Author |
Message |
Maggie Hoehman
| Posted on Monday, March 19, 2001 - 01:31 am: |
|
Dia Duit, I'm a new kid on the block looking forward to attending my first Gaeltacht Weekend in Pittsburgh this spring. I'd like to challenge myself by learning to say the Rosary in Gaelic. Would any kind soul take the time to print the text{s} to The Lord's Prayer, the Hail Mary and the Glory be to God... Go raibh maith agat, Maggie |
|
Kay
| Posted on Monday, March 19, 2001 - 01:28 pm: |
|
Maggie, I tried to email you but my messages were returned. so if Daltai will permit I will try to copy the prayers you requested here. Comhartha na Croise / The Sign of the Cross In Ainm an Athar, Agus an Mhic Agus an Spioraid Naoimh. Amen Cré na n-Aspal / The Apostle’s Creed Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus talún; agus in Íosa Críost, a aon Mhacsan, ár Tiarna, a ghabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh; a d'fhulaing páis faoi Phointius Píoláit, a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a adhlacadh; a chuaigh síos go hIfreann, a d'éirigh an treas lá ó mhairbh; a chuaigh suas ar neamh; atá ina shuí ar dheis Dé, An tAthair uilechumhachtach; As sin tiocfaidh sé chun Breithiúnas a thabhairt Ar bheo agus ar mhairbh. Creidim sa Spiorad Naomh, Sa Naomh-Eaglais chaitliceach, I gcomaoin na naomh; I maithiúnas na bpeacaí; In aiséirí na colainne, Agus sa bheatha shíoraí. Amen Ár nAthair / The Our Father. Ár nAthair atá ar Neamh Go naofar d'ainm Go dtaga do ríocht Go ndéantar do thoil ar an talamh Mar a ndéantar ar neamh Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, Agus maith dúinn ár bhfiacha, Mar a mhaithimidne dár bhféiciúna féin, Agus ná lig sinn i gcathú, Ach saor sinn ó olc. Amen more to come in another message. |
|
Kay
| Posted on Monday, March 19, 2001 - 01:31 pm: |
|
Sé do bheatha, a Mhuire / Hail Mary. Sé do bheatha, a Mhuire, Atá lán de ghrásta. Tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mhná. Agus is beannaithe toradh do bhroinne, ÍosaA Naomh Mhuire, a mháthair Dé, Guigh orainn, na peacaigh. Anois agus ar uair ár mbáis. Amen Glóir don Athair/ Glory be to the father. Glóir don Athair, Agus don Mhac, Agus don Spiorad Naomh; Mar a bhí ar dtús, Mar atá anois, Agus mar a bhéas go brách Le saol na saol. Amen An Salve Regina Go mbeannaítear duit, a Bhanríon, A Mháthair na trócaire, Ár mbeatha, ár mílseacht agus ár ndóchas Go mbeannaítear duit Is ort a ghlaoimid, Clann dhíbeartha Éabha. Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí, Ag caoineadh agus ag gol Sa ghleann seo na ndeor, ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide, Iompaigh orainn dó shúile atá lán de thrua, Agus tar éis na deoraíochta seo Taispeáin dúinn Íosa, Toradh beannaithe do bhroinne, A Mhaighdean Mhuire cheansa, grámhar, mhilis. |
|
Kay
| Posted on Monday, March 19, 2001 - 01:33 pm: |
|
Na Cúig Shólás / The Joyful mysteries Teachtaireacht an Aingil Cuairt Mhuire ar Naomh Éilís Breith ár dTiarna Toirbhirt an Linbh Íosa sa Teampall Íosa i measc na n-ollúna Na Cúig Dhólas / The sorrowful mysteries An tAllas Fola Sciúrsáil Íosa ar an bpiléar Corónú ár dTiarna le dealga Íosa ag iompar na Croise An Céasadh Na Cúig Bhua / The Glorious mysteries. Aiséirí ár Slánaitheora Teacht an Spioraid Naoimh anuas ar na hAspail Deastógáil na Maighdine Muire suas ar neamh Corónú na Maighdine Muire ar neamh |
|
fionnuala ()
| Posted on Tuesday, April 03, 2001 - 09:27 am: |
|
|
|
|