Author |
Message |
Sarah
| Posted on Saturday, March 24, 2001 - 09:32 am: |
|
Conas ata? Táim ag lorg na focail ar an tamhrán "An tIolrach Mór" An bhfuil siad ar eolas ag éine???? Tosaionn se leis an line - "d'eirigh me go feargach .... maidin ... de domhnach......" .........'s cad is bri leis "Iolrach" ceapaim go multiply é........ ach ta se sin saghas ait mar teideal amhran nach bhfuil??!! AN FEIDIR LE hEINE CABHAIR A THABHAIRT DOM??? |
|
Seosamh
| Posted on Saturday, March 24, 2001 - 01:07 pm: |
|
Chan eil an t-amhrán agam, faraor, ach is dócha gurb ionann 'iolrach' agus 'iolar' sa teideal seo: An tIolar Mór. |
|
Sean
| Posted on Saturday, March 24, 2001 - 11:10 pm: |
|
Measaim go bhfuil an t-ainm "Charles" i gceist. |
|
Brien Hoye
| Posted on Wednesday, September 12, 2001 - 06:09 pm: |
|
Gheofaidh tú an t-amhrán ar CD le Dara Bán MacDhonnchadh. Tá fhois agam go bhfuil na focail in Amhráin Chlainne Gaedail Scríofaidh mé na focail ar baill. Beidh mé ag caint leat arís, Brían |
|
Brien Hoye
| Posted on Friday, September 14, 2001 - 09:21 pm: |
|
AN tIOLRACH MÓR D'éirigh mé go feargach ar maidin Dé Domhnaigh, Chuir mé orm mo bhróga is mé ag goil go Tír an Fhia, Ag goil thrí Ghleann an Duine Mairbh dhom casadh an tIorach Mór dhom, Is ba gheall le dúchán móna é go prámaí ina shuíomh. Thug mé straoill is strachaille air, amadán is óinseach, Cineál Bhríain 'ac Lóbais de phór Chathail Bhuí, Sin agus mo sheacht mallacht go bhfeara sé go deo air A thug mo choileach óg uaim a ligfeadh dhom a ghlao. "Gabh Tú chiall i gceart chugat is ná maslaigh mé ar nós sin; Dar mo mhionna is dar mo mhóide, ní thóigfinn ort aon dlí; Níor mhór liom a mbeadh de bhrabach ort i dteach na troscadh dóite, Mar is duine thú bhí fóintineach i gcónaí de fhear slí. Fill is téirigh abhaile is fiafraigh héin de Nóra Cén t-ainm a bhí ar an ógmhnaoi a bhí ag scóladh a chinn; An clúmhach a bhí ar a leasracha sa teallach acu dóite, D'itheadar i gcomhar é is dheamhan móran a bhí buíoch." Thud tú th'éitheach, a sclamhaire, ní hiad a chaithfeadh i gcomhar é Ná rud ar bith den tsórt sin, gan na comharsa bheith buíoch, Ach thusa do chroch leat é faoi do sciatháin mhóra Is ní chaithfead ráithe an fomhair go gcuire mé ort dlí. Tá roinn de leabhraí an tseanchais i dtaisce agam i gcófra; Bhí t'athair ar na rógairí ba mhó a bhí sa tír, Go bhfuighfí cearc na baintrí sa sa nid aige trathnóna, Sin is gach sórt eile a gcomhairfí ann mísc. "An fhad is mhair na Fianna agamsa ba deas na buachaill óg mé- Níor bhradail a bhínn a fhoghlaim ach i gcónaí ag cur draoicht' Ag imirt lúth is gaisce, cruacharaíocht agus comhraic, Gur fágadh mé ar an nós seo, mo chreach agus mo dhíth! Tá roinn de na húdair agamsa nachar aithris mé go fóill duit,"- Nuair a chuala sé an glórtha thit na deora uaidh síos: Gheofaidh tú amach sa seanchas gur mac don Dearg Mhór mé, Is más troid atá tú thóraíocht, seas romham is ní bheir buíoch." Gléas sé a chulaith ghaisce air, a chuid airm agus éadaigh, A chlaíomh aige ba ghéire dá mb'fhéidir leis a fháil, Mise agus mo speal agam gan salach ach mo léine Gur ionsaíomar a chéile go dianmhoch sa lá. Chífeá na tínte cneasa a bhíodh na hairm a bhaint as a chéile, Agus leathuair roimh an ngréin a ghoil faoi b'éigean dó a rá; Ba geal le dhá tharbh sinn ag foirseadh i ngleann sléibhe, Is dheamhan fios againn araon caidé an fear ab fhearr. Scríobh sé fuagra teangmhála chugam lá arna mháireach Go dtroidfeamuis gan aimhreas le fáinniú an lae, Ach na grástaí go bhfága Ó Donnghaile, dhá dá maireadh san áit seo, Bhéarfadh sé dom sásamh Nó caillfí leis é. Sé an freagra achuir mé ar ais aige nár ghlac mé ariamh critheagla Roimh éinneach dá dtáinig thar sáile go tréan: D'éirigh mé ar maidin is bhí agam talamh gearrtha Is cluinfidh sibh ar ball go raibh an barr agam féin. A chomharsana, an dtaitníonn libh a fheabhas is chruthaigh Féilim Nuair a throid sé a bheithíoch éigiallta ab éifeachtaí cáil? Chuaigh sé 'un spáirn' le fathach ba leithne ná Binn Éadain, Nó an measann sibh ar aon chor go mb'fhéidir go dtiocfainn slán? An darna dorn a tharraing mé, bhuail mé ar chnámh a ghéill é; Thit sé is dheamhan bréag nach raibh néall in mo cheann: "Scoir anois is ná maraigh mé, is molfaidh mé go héag thú; Chosain tú cliú Éireann gan buíochas go brách." Sin an méid anois, Brían |
|
|