mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Gaeilge Shligigh « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Saturday, January 20, 2001 - 03:10 pm:   Edit Post Print Post

Ní fhaca an tagairt thuas do Ghaeilg Shligigh go dtí aréir, tharla gur faoin gCabhán a thit sí ar an liosta.

Áiríodh 79,045 duine i gCo. Shligigh 90 bliain ó shin. (1911) Ba chainteoirí Gaeilge 15,927 díobh sin a áiríodh. Áiríodh 24 duine i measc chainteoirí na Gaeilge a bheith d'uireasa an Bhéarla.

Cailleadh triúr deiridh an tsráidbhaile Eachrois/Aughris sa mbliain 1947, de réir mo thuigse. Measaim go ndearna roinnt daoine IARchainteoirí dúchais Gaeilge díobh féin san am a bhfuilimid ag trácht air, nuair a bhraitheadar gach urraim fós ag dul leis an mBéarla. Chonaic mé dhá chás den chineál céanna le deich mbliana anuas. Ní maith le roinnt mhaith daoine a bheith ró-eisceachtúil. Is fearr leo cloí le dearcadh an mhóraimh. Is é mo mheas nach leochaileacht go hiompar teangan.

Dúradh liom gur chaill Joe Neilan, cainteoir dúchais as Inis Muirí, a chuid Gaeilge. Fear a rugadh agus a tógadh ar an oileán a dúirt liom é. Níor bhréagnaíos é ag an am.
Chaith Joe agus a mhuintir leath deiridh a shaoil ar imeall thiar baile mór Shligigh, gar d'ionad ghaelscoil na linne seo, G.scoil Chnoc na Ré. Fuair Joe bás tuairim na bliana 1972, más beacht mo bharúil. Tá paidir dá rá aige ar fhadcheirnín de chuid RTÉ a eisíodh sna 70 óidí. Thug sé agallamh gairid Béarla do leabhrán a d'fhoilsigh RTÉ an t-am céanna,'Watch Your Language'. Is agallamh fiúntach sochtheangeolaíochta é agus tá a ghraf gréine leis an alt. Ba é Liam Ó Murchú an t-eagarthóir. Tá a fhios agam féin go rímhaith go mbíodh a gharmhac, Pat Neilan, ag caint Gaeilge le Joe go dtí lá a bháis. Níor chas mé le Joe. Ina chás siúd, ba le stainc a cuireadh Joe in éadan Gaeilge a choinneáil le 'huaisle' na Gaeilge. Labhraídís Gaeilge le leithéid Joe mar ábhar spéise, ach labhraídís Béarla back in the real world. Measaim go raibh olc go leor air, cionn is go rabhthar ag scaoileadh na Gaeilge chun báis. Is dóigh liom ar an méid a d'inis Pat Neilan dom, nach labhraíodh Joe Neilan ach leis an té a raibh a chroí san áit cheart.

Áit ar reachtáladh coláiste Gaeilge do mhúinteoirí Gaeilge tuairim na bliana 1922, Strandhill/An Leathros, Coláiste Molaise, bhásaigh cainteoir deiridh leath thiar an pharáiste, Michael Bree, sa mbliain 1928. Tá sé curtha thíos ag Cill Easpaig Brón in aice an aerphoirt.
Mhair an Ghaeilg (= cainteoir fánach thall is abhus) i leath eile Chúil Iorra/na leithinse agus gar go maith don mbaile mór go dtí na daichidí. Eachros agus Machaire Eabha mar a gcéanna. Ba é Machaire Eabha an áit deiridh a raibh sí mar theanga phobail. Chuala m'athair an Ghaeilg Tigh Ellen sna luathfhichidí mar ghnáthurlabhra. Bhí sí dá labhairt ag Ellen féin, bean an tí.

Chuir an tAthair Domhnall Mac an Ghallóglaigh eagar ar chuid de thráchtas M. A. Stiofáin Uí Cheilleachair in iris Chumainn Seanchais Bhréifne. Tá beirt as an nGráinsí, bean amháin as Cill Fhir Taidhg, Co. Shligigh ann, chomh maith le triúr as oirthear Mhaigh Eo. Tugadh caint ó fhear amháin as Gorvesk an Chabháin ann agus naonúr as Co. Liatroma féin. Is iad 1967 agus 1968 an dá imleabhar de BREIFNE atá i gceist.
'Caid é más tá tú?' agus 'Cé más tá tú?' a bhí le clos sa gcompall sin tíre. (An 'más' seo, is é a bhíos le clos i ndeisceart agus i lár Thír Chonaill go sea.) 'Tá mé go hiomchuí' a chluinteá mar fhreagra in amannaí. Ba ghnách leo focal ar nós 'bladh' sa gcaint. Ba ghnách leo freisin urú i n-éis 'don' agus 'den' mar atá ag Ciarraí.

Dála chasadh an rotha thuas faoin nGaelscoil a bheith ar ghort an bhaile ag Joe Neilan i mBaile Dubhagáin/Ballydoogan, dúirt fear de mhuintir na Coradh, Co. Shligigh, le Heinrich Wagner, gurbh é a theach siúd féin 'an teach ba ghoire don station'. Is le mac dearthár an fhile, Máirtín Ó Direáin, teach an lae inniu. Tógadh le Gaeilge i mBéal Lathaigh, Co. Shligigh, é. Bhog roinnt cainteoirí dúchais Gaeilge mar sin, isteach go Sligeach na Séad i rith na mblianta agus thógadar clann le Gaeilge, d'ainneoin na gconstaic. Is mór againn iad. Is faoi chré Shligigh a chodlaíonn cuid acu go síoraí suaimhneach agus corrleacht Ghaeilge os a gcionn thall is abhus. Táid fós ag teacht, an líon beag díobh a mbeifeá ag súil leis, agus ní drochmheas atá acu ar an teanga. Cuimhním orthu sin a reachtálann naíonraí, go háirithe agus a ghlacann páirt in imeachtaí sóisialta eile.

An té gur spéis leis blaisín de Ghaeilge an taoibh tíre sin a fheiceáilt, gabhadh sé ag cuartú faoi :
'Oidhreacht na Gaeilge'
ar an idirlíon. Brúigh ar :
'theme sites'
Nuair a nochtfas leathanach na hInstitiúide Teicneolaíochta (Sligeach), tcífidh tú 'Oidhreacht Gaeilge Shligigh' romhat le brú. Tá grafanna gréine agus roinnt mhaith téacsanna ann. Níl roinn 4 réitithe i gceart go fóill, ach go díreach na fódaí bainte chuici.


-- Is é an seanchas gearr an seanchas is fearr. Tá mé i bhfad scéil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bocstaí
Posted on Wednesday, March 21, 2001 - 05:46 pm:   Edit Post Print Post

Bocstaí anseo,
A Sheosaimh, bail ó Dhia ar an obair agus ar do chuid eolais. Sruth gan eadra atá ionat.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge