A chara,
Cé go bhfuil Daltaí na Gaeilge ag reachtáil Deireadh Seachtainí Gaeilge le 21 bliain anuas agus cé go mbíonn sceideal iomlán againn gach bliain, fós bímid i gcónaí ag lorg bealaí nua le soiscéal na teanga a scaipeadh agus lena mic léinn a shásamh.
Mar sin cuireann sé gliondar ar mo chroí a fhógairt anseo, go mbeidh deireadh seachtaine againn aríst i mbliana dona cainteoirí líofa.
Dátaí: Idir an 30ú lá de Mhárta agus an 1ú lá d'Aibreán 2001
Suíomh: Haven Beach Motel, Long Beach Island,(Ocean County) New Jersey
Chuile eolais tríd an nasc seo:
http://www.daltai.com/calendar/marta01.htm Agus gheobhfaidh tú Foirm Chláraithe anseo:
http://www.daltai.com/calendar/regmrt01.htm Tá súil againn go mbainfidh tú taithneamh agus fiúntas as an gclár, agus tá muid ag súil le do chomhluadar.
Is mise, le meas,
Ethel Brogan