Nua-Eabhrac. Níos airde i Co. Mhonmouth, croílár limistéir Dhaltaí na Gaeilge. Tá súil agam go bhfuil Liam, Pádraigín, Pádraig, Seán Mac L., Éamonn, srl. slán, gan trácht ar an dream i bhPhiladelphia (na Cearca, srl).

Má thugann sibh thall in Éirinn faoi deara go bhfuil meath ar chaighdeán na Gaeilge (agus an Bhéarla :-) insna teachtaireachtaí ar an Idirlíon, tuigfidh sibh an fáth.

Caithfidh mé a admháil, áfach, go bhfuil an tais íseal -- 40+% -- agus go bhfuil leoithne ann. Ní raibh mé ag cur allais chomh dona inné agus a bhím gnáthlá brothallach 88 F. Rith mé sa pháirc fiú arú inné (i ndiaidh titim na gréine) ach ní dhéanfainn a leithéid inniu. Sin an scéal inniu ó Mheireacá.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge