mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2001 (July-December) » Translation of "house of dreams" please. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

arthur finegan (dubproxy1.net.external.hp.com - 212.120.141.132)
Posted on Tuesday, May 29, 2001 - 10:25 am:   Edit Post Print Post

Can anyone please help me with the translation for "house of dreams" or "dream home" as I was thinking of using one of these to call my new house.
Thanks in advance:Arthur.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (caroldowling.staff6.ul.ie - 136.201.145.201)
Posted on Thursday, May 31, 2001 - 06:32 am:   Edit Post Print Post

Tigh na hAislinge (sound : CHEE ne HASH-ling-eh)
or
Toigh na hAislinge (almost sounding 'toy' : TEE ne HASH-ling-eh)

Is fearr an fhoirm 'teach' a sheachaint sa chás seo / It is best to avoid the form 'teach' for naming purposes. Níorbh í ba dhual don Ghaeilg / It hasn't been the practice. There are reasons for this.

Ádh mór.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis (c792392-a.sttln1.wa.home.com - 24.19.205.18)
Posted on Saturday, June 02, 2001 - 01:59 pm:   Edit Post Print Post

Ba bhreá liom beagán níos mó a chloisteáil faoi úsáid an tabharthaigh ('tigh' i leaba 'teach') in ainmneacha. Tá a fhios agam go bhfuil 'Tigh X' sách coitianta más teach tábhairne nó óstlann atá i gceist, agus go bhfuil sé seo cosúil le 'Chez Louis' etc. mar ainm bialainne sa Fhrainc. Tá an 'Tigh' seo chomh fóirsteanach céanna do theach príobháideach mar sin?

Dála an scéil, a Sheosaimh, bhain mé sult as an alt a scríobh tú faoin Life ar "Beo!", agus thug mé iarracht ar tcht a chur chugat ag an seoladh atá nasctha leis an alt, ach tháinig an tcht ar ais le fógra á rá liom "bad destination mailbox address".

Dennis King

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh (1cust16.tnt30.nyc3.da.uu.net - 63.42.158.16)
Posted on Sunday, June 03, 2001 - 09:40 am:   Edit Post Print Post

Agus cad é do bharúil, a Sheosaimh, fá 'áras' in ainm fhoirgnimh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (caroldowling.staff6.ul.ie - 136.201.145.201)
Posted on Monday, June 04, 2001 - 12:58 pm:   Edit Post Print Post

Is trua liom nár oibrigh an ríomhphost an chéad iarraidh. Ní fheadar arbh é an fleiscín íochtair is bun leis, idir an 'c' agus 'm' : ....c_m....
Má fhéachtar leis mar ghnáthríomhphost, ba cheart go n-oibreodh sé. Tá athsheoladh agam anseo thuas : seosamh.macmuiri@ul.ie

Mo bharúil ar an t. tabharthach áite seo? Tá a fhios agam go luaitear ainmneacha na dtithe tábhairne, Toigh/Tigh Johnny Sheáin, srl., agus daoine ag trácht ar an tabharthach. Litrítear go ciotach é mar 'Tí', scaití, i gConnachta. (B'fhearr an fhoirm úd a fhágáil ag an nginideach.) Luaim féin na tithe tábhairne as gach cearn le cur abhaile ar dhaoine go bhfuil an cleachtas seo, t.t. áite, in achan bhall. Bím ag dúil nach nglacfaidh éinne col leis ar an gcaoi sin. Measaim gur as an mbéimniú seo na dtithe tábhairne, go siltear gur i leith an tí tábhairne amháin a fheidmhneofar an t.t. áite.

Chualas an dream is fearr caint ar an dul sin, an t.t. áite, agus iad ag trácht ar an ngnáth-theach cónaí. Chuala ar an láimh eile, ceann de na fíorsheantaifeadtaí de chuid Raidió Éireann a raibh t.t. áite agus an réamhfhocal in éindí roimhe. 'i dtoigh X' a dúradh. Ba chuma liom 'go toigh X', mar ba dhóigh leat nach ndeachaigh an té a bhí i gceist isteach sa teach, ach go dtáinig sé a fhad leis an teach. Mura dtiocfadh sé ach i ngaobhar an tí, fós féin, is leor 'toigh X' a rá. Thug Wagner blas amháin de sin agus roinnt eile den ghnáth-t. t. áite ina leabhar 'Gaeilge Theilinn' :

... go dtáinig sé toigh Bhiddy; (móide nóta ar an 'go' nár labhair an cainteoir)
... coileán a fuair mé thall toigh Shéamais;
... tc(h)ífidh mé thú toigh Bhiodaí Ann.

- Níl mé a rá nach bhfuil teach óil san áireamh sin.
Níor mhiste amharc ar roinnt dá bhfuil ag an Duinníneach, ina measc, 'Bhí sé ar cuairt tigh cómharsan'.

Mholas féin 'Áras' i gcás institiúide sa bhaile. Theastaigh uathu seo an focal 'áras' a sheachaint ar an ábhar go raibh barraíocht 'áras' mórthimpeall! Mholas ainmneacha eile dóibh. Ghlacadar leis an múnla 'Ard na ....' ar an iúl go raibh an foirgneamh ar ard suntasach. Is é mo mheas go rabhadar á sheachaint mar 'áras', mar gheall go díreach go mba institiúid iad agus go mba fhocal institiúidiúil é. Is fearr liom an t-ainm a roghnaigh siad.

Níl mé a rá gur mar a chéile, an focal 'áras' in Éirinn agus 'áras' i Meiriceá, mar ainm foirgnimh. Bheadh gotha i bhfad Éireann(!) ní ba fhearr aige thall mar fhocal.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge