Author |
Message |
bocstaí
| Posted on Friday, March 16, 2001 - 12:28 pm: |
|
Glacaim comhairle Sheosaimh faoi chlar comhrá a oscailt. Má tá eolas ar bith agat faoin Ghaeilge a mhair tráth sa chondae, bheinn faoi do chomaoin ach é a fhagáil anseo. Tagraím do Ghleann Ghaibhleán, Cill Laighne, Corr Loch agus an Teampail Poirt ach go háirithe. B'fhiú labhairt le seanmhuintir an chondae atá thar sáile agus iad a fhiosrú sula a dtógann siad an t-eolas chun na huaighe leo. Mo léan!! |
|
Jonas
| Posted on Saturday, March 17, 2001 - 01:57 pm: |
|
A Bhocstaí, a chara Is eagal liom go gcaithfimíd glacadh ná fuil mórán eolais fén dteanga i gContae Chabháin. Fuair sí bás sara raibh aon stáidéar déanta. |
|
Bocstaí
| Posted on Tuesday, March 20, 2001 - 08:02 am: |
|
Jonas, Glac leatsa é mas mian leat, ach 'sé an t-eolas atá fós ar marthain ná focail Ghaeilge sa Bhéarla, cuimhní cinn seandaoine ar an teanga a labhairt. Tá eolas bunaidh mar seo fós ann ach teacht ar na daoine cearta má thuigeann tú mé. Tá cainteoir dúchais an chondae fós ar marthain, bíodh a fhios agat!! |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, March 23, 2001 - 06:41 am: |
|
Chan fhaca mé do fhocal molta thall go dtí anois, a Bhocstaí, a dhuine uasail. Más cuidiú ar bith duit é, is cuimhin liom bean óg de chuid Teampall an Phoirt breis mhaith is scór blianta ó shin ag áireamh suas is anuas le trí scór ainmneacha teaghlaigh dom. I nGaeilg a bhí a leath díobh sin. Scór go leith! Más buan mo chuimhne, bhí triúr Seán Mac Govern san áit a raibh dathanna na Gaeilge leo : Seán Rua, Seán Dubh agus Seán Buí. D'ainneoin an fhir rua thuas, bhí fear eile san áit a raibh Red John air (nó Red Seán?), ach ba bheirt éagsúla iad an Rua agus an Red! B'fhiú go mór duit duine de mhuintir na háite a cheapadh ar feadh cúpla uair an chloig agus éisteacht lena áireamh leasainmneacha ar Chlann Mhig Shamhráin. Char bhreac mé féin a dhath an t-am sin, faraor, ach tá an t-eolas céanna sin san áit i gcónaí - ag daoine nach labhraíonn an Ghaeilg! - mar tá an oiread sin den aon sloinne amháin san aon áit amháin. Ní bheadh córas an phoist san áit infheidhme, fágaim, gan chóras na leasainmneacha. Níl sé ar na bacáin agam féin ruaig a thabhairt ar an taobh sin, cé nach bhfuil sé mórán thar mí ó bhí mé ann go deireanach. Breacfad a leithéid de liosta má éiríonn liom an áit a bhaint amach arís, le cúnamh Dé. Ádh mór. |
|
Bocstaí
| Posted on Saturday, March 24, 2001 - 11:34 am: |
|
A Sheosaimh, Tá smaointí maithe nochtaithe agat. Rachaidh mé i mbun toraíochta a luaithe agus is féidir liom. Beir Bua. Bocstaí Bréifneach |
|
|