mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Tír Ghaelach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Friday, February 16, 2001 - 11:59 am:   Edit Post Print Post

Cheapas gur cheart dom comhrá as Gaeilge a oscailt chomh maith, mar tá ceist (dheacair) eile agam:

An féidir tír Ghaelach a dhéanamh as Éirinn aríst?

Táim cinnte go bhfuil a fhios ag gach duine againn ná fuil Éirinn ina tír Ghaelach inniu, cé go bhfuil Gaeilge mar teanga oifigiúl aici. Dár ndóigh, is maith an rud é go bhfuil teangacha eile ag na hÉireannaigh (Béarla mar shampla), ach nach ait an rud é go bhfuil an chuid is mó den tír gan a teanga féin.

D'éirigh leis Israel teanga bheo a dhéanamh as Hebrew, cé go raibh Yiddish mar teanga ag na daoine; níl aon dabht ach gurbh fhéidir le Éirinn an rud céanna a dhéanamh dá mbeadh a daoine ullamh. Tuigim go maith go mbeidh Béarla ag na daoine i gcónaí, agus ní olc é sin; tá Béarla ag beagnach gach duine san Eoraip inniu cé go bhfuil a teanga féin aige leis. Ach is é mo mhórthuaraim gurb fhearr dá teanga ná aon teanga amhain.

Tá níos mó ná aon teanga i dtír mar Switzerland (agus in áiteanna mar Catalunya, Österbotten, Torninlaakso, Friesland, etc. etc. ar fud na hEorap) agus tá na teangacha san beo ag na daoine. Deireann timpeall 40% in Éirinn go bhfuil Gaeilge acu, agus más fíor é, ní thuigim cad 'na thaobh ná fuil siad á caint.. Is dóigh liom gur féidir teanga níos beo a dhéanamh as Gaeilge sa Galltacht más mian le daoine na n-áit é a dhéanamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Friday, February 16, 2001 - 06:42 pm:   Edit Post Print Post

Chuirfinn dea-íomhá na Gaeilge go hard ar liosta an athraithe teangan (nó language shift). Chothódh an dea-íomhá an dream lag in aon iarracht athraithe.

Measaim gur tábhachtaí thar go leor de na rudaí mórthaibhse, gnéithe an fhochomhfheasa. Is í obair Ghaillimh le Gaeilge, Ghaeltaca Chorcaí agus Phort Lairge le Gaelainn an cineál ruda atá i gceist agam.

Calóga arbhair agus soitheach bainne na chéadphroinne, push, pull, no smoking, srl. bíd go léir i mBéarla sa timpeall thart orainn. Oibríonn siad ar a mbealach ciúin cliste leis an mBéarla a chur chun tosaigh ó mhaidin go tráthnóna.

(tCím bainne an Aonaigh, Tiobraid Árainn agus bainne Dhún na nGall, Bácús Uí Bhaoill agus corrcheann fánach eile, go mbíonn blaisín Gaeilge ar an bpaicéad acu. Is mór is fiú iad.)

Is blasta an beagán i gcónaí agus dá gcuirfí i gcuimhne do mhuintir na Gaeilge buíochas a ghlacadh i nGaeilg gach aon am a scaoileann siad airgead as a bpóca, dhéanfadh sé an-leas.

'Labhair í agus mairfidh sí' a deir siad. Ní fheicim doicheall roimpi in aon áit agus an té a bhfuil sí aige is peaca dó gan a roinnt le daoine eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Ó Briain ()
Posted on Friday, February 16, 2001 - 09:23 pm:   Edit Post Print Post

Deireann a lán daoine go bhfuil an Gaeilge acu ach ní labhrann siad é. Sna bailtí móra agus na catharacha(taobh amuigh de Gaillimh) níl aon áiseanna ar fáil do Gaelgeoirí srl siopaí, títhe tabhairne agus gnóthaí eile.Measaim go bhfuil obair an eagras Comhluadar iontach bheith ag cabhrú tuismitheoirí atá ag tógáil clanne trí mhéan an Gaeilge sa Galltacht. Ach caithfaidh mé a rá go bhfuil siad scaipthe. Tá gaeltacht i mBéal Féirste anois agus bunaíodh cúpla thuismitheoirí é. Táim cinnte go n-oibreodh sé arís in áiteanna eile mar chathar na Gaillimhe, Daingean Uí Chuise nó Doire Colmcille. Tá siadsan i ngar Gaeltachtaí agusi dtús bheadh siad ina mbreacgaeltachtaí agus iad ábalta bheith ag méadú go dtí Gaeltachtaí. Ba chóir go mbeadh páipéir Laethúil againn agus ollscoil lán gaeilge freisin. Ní athróidh formhór desna hÉireannaigh go dtí Gaeilge agus tá an scéal níos difriúila ná Hebrew mar bhí fonn mór orthu é a fhoghlam. Sé mo bharúil go bhfuil coincheap faoin micreagaeltacht an-suimiúil ar fad. Ach ag deireadh an lá tá an chath caillte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam o Briain ()
Posted on Tuesday, February 20, 2001 - 09:08 pm:   Edit Post Print Post

An bhfuil aon phlean ag éinne maidir le athbheochan an Gaeilge sa Galltacht agus cothú an Gaeilge sa Ghaeltacht? B'fheidir rud cosúil leis an rural resettlement scheme sa Gaeltacht? Ba chóir don Uachtarán agus don Rialtas feachtas mór a chur i bhfeidhm chun príomhtheanga na hÉireann a dhéanamh as an Gaeilge i gceann cúig bhlian. Bheadh ar gach duine dul go dtí ranganna Gaeilge mar bheadh gach gnó trí Gaeilge.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Wednesday, February 21, 2001 - 01:25 pm:   Edit Post Print Post

Ba chóir níos mó a dhéanadh, gan dabht. Is deacair a rá cad é an rud is fearr, ach seo chugaibh mo thuaraim féin:

Ba cheart seans a thabhairt do daoine a gcuid Gaelainne a úsáid. I nGaillimh, m.sh., deirtear amuigh cúpla siopa agus pub go bhfuil siad ag caint Gaelainne istigh. Is iontach an rud é; níl aon chostas don siopa ach beidh a fhios ag gach duine le Gaelainn gur féidir leis í a labhairt ann. (Rud eile, tá scrúdaithe ag 'spáint gur maith le daoine na háite é seo. Más maith le daoine margaíocht an siopa, bhuel, beidh siad ag déanamh a siopadóireacht ann = gnó maith is ea é Gaelainn a úsáid). Táim féin i nGaillimh gach samhradh, agus bainim úsáid as na siopaí agus pubanna so i gcónaí; tá neart daoine ann ag déanamh an rud céanna.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge