mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2001 (January-June) » You have to read this-an thabhachtach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán de Burca (niton.accsoft.com.au - 203.60.1.2)
Posted on Monday, January 29, 2001 - 12:31 am:   Edit Post Print Post

Dear everybody,

We're at a critical junture regarding the irish language. Iarraim ar gach duine anseo le grá mór don theanga micreagaeltachtaí a bhunú. Look, it's all very well to be giving your views on the current state of the language but do something substantial for the sake of our wonderful language. I propose 5-6 houses (or more if could be afforded) that are next to each other being bought and Irish speakers living in them. This could be done in the US Ireland or anywhere else. In Ireland Conradh na Gaeilge could do this in Nenagh, Listowel, Derry or some other town that is making a genuine effort in promoting the language. In terms of the US then Wisconsin,Washington or Queens street area(where Irish can be heard daily) in NYC could be targetted by DALTAI or some other organisation. I know there will be the usual criticism / cynicism but what is a better suggestion. When it comes down to it not many of you will put your money where your mouth is and do an innovative thing such as this that's why I said for an organisation to do it.Before you say what will I do for my Language I will live in a Gaeltacht in Kerry so there you go.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Máire Ní Ógáin (194.133.7.60)
Posted on Monday, January 29, 2001 - 10:47 am:   Edit Post Print Post

A Sheáin,

An dóigh a bhfuil an margadh tithíochta in Éirinn faoi láthair, bheadh ní ba mhó ná IR£120,000 ag teastáil le haon cheann de na tithe sin a cheannach. Stopfadh an oiread sin airgid ní ba mhó ná gob aon Ghaeilgeora.

Níl an cineál sin airgid ag an chuid is mó againn. Níl an cineál sin airgid ag aon eagras Gaeilge. Ní chaithfeadh an Rialtas an cineál sin airgid ar Ghaeilgeoirí meánaicmeacha (agus bheidís den mheánaicme, bíodh a fhios agat) nuair a bhíonn na céadta ag codladh faoin aer gach aon oíche.

Rinneadh iarracht a leithéid de mhicreaGhaeltacht a bhunú cupla bliain ó shin áit ínteacht fá Bhaile Átha Cliath, ach cha raibh an oiread sin spéise ann. B'fhéidir nach raibh an áit áisiúil do mhórán daoine... tá níos mó i gceist ná putting your money where your mouth is. D'fhéadfainn féin aistriú go Ciarraí ar son na Gaeilge, ar son an chéad ghlúin eile srl., ach a Thiarna Dia, rachfainn as mo mheabhair ann. Is cuid dem' shaol an Ghaeilge, ní mo shaol uilig. Ní roghnóinn áit cónaithe de thairbhe na Gaeilge amháin - ní ag an critical juncture seo de mo shaol cibé.

Tuairim aon duine eile? Tugaim faoi deara nach bhfuil cónaí sa bhaile ar chuid mhaith de na contributors is minice scríobh agus is mó mo spéis ina dtuairimí ar an chlár plé seo. Lads?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus (vpn.parthus.com - 62.221.5.1)
Posted on Monday, January 29, 2001 - 11:29 am:   Edit Post Print Post

Aontaim le Máire.
Bhí conaí orm sa Ghearmáin go dtí bliain ó shin. Tá conaí orm i mBrí Chualann anois. Ní dóigh liom go mbeinn sásta conaí sa Ghaeltacht, toisc gur duine cathrach mé. Is maith liom an tuairim faoi micrea ghaeltacht, ach ní dóigh liom go noibródh sé mar déantar iarracht é eagrú mar atá Seán ag moladh. Ní leor suim sa Ghaeilge chun comhluadar a bhunú, bheidh rudaí eile i gceist freisin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam OBriain (202.143.71.42)
Posted on Friday, February 02, 2001 - 10:44 pm:   Edit Post Print Post

Táimse éadóchasach ag an am seo mar beidh an Gaeilge marbh i gceann daichead bhlian gan amhras. Táimse ag chur an milléain ar na hÉireannaigh leis an inferiority complex atá acu i gcoinne a theanga. Is iad an Bhreatain Bheag , Alban agus Éireann na tíre atá theangacha chaillte acu. Tá Sé chomh simplí mar seo- má tá tú as Eireann labhair an Gaeilge.Iarraim ar gach duine iarrachtaí mór a dhéanamh.
An lá a mbeidh an Gaeilge marbh beidh mé marbh freisin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

BRIAIN TOLAND (citrix2.cuyahoga.lib.oh.us - 206.187.150.20)
Posted on Saturday, February 03, 2001 - 02:00 pm:   Edit Post Print Post

JUST WONDERING IF LIAM OBrien is one who worked at Johns island fla. with one briain toland if so i have 6 yr. old sonnamed after you.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus (vpn.parthus.com - 62.221.5.1)
Posted on Monday, February 05, 2001 - 03:28 am:   Edit Post Print Post

A Liam a chroí,
mairfidh an gaeilge i bhfad i do dhiaidh.
Ní gá bheith i do chonaí i gcomhluadar mí nadúrtha chun an teanga a shabhaíl. Cén baint a bheadh ag jeacín cathrach mar mé féin, abair, le saol Chonamara? Ach tuig liom éisteacht le RnaG (agus deanaim), labhairt le haon duine atá toilteanach Gaeilge a labhairt liom go hoscailte - cuirfidh sé ionadh ort cé mhéid daoine a labhairfaidh Gaeilge leat nuair a chloiseann siad tú á labhairt le do leanaí (tá beirt mhac agam), na nuachtán agus irisí a cheannach (agus a leamh) agus mar sin de.

Tá nath sa Ghearmáinís - "Totgesagte leben laenger" - is fada buan iad siúd a deirtear go bhfuilid marbh. Is amhlaidh don Ghaeilge, atá deirtear, ar leaba an bháis le 100 bliain.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh (1cust162.tnt9.nyc3.da.uu.net - 63.23.128.162)
Posted on Monday, February 05, 2001 - 01:57 pm:   Edit Post Print Post

Mar a deirtear sa Ghiúdais: Tá an Ghiúdais ag fáil bháis le dhá chéad bliain. Go bhfaighe sí bás go cionn dhá chéad bliain eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Ó Briain (ryd-pr2.tpgi.com.au - 203.29.129.29)
Posted on Tuesday, February 06, 2001 - 02:34 am:   Edit Post Print Post

I mo thuairimse tá an Gaeilge ag meadú sa Ghalltacht agus ag ísliú sa Ghaeltacht. Ceart go leor tá a lán Gaeilscoileanna ann anois ach cad a dheánann sé seo don Ghaeilge? Ní bheidh an Gaeilge á labhairt ag na scoiláirí seo tar éis an scoil agus iad ina dhaoine fásta. NíOS tabhachtaí ná sin ní bheidh siad ag tógáil leanaí trí mhéan na Gaeilge, gan amhras.

Maidir le Rath Cairn, An Rinn'gus Cúil Aodha tá siad go léir ro-bheag chun mhaireachtáil mar Gaeltachtaí. Tá Daingean Uí Chuise, Ceann Trá 'gus Dún Chaoin beagnach chaillte anois mar gheall ar na turasóirí. Is oth liom a rá go mbeidh Conamara scriosta le plean forbatha an Chontae chun títhe a chur ar an gCeathrú Rua.

Tá neamhspléachas againn anois ach cad's é pointe faoi sin gan teanga agus cultúr difriúila.Ceapann gach duine go bhfuil mé ag iarraidh oraibh bheith id'chónaí i nGaeltacht ach níl sé sin i gcéist. Níl aon plean forbaithe náisiúta don Ghaeilge ag an Rialtas mar níl suim dá laghad acu inti. Bhuaigh na Sasanaigh an cogaidh ag deireadh an lae. Éire Gaelach Éire Saor adeir an Phiarsaigh ag Aiséirí 1916.Tá an fhearg ormsa go bhfuil na hÉireannaigh ag tréigean a chuid chultúir ach glacaim é anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas (stud162.shh.fi - 128.214.106.162)
Posted on Tuesday, February 06, 2001 - 10:16 am:   Edit Post Print Post

Is spéisiúl an cómhra so. Im thuaraimse féin, tá Béarla ag fás i ngach áit anois, agus tá na teangacha eile ag marú, cé ná tuigeann a gcainteóirí é fós. Im tír féin, m.sh. , tá Béarla i ngach marchnadh, i ngach tigh ósta, i ngach bialann, ag na daoine gnótha; tuigeann sibh an scéal.

Agus, rud eile, tá an tír seo (An Fhionlainn / Finland) níos LÚ Béarlach ná ár gcomharsan (Sweden, Norway). Chuala gur mhaith le daoine na póilitíochta sa Ghearmáin teanga oifigíúil a dhéanamh as Béarla. Inniu, is féidir leat do shaol a chaith gan focal Fionlainnise sa Fhionlainn, gan focal Sualainnise sa Sualainn, gan focal Gearmánaise sa Ghearmáin... agus gan focal Gaeilge i nÉirinn. Ach mura bhfuil Béarla agat, ní bheir id fhear saibhir; feirmeóir dob ea tú gan Béarla i ngach tír isteach AE (seachas Frainc agus Spáin). Ní maith an rud é, agus ní maith liom é in aon chor, ach níl leaghas againn air, an bhfuil?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

LiamO Briain (202.143.71.39)
Posted on Wednesday, February 07, 2001 - 01:19 am:   Edit Post Print Post

A Jonas,
Bhí suirbhé ag tg4 maidir le thuairimí daoine ó Ghaeltacht Conamara ar staid na GAEILGE sa Lá atá inniú. Cheap 73 as chéad go mairfeadh an Gaeilge caoga bhlian agus cheap 27 as chéad nach mairfeadh sé ach 30-50 bhlian.Níl a fhios ag éinne go bhfuil ach 20,000 cainteoirí ann anois ,an Gaeilge ar a chosa deireanach agus mé féin an duine amháin ag labhairt amach chun ár theanga a shabháil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus (vpn.parthus.com - 62.221.5.1)
Posted on Wednesday, February 07, 2001 - 03:56 am:   Edit Post Print Post

Liam, Liam, Liam
tá tú ró dhuairc ar fad. Agus is iomaí duine atá ag _déanamh_ rudaí chun an teanga a shabháil. Táimse mar shampla i mo bhall de Chomhluadar, grupa a thugann tuismitheoirí atá ag tógail clann le Gaeilge nó go dá theangach le chéile. Feach http://homepage.eircom.net/~comhluadar/

Tá TG4 ann, tá dhá nuachtán seachtainiúl ann, agus mar sin de.

Maidir leis an méid a duirt Jonas, braithim gur buntáiste ollmhór ó thaobh gnó atá ag críocha Lochlainn toisc an phobail a bheith iolteangach - braithim gurbh í sin cuid mór den run a bhaineann le, abair, chomh maith agus d'eirigh le Nokia - go raibh foireann acu a spreag an iolteangachas a gcuid samhlaíocht. Cinnte, labharfair Béarla mar teanga oibre, ach mairfidh na teangacha eile taobh leithí mar teangacha cultúir. Agus beidh buntáiste acu siúd ag a bhfuil níos mó na teanga amháin ar a dtoil acu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh (1cust66.tnt12.nyc3.da.uu.net - 63.23.136.66)
Posted on Wednesday, February 07, 2001 - 03:16 pm:   Edit Post Print Post

Ní ilteangachas atá i réim insna críocha sin, faraoir, ach dátheangachas, 's é sin, Béarla agus an teanga "áitiúil". De réir mar a thugtar Béarla isteach, méadaíonn an brú le níos mó fós de a thabhairt isteach. Sin an fáth gur féidir le duine maireachtáil sa Danmhairg agus araile gan aon teanga agat ach Béarla, mar a luaigh Jonas.

Tuigim gur thig cuma ró-shimplí a chur ar an scéal. Tá an Béarla láidir sa Lochlainn le fada. Bhí m'athair sa Danmhairg ag deireadh an Dara Chogaidh Dhomhanda mar shaighdiúir. Chaith sé an oiread sin ama i dteach ósta áirid gur thoisigh sé ag freagairt an ghutháin. D'iompaigh an gnáthdhuine go Béarla gan stró.

Déanann daoine éagsúla a chónaíos sa Lochlainn agus san Fhionlainn -- ó Mheiriceánaigh go Curdaigh -- gearán faoi ghné cultúrtha, go mbíonn sé deacair comhrá a bhaint as daoine i dteanga ar bith agus, mar sin, bíonn sé deacair fíorlíofacht a bhaint amach. Ar ndóigh, is leasc fosta le daoine a bhfuil Béarla líofa acu a dteanga féin a labhairt le foghlaimeoirí.

Le bheith níos cruinne, ní an Béarla ann féin an fhadhb ach caighdeánú. Tá canúintí agus fochanúintí an Bhéarla féin ag dul i léig gan trácht ar c. na dteangacha Lochlannacha agus tá na scórtha teangacha i mbaol a mbás ag teangacha náisiúnta -- an Sami ag an Ioruais, an tSualainnis, an Fhionlainnis agus an Rúisis, gan ach sampla amháin ar domhain a thabhairt.

Ach tuigeann Jonas fadhb mhór nach dtuigeann mórán daoine.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh (1cust66.tnt12.nyc3.da.uu.net - 63.23.136.66)
Posted on Wednesday, February 07, 2001 - 03:28 pm:   Edit Post Print Post

Má's daoine nach labhraíonn mórán Béarla ina saol laethúil atá i gceist, tá '20,000' féin ró-mhór mar uimhir. Ach in áit eile ar an ghréasán, thaispeáin duine (tá's ag lucht an liosta Gaeile-A cé atá i gceist) go bhfuil os cionn 30,000 á labhairt cuid mhaith den lá sa Ghaeltacht. Má chuirtear lucht na Gaeltachta a d'imigh le lucht na nGaelscoileanna, teaghlaigh le Gaeilge agus lucht na Gaeilge sa Ghalltacht san áireamh, tá 80,000 i gceist. Sin figiúr coimeádach. Tá a lán daoine ann a bhfuil meath nó meirg ar a gcuid Gaeilge agus a bhaineann úsáid aisti uaireanta, go hannamh nó nuair is gá dóibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Ó Briain (ryd-pr2.tpgi.com.au - 203.29.129.29)
Posted on Thursday, February 08, 2001 - 09:50 pm:   Edit Post Print Post

Aonghus,

Bhíos ag smaoineamh cé mhéad teaghlaigh áta ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghalltacht mar tá suim agamsa inti.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus (vpn.parthus.com - 62.221.5.1)
Posted on Friday, February 09, 2001 - 03:24 am:   Edit Post Print Post

Níl figuírí agam. Má chuireann tú ceist ar Mhairéid (comhluadar@eircom.net) beidh sí in ann rá leat cé mhéid ball atá ann.

Is le gearmainís agus gaeilge atá muid ag togáil ar gclann. Agus is i mBerlin a bhí muid go dtí leath bhliain ó shin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Colm Ó Dúill (194.165.169.197)
Posted on Saturday, February 10, 2001 - 04:33 pm:   Edit Post Print Post

I'd just like to pointe out that the notion of Gaeltachts is a total waste of time. If you look at the current trend you would see that gaeltachts are decreasing in size as far as an teanga Ghaeilge is concerned. The rets is only a tourism money spinner. Ireland is slowly becoming less of a gaeltacht/galltacht country and more a multilingural country(being that the language is begining to spread east). The attitude before leis an mhuintir na hÉireann was to let the gaeltacht people speak the Irish. This attitude can be seen begining to change by the opening of Irish cafés in ÁC and the setting up of Foras na Gaeilge. What i would like to see in the future is a multilingural state with both languages side by side, for it would be a terrible shame to speak one langauge at the expense of another.
Colm.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas (cache-external.it.helsinki.fi - 128.214.173.89)
Posted on Sunday, February 11, 2001 - 09:20 am:   Edit Post Print Post

Colm,

you write that the Gaeltachts are "decreasing in size as far as an teanga Ghaeilge is concerned". I don't think this is the case; the actual (fíor)-ghaeltachts have remained much the same since for the last 60-70 years at least. There are places within the official Gaeltachts that are English-speaking, but none of them have been Irish speaking for a good while.

Your point, however, is quite right. There could be a multilingual state with Irish and English side by side.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge