mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Suíiomh i nGaeilge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bríd
Posted on Tuesday, April 03, 2001 - 03:06 pm:   Edit Post Print Post

Ta suíomh scoile againn
www.iol.ie/~cgscoil
ba bhréa liom a fháil amach ce acu is fearr le daoine,Gaeilge agus Béarla ar aon leathanach amháin,mar atá,nó dhá leagan difriúil,ceann amháin i nGaeilge agus an ceann eile i mBéarla.
Le mór-mheas,Bríd

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, April 03, 2001 - 11:42 pm:   Edit Post Print Post

An-deas ar fad. Bail ó Dhia or an obair.

B'fhearr liom féin meascán Béarla agus Gaeilge (agus Gearmáinise) a fheiceáil ach leis an bhfeidhm ar an Ghaeilge.

Má tá leathanach fáiltithe as Gaeilge amháin agaibh -- agus ábhar eile as Gaeilge amháin, b'fhéidir -- d'fhéadfadh sibh bheith páirteach insan Fháinne Órga, sraith suíomhanna Gaeilge.

Níor mhaith liom an Béarla a bheith scartha go hiomlán ón Ghaeilge, mar ansin bheadh daoine ag dul isteach i dtimpeallacht lánBhéarla. Ach ar mhaitheas na Gaeilge sílim gur chóir dúinn níos mó spáis a thabhairt don teanga gan achan fhocal a bheith aistrithe go Béarla.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, April 04, 2001 - 03:47 am:   Edit Post Print Post

Bríd
b'fhearr liom fhéin an Gaeilge a bheith ar lch eile seachas
an Bhéarla - agus níos mó dí bheith ann! Bíonn sé deacair a dhaoine ar béagán Gaeilge an Gaeilge a léamh nuair a bhíonn an teacs i mBéarla díreach taobh leis.

Tá dealramh taithneamhach ar bhur leathanaigh, ach tá an chuid is mó den abhar (seanchas faoi éin agus rl) i mBéarla. Tuigim gur mar sin a tháinig sé isteach, ach narb fhearr roinnt dé a aistríu go Gaeilge sula gcuireann sibh ar líne é?

go n-eirí libh
Aonghus

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bocstaí
Posted on Wednesday, April 04, 2001 - 07:38 am:   Edit Post Print Post

Ó thaobh cur i láthair an ruda, b'fhearr i bhfad dhá leathanach eagsúil a bheith ann, ceann Gaeilge, ceann Béarla.
'Sé an chúis le seo ná go mbíonn rath níos fearr ar súiomhanna le teanga amháin seachas cúpla cinn. Cuirtear mearbhaill ar an leitheoir agus spás amú. Ní haon dochar corr fhocal sa teanga a bheith anseo ní ansiúd.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bríd
Posted on Wednesday, April 04, 2001 - 08:59 am:   Edit Post Print Post

go raibh maith agaibh...ó thaobh na leathanaigh do "sheanchas" agus an Béarla,táimid fós ag obair orthu,táim féin sa bhaile ,breoite fé láthair.Tá na páistí (in ainm is a bheith...!!!)ag obair orthu ar scoil,mar sin beidh an leagan Gaeilge ann sar i bhfad...le cúnamh Dé.
Slán go fóill,B

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge