Author |
Message |
Alan Ó hAoire
| Posted on Friday, July 13, 2001 - 11:52 pm: |
|
Would anyone happen to have an original spelling of "Feely", and/or an idea of what the name might mean? Buíochas, Alan |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Saturday, July 14, 2001 - 02:04 pm: |
|
Feely : Sloinne nár mhiste a bheith cairéiseach i dtaobh a bhunleagain. Tá deich leagan Béarla ag Matheson dó. (Surnames in Ireland 1901 & 1909; Baltimore 1994) Mac Ficheallaigh i gCo. Dhoire, de ghnáth. Rinneadh Mc Feely agus Fehilly de. Caitheadh an Mac i gcartaí in amannaí. Ó Ficheallaigh i gCorcaí, de ghnáth. Rinneadh Fehilly, Feely agus Field de. Ó Ficheallaigh i Ros Comáin, de ghnáth. (< Ó fid+cell+ach = wood+sense+person = descendant of chess player) Rinneadh Feely agus Fehilly de Foley/Fowley (< Mac Searraigh = son of Foal) i dtuaisceart Chonnacht. Rinneadh Foley/Fowley de Mc Shera (< Mac Séartha), i dtuaisceart Ros Comáin, creidim. Dona go leor, ach breathnaigh : Rinneadh Foley de Feehily/Feely (< Ó Ficheallaigh) sa gcompal céanna, oirthear agus tuaisceart Chonnacht, rud a fhágas an scéal sách casta anois againn. Bhí ceantar den ainm 'Muintir Fichellaigh' i Maigh Luirg, .i. tuaisceart Ros Comáin. Áiríodh Muintir Ficheallaigh na háite sin i measc na bhFear Sgeinne. (Níl a fhios againn an fada nó gearr a bhí an chéad ghuta 'e' sin. Is é mo bharúil féin gur Fir Sgéinne a bheadh orthu, cibé is fiú barúil sna cúrsaí seo.) 'Anna Bean Uí Fhidhcheallaigh' a tugadh ar chainteoir dúchais Gaeilge i nGleann Éada, Co. Liatroma, a roinn amhrán leis an Ollamh Ó Máille breis is 70 bliain ó shoin. Bhí an sloinne ag babhtáil le Mac Searraigh sa cheantar ceannann céanna, áfach. Taobh eile an tsléibhe agus sinn i lár ceantair Chlainne an tSearraigh fós, bhí 'Séamas Ó Fighuillaidh' (sic) 'James Feely' (sic) 'air na Mátaigh a bpuraiste Rosenbher' ag scríobh (1823 -1828) ls. G 436 na Leabharlainne Náisiúnta. (Mautiagh an lae inniu.) Foley a bhí ag an gCnoc Dubh, Cill Luaithreann, i ndeisceart Shligigh, le linn Luacháil Griffith, ach Feehily atá anois orthu. Is féidir gur le dream Ros Comáin iad so agus gurbh é 'Feehily' a bhí dhá rá ag am Griffith féin, ach mar a tharla go minic, gur breacadh síos dóibh cibé a mheas goicíní an stáit ag an am. Is minic cú mall sona, deir siad agus i gcás éiginnteacht sloinne, is fiú go mór seal blianta staidéir a ghlacadh ar an gceist. Níl aon ní is gaire duit ná t'ainm. B'fhearr a bheith mall meáite ná gasta san éagaois. Beir bua. |
|
|