Author |
Message |
Ethel Brogan
| Posted on Saturday, February 24, 2001 - 11:19 pm: |
|
A chara, Cé go bhfuil Daltaí na Gaeilge ag reachtáil Deireadh Seachtainí Gaeilge le 21 bliain anuas agus cé go mbíonn sceideal iomlán againn gach bliain, fós bímid i gcónaí ag lorg bealaí nua le soiscéal na teanga a scaipeadh agus lena mic léinn a shásamh. Mar sin cuireann sé gliondar ar mo chroí a fhógairt anseo, go mbeidhdeireadh seachtaine againn aríst i mbliana dona cainteoirí líofa. Dátaí: Idir an 30ú lá de Mhárta agus an 1ú lá d'Aibreán 2001 Suíomh: Haven Beach Motel, Long Beach Island,(Ocean County) New Jersey Chuile eolais tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/calendar/marta01.htm Agus gheobhfaidh tú Foirm Chláraithe anseo: http://www.daltai.com/calendar/regmrt01.htm Tá súil againn go mbainfidh tú taithneamh agus fiúntas as an gclár, agus tá muid ag súil le do chomhluadar. Is mise, le meas, Ethel Brogan |
|
Lara Ni Chroiligh
| Posted on Sunday, February 25, 2001 - 05:38 pm: |
|
Ethel a chara , Cad é mar atá tú ? Is mise Lára Ní Chroiligh agus tá mé í mo chonaí í nDoire í dtuaisceart na hÉireann. Deanaim gaeilge, foai lathair, don Ard leibhéal sa scoil agus rachaidh mé go dtí an Óllscoil í mí Deireadh Fomhair. Tá mé ar lorg ar phost don Samhradh, agus shil mé, b'feidir, go bhfúil post agaibh í mí Iúil mar cúntóir teanga Gaeilge. Go raibh mile maith agat, Is mise le meas, Lára Ní Chroiligh Doire. |
|
Liam Mac Giodaire
| Posted on Wednesday, February 28, 2001 - 10:26 pm: |
|
A Lára, a chara, Go raibh maith agat as do theachtaireacht. Feicim go bhfuil tú ag lorg poist mar mhúinteoir le Daltaí na Gaeilge. Cé go bhfuil go leor múinteoirí ag obair linn, is óglaigh iad uilig. Ní dóigh liom gurb é sin an saghas "poist" a bhí uait. Go n-éirí an t-ádh leat. Beir bua, Liam Mac Giodaire |
|
Kay
| Posted on Friday, March 02, 2001 - 02:36 pm: |
|
A Liam, a chara, Ní thuigim cad atá i gceist agat le hóglaigh. Sin saighdiúirí airm na hÉireann nach ea! An saorálaithe iad bhur múinteoirí-daoine nach bhfaigheann aon pá? Kay. |
|
Sean
| Posted on Wednesday, March 21, 2001 - 07:43 am: |
|
A Kay, a chara, Is é "volunteer" an focal uait. |
|
Kay
| Posted on Thursday, March 22, 2001 - 01:46 pm: |
|
Cá bhfios duitse? |
|
Deirdre Ní Chonghaile
| Posted on Wednesday, April 25, 2001 - 12:18 pm: |
|
Bail ó Dhia oraibh a chairde! Bhí mé ann i New Jersey agus bhain mé an-sult as. Bhí íonadh agus áthas orm an méid sin Gaeilge a chloisteáil - i Meiriceá! Tá sibh chomh díograsach leis an dteanga seo, is íontach an rud é. Is mór an trua dhom a rá nach bhfuil an t-árd-mheas céanna ag go leor de na dáltaí scoile sa tír seo. Tá a fhios agam go mbeadh náire orthu dá gcloisfidís an sár-chaighdeán Gaeilge atá ag na Meiriceánaigh seo! Go n-éirí libh amach anseo, Deirdre :) |
|
Hilary B.MhicShuibhne
| Posted on Wednesday, April 25, 2001 - 01:38 pm: |
|
Deirdre, a chara, conas ata tu? Bhí an D. Seachtaine sin go brea, bhaineas fein agus táim cinnte, gach aon duine a bhí ann an-taitneamh as, go mór mhór as do cheol agus do chuid gaeilge féin,.......is ceoltóir (agus aisteoir!) éirimiúil tú. le gach dea-mhéin Hilary |
|
|