Author |
Message |
Larry
| Posted on Thursday, April 05, 2001 - 11:15 am: |
|
Could somebody please translate the following lyrics (ideally line for line) for me. I'm told that "Is fada liom uaim í" can be translated - poetically - as "I miss her". Is that correct? Is fada liom uaim í ar uaigneas gach baile a mbíonn sí, Is le gach ógánach suairc a ghluaisfeadh in aice na dí. Dá dtigfeása anuas ar chuairt fá bharra na gcraobh Le gairm na gcuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi. A Mhalaidh, a chéad searc ná tréig thusa mise go brách Go bhfuil mé i do dhiaidh gach aon lá fá mhullaigh na n-ard; Is tú cruithneacht ar mhná Eireann, is tú b'fhéile dar ghlac ariamh lámh Is dar mionna mo bhéil, ní bréag a bhfuil mé is tú á rá. Is a Mhalaidh mo ró-ghrá tá an t-órfholt snoite glan réidh, Cum cailce tá ró-dheas a chuirfeadh bród ar fhearaibh an tsaoil, Béilín meala mar na rósaí, súil mhódhmhar ghorm gan claon, Is i gcoillí ag baint chnónna, 's é mo bhrón gan Malaidh agus mé. I'm very grateful for your help with this. Larry. |
|
|